An bhféadfása leabhar a scríobh agus slua daoine ag breathnú ort?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus é ag breathnú thart ag aonach mór greannán san Ísiltír, thug ár gcolúnaí suntas do chumas na n-údar a bheith ag obair leo agus a bheith ag comhrá le custaiméirí ag an am céanna 

An bhféadfása leabhar a scríobh agus slua daoine ag breathnú ort?

Ní hionann agus an chuid eile den domhan creideann muintir mo thíre dúchais, an Ísiltír, gur fear as cathair Haarlem darb ainm Laurens Janszoon Coster, seachas an Gearmánach Johannes Gutenberg, a chum an clóphreas.

Sa lá atá inniu ann, níl na staraithe cinnte fiú amháin arbh ann do Laurens Janszoon Coster an chéad lá riamh nó gurbh é an chaoi gur cumadh é agus nach raibh san fhear céanna riamh ach cleas margaíochta ón séú haois déag.

Bíodh sin mar atá, tá dealbh cré-umha de Coster ar chearnóg mhór an Grote Markt in Haarlem agus is cinnte go bhfuil dlúthcheangal idir a chathair dhúchais (más féidir sin a rá faoi áit chónaithe charachtair fhicseanúil) agus earnálacha na clódóireachta agus na foilsitheoireachta. In Haarlem nó gar di, agus ní san ardchathair Amsterdam, atá an chuid is mó d’irisí mór-ráchairte na hÍsiltírise lonnaithe.

Ach tá ceangal ag an gcathair, thar aon réimse foilsitheoireachta eile, leis an ngreannán.

Is iomaí scríbhneoir agus dearthóir greannán a rugadh in Haarlem nó i bhfoisceacht scread asail di; Marten Toonder, nach maireann agus a chaith an chuid dheireanach dá shaol sna Clocha Liatha i gCo. Chill Mhantáin, agus Joost Swarte, a dhear na céadta clúdach don iris The New Yorker, ina measc.

Agus gach re bliain, eagraítear na Stripdagen, nó ‘Laethanta an Ghreannáin’, féile deich lá nach bhfuil éagosúil leis an Oireachtas: taispeántais, léamhanna, léachtanna, ceardlanna, díospóireachtaí, go leor beorach ceirde áitiúil agus thar aon rud eile, aonach mór millteach greannán. Ba é an t-aonach céanna a mheall mise.

Taobh istigh i gceoláras na cathrach a bhí seastáin na bhfoilsitheoirí greannán móra ach taobh amuigh ar chearnóg an Grote Markt, faoi shúile airdeallacha Laurens Janszoon Coster agus faoi shíorbhagairt an cheobhráin, a bhí an chuid is suimiúla den aonach: lear mór greannán úsáidte, agus údair ghreannáin óga a bhfuil gealladh fúthu. Chaith mé tamall ag comhrá le fear ón bhFreaslainn, Skelte Siweris Braaksma, a scríobhann agus a dhearann greannáin dhiostóipeacha i bhFreaslainnis, mionteanga a labhraítear i dtuaisceart na hÍsiltíre.

Faraor géar ní raibh sé in ann glacadh le cártaí bainc agus faoin am go raibh poll sa bhalla aimsithe agam bhí sé ina ghleadhradh báistí agus b’éigean dom foscadh a lorg san áit a raibh na húdair sheanbhunaithe, sa cheoláras – agus thug mé suntas, arís, do rud éigin a bhí tar éis m’aird a mhealladh taobh amuigh.

Ní hionann agus scríbhneoirí ficsin, is cosúil go mbíonn údair ghreannáin in ann a gceird a chleachtadh agus daoine – na sluaite daoine – ag breathnú orthu. Ba bheag seastán a chonaic mé nach raibh duine nó beirt i mbun líníochta ann, ag obair leo ar thogra éigin agus ag comhrá le custaiméirí ag an am céanna. Rachainnse féin glan as mo mheabhair dá n-iarrfaí orm oiread agus líne ficsin amháin a chumadh agus mé i mo shuí ag seastán ag, abair, an tOireachtas.

Cinnte, tá rud éigin meicniúil faoin líníocht le hais na scríbhneoireachta agus ní shamhlóinn go roghnódh údar greannáin aonach leabhar chun scéalchlár nua as an bpíosa a chur i dtoll a chéile ann – ach shíl mé gurbh iontach an cleas margaíochta é. Bíodh seodóir i gceist, saor bád nó údar greannáin – bíonn rud éigin iontach mealltach faoi cheardaí i mbun a chuid oibre.

Fág freagra ar 'An bhféadfása leabhar a scríobh agus slua daoine ag breathnú ort?'