An bhfuil an Ghearmáin ar tí briseadh le SAM?

Má bhíonn páirtíocht idir an Ghearmáin agus an Rúis agus na tíortha BRICS eile, ní fada go mbeidh domhan éagsúil ar fad ann

An bhfuil an Ghearmáin ar tí briseadh le SAM?

Ó dheireadh an dara cogadh domhanda is í Meiriceá a bhí ar an stiúir i ndomhan an rachmais, í sásta cogadh a fhearadh nuair a d’oir sé sin agus sásta bacanna trádála a chur i bhfeidhm nuair a d’oir a leithéid.

Bhí an Eoraip sásta géilleadh don fhorlámhas sin, de bharr faitíos a bheith orthu roimh an gCumannachas agus ionas go ligfí dóibh ról sóisearach a bheith acu i dteannta na Stát Aontaithe.

Ach an bhfuil an ré sin ag druidim chun deiridh?

Ó tháinig Trump i réim i Meiriceá, léirigh sé gur cuma leis faoi na seanmhúnlaí is go bhfuil leas Mheiriceá, mar a fheictear dósan é, chun tosaigh ar chuile rud eile. Níl Trump ar aon intinn le bunaíocht mhíleata is faisnéise Mheiriceá féin anois maidir leis an Rúis, cuir i gcás, is tá sé ag iarraidh socruithe a dhéanamh a chuirfidh leas trádála na Stát Aontaithe chun tosaigh, beag beann ar chuile rud eile.

Mar sin, cé go raibh an Eoraip sásta tacú le cur chuige Mheiriceá san Úcráin, is cuma le Trump faoin scéal sin.  Mar chuid dá fheachtas in aghaidh oidhreacht Obama, agus mar chomhartha sóirt ar a pholasaí cairdis leis an Rúis, tá Trump ag treisiú a sheasaimh in aghaidh na hIaráine agus ar son Iosrael.

Fágann a chairdeas leis an Rúis tíortha amhail Sasana agus an Pholainn in aimhréidh, ach is ionsaí díreach ar leas eacnamaíochta na hEorpa ar fad a pholasaí i leith na hIaráine.

Go bunúsach, ní mar pháirtnéir idé-eolaíochta agus trádála a bhreathnaíonn Trump ar an Eoraip ach mar thíortha atá i gcomórtas le Meiriceá agus atá ag leanúint polasaithe a thagann salach ar dhearcadh Trump féin.

Mhaslaigh sé na Gearmánaigh ag cruinniú de chuid NATO sa samhradh agus é ag iarraidh orthu srian a chur ar an eacnamaíocht ina dtír féin, níos mó a chaitheamh ar chúrsaí míleata, agus diúltú don phíblíne gháis nua, an Nord Strom 2, atá á tógáil ón Rúis díreach isteach go dtí an Ghearmáin.

Seachtain ó shin chas Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise. Fágadh scéal na hÚcráine ar leataobh, comhartha nach mbeidh an Ghearmáin ag cur aon bhrú ar an Rúis mar gheall ar an ábhar sin. Aontaíodh go gcaithfidh ról a bheith ag Assad sa tSiria amach anseo agus dhearbhaigh siad beirt a dtacaíocht don socrú leis an Iaráin atá Trump ag iarraidh a chur ar ceal.

Níos tábhachtaí fós, dhearbhaigh siad go rachfar ar aghaidh le Nord Strom 2.  Tugann an phíblíne seo deis don Rúis gás a thabhairt isteach díreach go dtí an Ghearmáin, gan dul tríd an Úcráin ná an Pholainn. Is fiú €3 billiún in aghaidh na bliana don Úcráin na táillí iompair a ghearrann sí ar an ngás sin faoi láthair.

Mhaígh Merkel gur chosain sí féin leas na hÚcráine, ach níor dhúirt Putin ach nach gcuirfeadh sé stop le hiompar gáis tríd an Úcráin dá n-oirfeadh an comhthéacs eacnamaíochta. Sea, dá n-oirfeadh!

Ansin, dúirt Aire Trádála na Gearmáine, Peter Altmaier, nár chóir géilleadh do bhulaíocht Mheiriceá i gcás na hIaráine, agus gheall sé tacaíocht an stáit d’aon chomhlacht a dhéanfadh trádáil leis an Iaráin.

Agus anois, mar bharr ar an donas ó thaobh dearcadh Mheiriceá de,  tá Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, Heiko Maas, ag rá go poiblí go gcaithfear córas nua domhanda airgeadais a chruthú ionas nach mbeidh an Ghearmáin ag brath ar an dollar nó ar na rialacha a leagfaidh na Stáit Aontaithe síos, i dtaobh na hIaráine ná aon ábhar eile.

Cuireann an ráiteas seo i gcuimhne dúinn gur mhol na tíortha BRICS (An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas) chomh fada siar le 2013, gur chóir córas airgeadais nua a bunú a rachadh i gcomórtas leis an dollar.

Ar ndóigh bhí sé i gceist go mbeadh airgead na Síne taobh thiar den phlean sin, agus bhí an tSín mall ag cur feola ar an gcnámharlach fad is a bhí a cuid trádála féin leis na Stáit Aontaithe ag dul ar aghaidh go maith.

Ach anois tá cogadh trádála á fhearadh ag Trump ar an tSín freisin, is tá eacnamaithe, ní hamháin ó na tíortha BRICS, ach ón nGearmáin chomh maith, ag breathnú arís ar an bplean sin.

An é go bhfuil Trump imithe rófhada?

Is cosúil go bhfuil. Seasfaidh an Ghearmáin le Nord Strom 2.  Cúis amháin leis sin, ar ndóigh, ná go bhfuil gás na Rúise 25% níos saoire ná an gás leachtach as Meiriceá ná ón Chatar a theastaíonn ó Trump a bhrú orthu.

Tá lucht gnó na Gearmáine imníoch faoi Trump agus a leas eacnamaíochta féin ag déanamh tinnis dóibh. Amach anseo, má fheictear páirtíocht idir an Ghearmáin agus an Rúis, agus b’fhéidir na tíortha BRICS eile, ní fada go mbeidh domhan éagsúil ar fad ann – éagsúil ó thaobh na trádála, an rachmais na polaitíochta domhanda.

Fág freagra ar 'An bhfuil an Ghearmáin ar tí briseadh le SAM?'

  • Micheál Ó Muireagáin

    Mar dhuine a tá níos fáide ná cúig bhliain is fiche sa Ghearmáin. Is í mo thuairim nach bhfuil seans dá laghad ann go mbrisfidh na Gearmánaigh leis na SAM. Tá siad chomh géilliúill agus coimeadach is a bhí siad riamh.