An bhfuil John Kiely agus Dessie Farrell ag cailleadh codladh na hoíche?

Tá údar machnaimh ag go leor bainisteoirí agus leath na himeartha déanta sna sraitheanna peile agus iomána

An bhfuil John Kiely agus Dessie Farrell ag cailleadh codladh na hoíche?

Tá os cionn leath na himeartha déanta i Sraith Náisiúnta Peile Allianz – Áth Cliath ar bhun Roinn 1 agus gan an bua faighte acu i gceann amháin féin de na ceithre chluiche atá imeartha acu. Cluiche amháin faoina bhun sin atá imeartha ag Luimneach sa tSraith Iomána – iadsan iad féin folamh ó thaobh pointí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gClár ar Pháirc an Chíosógaigh níos deireanaí inniu.

An bhfágann sin John Kiely agus Dessie Farrell ag cailleadh codladh na hoíche? Is ar éigean é fós. Gheobhadh siad sólás éicint as bua nó dhó, ach is maith a thuigeann an bheirt acu agus chuile dhuine eile nach bhfeicfear cén claochlú cumais atá tagtha ar a gcuid foirne, más ann dó beag ná mór, go dtiocfaidh cluiche ceathrú ceannais peile Laighean ar an lá deireanach den mhí seo chugainn agus an chéad bhabhta de Chraobh Iomána na Mumhan idir Luimneach agus Tiobraid Árann an faoi cheann 9 seachtaine dár gcionn.

Is ag Dessie is mó atá údar imní i láthair na huaire.

Ní fada ó bhíothas ag caint ar an bhflúirse peileadóirí óga a bhí ag Áth Cliath agus iad greamaithe den bhinse – sáinnithe ansin ag ardscileanna an chúigear déag a théadh chun páirce. 

Anois agus Paul Mannion, Jack McCaffrey, Michael Darragh Macauley, Philly McMahon agus Kevin McMenamin éirithe as, tá seans faighte ag cuid de na hionadaithe sin áit bhuan a bhain amach.

Ón méid atá feicthe ag an mbainisteoir uathu go dtí seo, ní féidir ach go bhfuil díomá air. 

Tá na cluichí sraithe ar fad atá imeartha ag Áth Cliath go dtí seo i mbliana feicthe agam agus an rud ba mhó a ritheann liom nach bhfuil dé ná deatach ar aon imreoir a líonfadh a mbróga siúd atá imithe.

Ar imirt a gcuid tosaithe is mó atá sin le tabhairt faoi deara. 

Le deich mbliana anuas ba í an tréith ba mhó a bhí le tabhairt faoi deara faoi imirt Átha Cliath ná chomh barainneach agus a bhíodar leis an liathróid. Ar chuma an chait leis an luch, thugaidís cead súgartha dá gcéilí comhraic nó go gcuirfeadh siad den saol iad d’aon iarraidh mharfach amháin, nó péire, nuair a bhíodh a gcuid fuinnimh siúd caite.

Tá deireadh leis sin anois – tosaithe Farrell ag brath níos mó ná riamh ar Chiarán Kilkenny le teacht i gcabhair orthu, ag brath go hiomlán, d’fhéadfá a rá. Aon chúl amháin atá scóráilte acu i gceithre chluiche. Seachas Kilkenny agus ciceanna saora Dean Rock tá siad gan éifeacht, a leathlíne tosaithe ag tabhairt faoi iarrachtaí scórála ón taobhlíne rud nach ndearna siad siúd a chuaigh rompu riamh ina saol.

Chomh fada agus a bhaineann sé le hiománaithe Luimnigh, tá teoiric sa timpeall go bhfuil baint ag an bhfaire níos géire atá ag réiteoirí ar an bhfisiciúlacht leosan a bheith tite ar gcúl. Ní baileach go gcreidim go bhfuil mórán de bhaint aige sin lena gcliseadh in aghaidh Loch Garman, na Gaillimhe agus Chorcaí in imeacht trí seachtaine. 

Cinnte níl an gearradh fúthu a chonaic muid sa gcraobhchomórtas anuraidh agus is fíor go bhfuileadar ag cur seansanna amú nach ndéanfadh de ghnáth – an sliotar ar fóraoil acu 10 n-uaire sa gcéad leath leis féin in aghaidh Loch Garman.

An t-am seo anuraidh ba aon chluiche amháin a bhí buaite acu. Tuirse agus claonadh na maidí a scaoileadh le sruth an namhad is mó atá ag foirne a bhíonn ag iarraidh comórtais a bhuachan as a chéile. Saineolaí ab ea Brian Cody maidir le seachaint a dhéanamh air sin agus bheadh iontas orm mura bhfuil cárta cúil éicint ina ghlaic ag John Kiely freisin.

De na bainisteoirí iomána ar fad a bhfuil súil acu ar Chorn Mhic Cárthaigh, tharlódh gur ag Henry Shefflin is mó atá údar a bheith ag ithe na n-ingne. Bhí mé i bPáirc an Phiarsaigh Dé Domhnaigh seo caite áit a raibh an chuma ar Loch Garman go raibh siad cuid mhaith níos fearr ná Gaillimh – cuir leis sin go raibh Lee Chin, Conor McDonald agus Liam Ryan in easnamh ar na buaiteoirí.

Bhíodar i bhfad níos breabhsánta agus níos cliste ná Gaillimh, nach raibh an bhís chéanna iontu ar chor ar bith agus a bhí sa dara leath in aghaidh Luimnigh. B’fhéidir go mba é boige na páirce ba chúis leis, ach níor chosúil foireann Shefflin a bheith chomh paiteanta ag smachtú na liathróide agus a bhídís agus ba mhinic sáraithe san aer iad.

Is breá le Loch Garman an sliotar a sheoladh ó dhuine go duine, stíl a d’oibrigh níos fearr don lá a bhí ann. Thiocfadh freisin gur ar chúrsaí aclaíochta seachas ar chúrsaí scile atá Gaillimh ag díriú ag an tráth seo den bhliain.

Ba iad muintir Loch Garman ba mhó a bhí i mo thimpeall Dé Domhnaigh seo caite. Bhí iontas orthusan freisin faoi mheatacht na Gaillimhe agus chuir duine acu tuairisc an raibh mórán de na himreoirí a bhuaigh na 5 Chraobh Mionúr don chontae idir 2015 agus 2020 le feiceáil amach roimhe.

An freagra go raibh bonn sinsearach na hÉireann, bonn faoi 21 nó ar a laghad bonn amháin mionúir ag chuile dhuine a chuaigh chun páirce agus ag an gcúigear ionadaithe a chuir Shefflin isteach.

Beidh muid níos eolaí nuair a imreos siad a chéile arís i Loch Garman i gCraobh Laighean faoi cheann cúpla seachtain.

Fág freagra ar 'An bhfuil John Kiely agus Dessie Farrell ag cailleadh codladh na hoíche?'