An bhfuil brí leis na cainteanna i Stormont?

Níorbh é Deaide na Nollag é Cameron inné agus ní thabharfadh sé tada uaidh mura mbeadh feabhas ar iompar na leanaí.

David Cameron agus Enda Kenny. Pictúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
David Cameron agus Enda Kenny. Pictúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Bhí siombal na féile agus an ollmhaitheasa ar taispeáint taobh amuigh d’Uimhir a Deich Sráid Downing ar maidin Dé Luain, an crann Nollag lonrach nuair a thug Céad agus Leas-Chéad Aire Thuaisceart Éireann aghaidh ar an bPríomh-Aire Cameron den dara huair le seachtain.

Níorbh é Deaide na Nollag é Cameron, áfach.

Ba bheag féirín a bheadh le dáileadh aige ar Thuaisceart Éireann agus ní thabharfadh sé tada uaidh mura mbeadh feabhas ar iompar na leanaí.

Chaithfidis a bheith réalaíoch lena n-éilimh.

Gan a dhul rófhada le scéal na Nollag, bhí cos á cur i dtaca ag an bPríomh-Aire Cameron. Mar a dúirt sé i Stormont maidin Dé hAoine seo caite, chaithfí leasuithe a rialtais ar an gcóras leasa shóisialaigh a chur i bhfeidhm sa tuaisceart mar bhunchoinníoll.

Ní raibh gnothaí Thuaisceart Éireann ar an gclár oibre, go sonrach don chruinniú le Céad Airí na hAlban, na Breataine Bige agus an Tuaiscirt ach déanadh tagairt dóibh.

Dúirt Peter Robinson níos deireanaí gur thug an Príomh-Aire le fios go mbeadh sé solúbtha dá sásófaí a choinníollacha. Bhí an méid sin féin teoranta, áfach, agus ní bheadh a fhios céard ab fhiú é mura ndéanfaí réiteach faoi na leasuithe leasa shóisialaigh.

Go teoiriciúil, mhéadódh Cameron a thairiscint de bheagán, a dúirt Robinson. Cumhacht caithimh de mhíle milliún punt, bunaithe ar iasachtaí a bhí sa bhuntairiscint agus beagán eile le haghaidh eagraíocht a ghabhfadh i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Ní raibh an tairiscint réalaíoch, dar leis na páirtithe sa bhFeidhmeannas. Tá caint ar réalachas i ngach ceard; é á éileamh ó rialtas na Breataine agus ó Shinn Féin go háirithe.

Maíonn aontachtaithe nach leor do SF an t-eiteachas a thabhairt do chiorruithe leasa shóisialaigh agus gur cheart dóíbh malairt cúrsa a leagan amach. Deir SF go bhfuil ciorruithe doshannta agus nach mór do rialtas na Breataine a bheith réalaíoch.

Gan dabht beidh daoine ag iarraidh milleán a sheachaint má theipeann ar an dreas seo cainteanna. Leanfaidh siad orthu ag teacht le chéile an tseachtain seo agus beidh Statrúnaí an Tuaiscirt agus an tAire Gnóthaí Eachtracha i láthair ón gCéadaoin. Ach tá an pobal sceipteach faoin obair seo.

Tá ionadaithe na bpáirtí ag caint, anois is arís, le breis is dhá mhí, i mbun idirbheartaíochta amannta. Má tá margadh inainmsithe, conas nach raibh rath ar an saothar go dtí seo? Meastar gur bhotún mór é an Príomh-Aire Cameron agus an Taoiseach a thabhairt anseo an tseachtain seo caite.

Ní raibh an chomhcháipéis ón da rialtas ná tairiscint airgid Cameron sásúil. I measc na ngearán fúthu, bhí go raibh maolú déanta ar mholtaí Haass faoi oidhreacht na dtrioblóidí, paráidí agus bratacha, “aitheantas” don Ghaeilge in ionad Achta agus tairiscint airgid easnamhach.

Ó bhí ionadaithe acu ina gcathaoirligh ar chruinnithe, is iontach nach raibh a fhios ag na rialtais roimh ré nach mbeadh a bplean inghlactha.

Cibé míthuiscint ba chúis le teacht na bPríomh-Airí – agus a n-imeacht te bruite – measann a lán gur chuir na páirtithe an dallamullóg ar ionadaithe nó feidhmeannaigh rialtais.

Maítear gur déanadh é sin chun cuairteoirí móra le rá a mhealladh isteach chun dlús a chur le hidirbheartaíocht – ar an mbonn nár mhian le Príomh-Airí a bheith luaite le teip.

Más fíor sin, bhí dul amú orthu agus méadaíonn sé soiniciúlacht an phobail faoi chumas nó toil na bpáirtithe logánta polaitíocht bhisiúil a sholáthar.

 

 

 

Fág freagra ar 'An bhfuil brí leis na cainteanna i Stormont?'