An bhfuil gearrcaigh na Gaillimhe inniúil chun eitilte?

Ní bheidh seans níos fearr go ceann tamaill mhaith ag an nGaillimh dhá phointe sraithe a bhreith leo amach as Trá Lí

An bhfuil gearrcaigh na Gaillimhe inniúil chun eitilte?

Is deacair a shamhlú go bhfuil na deich mbliana, geall leis, ó bhraitheas go deireanach go bhféadfadh an Ghaillimh buachtaint ar Chiarraí i gcluiche sinsir caide.

B’in é an tráthnóna fliuch fómhair i bPáirc a’ Chrócaigh nuair a thug Michael Meehan éachtaint dúinn ar an gcumas a bhí ann ná facthas ach go hannamh de bharr a ghortuithe. Ag déanamh isteach ar dheireadh na himeartha agus an cluiche idir dhá cheann na meá, bhí an t-amhras fós ann go bhféadfadh an Ghaillimh an fear maith d’fháil ar Chiarraí ach ní raibh sé i ndán dóibh.

Sea, is deacair a shamhlú go bhfuil na deich mbliana gafa tharainn chomh tapaidh ach ní raibh aon lá ó shin go rabhas ag breith chugham féin mar Chiarraíoch nuair a chonac foirne ón nGaillimh ag gabháil chughainn agus flosc chun imeartha orthu.

Ní dóigh liom, agus aimsir fhuar an earraigh dulta sna cnámha ionainn, go bhfuil aon Chiarraíoch ag breith chuige féin ach an oiread an deireadh seachtaine seo. Mar sin féin, nuair a chasfaidh Ciarraí agus an Ghaillimh ar a chéile i bPáirc Aibhistín de Staic i mbabhta 4 na sraithe náisiúnta amárach, braithim go bhfuil seans ann go bhféadfadh an Ghaillimh an lá a thabhairt leo.

Bhí na comharthaí sóirt anuraidh ann nuair a bhuaigh an Ghaillimh ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais fé bhliain is fiche na hÉireann. Níor taibhsíodh dom an lá úd go bhféadfaí buachtaint ar Chiarraí. Bhí plúr na n-imreoirí  ó thrí cinn d’fhoirne buacacha mionúir curtha chun páirce ag Ciarraí agus bhí buaite go neafaiseach acu ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na Mumhan agus iad meáite ar an gcraobh dheireanach i ngrád F21 a bhreith leo. Ag féachaint siar anois air, is furaist aithint canathaobh gur bhuaigh an Ghaillimh ach b’fhéidir gurb é an rud is suntasaí faoina mbua ná go bhfuil roinnt des na himreoirí sin tugtha chun cinn go leibhéal na sinsear acu agus a gcumas á nochtadh go paiteanta cheana féin acu.

Tá Seán Aindí Ó Ceallaigh, Seán Kelly agus Peter Cooke neadaithe isteach go deas leis an bhfoireann agus, cé go bhfuil Michael Daly fós ar lár, is gearr go mbeidh a thuilleadh gearrcach inniúil chun eitilte. Tharla roinnt rudaí eile i gcaitheamh an gheimhridh, áfach, a chinntigh go mbeadh an Ghaillimh cruaite ina n-aigne agus ina gcoirp d’fheachtas seo an earraigh.

Tar éis dian-iniúchadh a dhéanamh ar a chur chuige is ar a choinsias, thug Kevin Walsh fé bhliain eile mar bhainisteoir. Nuair a d’fhill sé, bhí Paddy Tally tagtha isteach ina theannta mar oiliúnóir. Más aon slat tomhais na briathra molta a chloisfeá i bhfad agus i gcóngar faoin bhfear céanna, tá fear maith fachta acu. Deineadh captaen de Damien Comer agus bhláthaigh sé agus thar aon ní eile, tá imreoirí ar nós Shane Walsh, Johnny Heaney agus Eamonn Brannigan bliain níos sine agus bliain níos aibí.

De bharr cúrsaí oibre, bhíos i láthair i Loch Sheoirse um an dtaca seo anuraidh nuair a bhí an Ghaillimh ag tiargáil don bhfeachtas sraithe a thug ó Roinn 2 go Roinn 1 ar deireadh thiar thall iad. Bhíos an-thógtha leis an gcur chuige a bhí acu ina seisiúin thraenála agus, dála scata eile, cheapas go mbeadh leithéidí Walsh, Heaney agus Brannigan ullamh do ghearradh agus géire na craoibhe. Bhí dul amú orm. Bhíodar pollta ag Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht agus nuair a tháinig Ciarraí ina dtreo i ndeireadh an tsamhraidh, crapadh agus feo a bhí i ndán dos na himreoirí a bhí tar éis bláthú go niamhrach roimis sin.

Ainneoin a bhfuil d’amhras ar chuid mhaith saineolaithe agus lucht leanúna na peile sa Ghaillimh, is dóigh liom go dtiocfaidh tráth leithéidí Walsh, Heaney agus Brannigan fós. Is dóigh liom chomh maith gur anabaíocht seachas aon ní eile a choimeád siar go dtí seo iad. Fiche bliain ó shin, tháinig imreoirí ar nós Joyce, Donnellan, Savage, Clancy agus Meehan de phreib agus bhuaigh an Ghaillimh craobh na hÉireann. Toisc go rabhdar chomh hóg sin, deineadh an-chuid cainte fúthu. Deineadh dearmad glan, áfach, gurbh iad na sean-shaighdiúirí ar nós bhainisteoir an lae inniu, Kevin Walsh, in éineacht le leithéidí Thomáis Mannion, Seán Óg de Paor agus Ja Fallon a leag na máithreacha chun go bhféadfadh na himreoirí óga a gcúram a dhéanamh.

Is bliain chinniúnach í seo don mbuíon imreoirí atá ag an nGaillimh fé láthair. Tá meascán deas den dtaithí agus den óige acu. D’fhanadar bliain nó dhó rófhada i Roinn 2 agus táid thar a bheith ullamh anois don sórt peile is gá a imirt chun fanacht i Roinn 1 agus chun tabhairt fén gcraobh le misneach.

D’fhágadar a rian ar an imirt coicís ó shin in aghaidh Mhaigh Eo agus dála a gcluichí le Tír Eoghain agus Dún na nGall roimis sin, níor chúlaíodar ós na cathanna beaga a bhí le troid.

Tá tamall ann ó bhraitheas go bhféadfadh an Ghaillimh buachtaint ar Chiarraí i gcluiche sinsir caide. Go deimhin féin, tá cúig bliana déag ó dheineadar amhlaidh.

Tá an misneach ag fás in imreoirí na Gaillimhe tar éis trí chluiche as a chéile a bhuachtaint sa tsraith. Tá deacrachtaí i gcónaí ag Ciarraí leis an gcic amach agus le heasnaimh agus easpa eagair i lár an ghoirt. Ainneoin a ndeir na húdair, ní bheidh seans níos fearr go ceann tamaill mhaith ag an nGaillimh dhá phointe sraithe a bhreith leo amach as Trá Lí.

Fág freagra ar 'An bhfuil gearrcaigh na Gaillimhe inniúil chun eitilte?'

  • leitheoir

    ‘gearrcaigh inniúil chun eitilte’ …ná deas é! Beidh sciatháin fùthu má bhuann.