An bhféadfadh déithe dearmadta an dúlra muid a thabhairt slán ó ollchliseadh aeráide?

AN SAOITHÍN AERÁIDE: agus ollchliseadh aeráide ag bagairt orainn is féidir linn go leor a fhoghlaim ó phobail bhundúchasacha nár chaill an ceangal leis an dúlra riamh, a deir ár gcolúnaí

An bhféadfadh déithe dearmadta an dúlra muid a thabhairt slán ó ollchliseadh aeráide?

Tá cónaí ar an Saoithín Aeráide chomh gar sin don fharraige gur féidir míolta móra dronnacha a fheiceáil ag spraoi ó bhalcóin a árasáin, ach uaireanta bíonn leisce ar an Saoithín dul síos go dtí an trá.

An bruscar a bhíonn ar an trá is cúis leis sin.

Is é an chaoi nach mbíonn de rogha ag an Saoithín ach tosú á phiocadh suas má théann sé ar an trá; go deimhin bheadh geis thromchúiseach á briseadh aige mura bpiocfadh.

Blianta fada ó shin, ní cuimhin leis an lá, thug sé geallúint ina aigne féin do bhandia Afra-Bhrasaíleach na mara, Iemanjá, go mbaileodh sé oiread bruscair agus a d’fhéadfadh sé a iompar ina dhá lámh gach uair dá rachadh sé ar an trá. Agus tá sé ag cloí leis ó shin; arú inné féin tharraing sé bríste gearr amach as an mbrachlainn, ceann dearg, leath-ite ag na héisc agus na portáin.

Geasa? Bandéithe? A Shaoithín a mhaicín, a deir tú, tá blas thar a bheith reiligiúnda ar an gcaint sin, agus shíl mé gur i bhfad ó chúrsaí creidimh a tógadh thú?

Bhuel, tá sé sin fíor, ach ní inniu ná inné a thosaigh an Saoithín Aeráide ag cur spéise i ndéithe an dúlra. Agus dar leis (agus ní leis-sean amháin) gurb é an scaradh saorga a chruthaigh an aigne Iartharach idir an duine agus an chuid eile den nádúr an bhunchúis a bhí le sraith imeachtaí a thosaigh timpeall is 2023 bliain ó shin agus arb é an t-ollchliseadh aeráide atá ag bagairt orainn anois a toradh.

Tá sé de mhí-ádh ar an duine Iartharach go bhfuil Danú, Manannán, Óidín agus Frae, Dinísias agus Déiméitéir – agus níos tábhachtaí, b’fhéidir, na deasghnátha agus na geasa a bhain leo – go bhfuil siad sin imithe go deo.

Ach maireann reiligiúin ina n-adhartar fórsaí an nádúir in áiteanna eile ar fud na cruinne – san Afraic, i Meiriceá Theas agus Thuaidh, san Áise – agus sin ceann de na cúiseanna go bhfuil oiread spéise á cur ag gníomhaithe aeráide éagsúla i ndearcthaí saoil phobal bundúchasacha a bhfuil a saol fós fite fuaite leis an dúlra.

Sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí ar an Saoithín Aeráide, mhair an creideamh Afra-Bhrasaíleach Candomblé d’ainneoin iarrachtaí na heaglaise agus an stáit é a chur faoi chois.

Níl an Saoithín ag rá gur chóir dúinn ar fad tosú ag adhradh déithe de chuid an dúlra ar an bpointe boise. Bheadh cuma na leathghabhála cultúrtha ar iarracht déithe a adhradh a bhaineann le pobal nach mbaineann tú féin leo agus, i dtosach pé scéal é, bheadh cuma shaorga ar iarracht deasghnátha sheandéithe dúlra na hEorpa a thabhairt ar ais.

Ní duine de lucht leanta an Candomblé é an Saoithín Aeráide, ach ní fhéadfadh sé cónaí ina measc ar feadh 15 bliana gan a chuid féin a dhéanamh de chuid dá ndearcadh ar an saol agus dá dtraidisiúin. Agus má tá rud amháin foghlamtha aige sa tréimhse sin, seo é: ní ó theagasc teoiriciúil a thagann creideamh ach ó thaithí fhisiciúil; caithfidh tú an rud a gcreideann tú ann a mhothú i chuile chill de do cholainn nó ní bheidh i ndeasghnáth ar bith a nglacfaidh tú páirt ann ach grianghraf le crochadh suas ar Instagram.

Is cinnte gur féidir linn go leor a fhoghlaim ó na pobail sin ar fud na cruinne nár chaill an ceangal leis an dúlra riamh: gur ‘athcheangal’ an chiall litriúil atá leis an bhfocal ‘reiligiún’, mar shampla.

Fág freagra ar 'An bhféadfadh déithe dearmadta an dúlra muid a thabhairt slán ó ollchliseadh aeráide?'

  • Séamus

    Ní bhímse ró-chinnte faoi smaointí den sórt seo. Fiú dá mbeadh candomblé á chleachtadh go forleathan sa Bhrasíl, ní chiallódh sé sin go mbeadh meas níos mó ag muintir na Brasaíle ar an gcomhshaol. Tá an dufair á scriosadh agus is cuma faoi chúrsaí creidimh. Tá an baol ann i gcónaí go rachfaí i muinín smaointí sách claonta anseo, ciníoch fiú, go bhfuil daoine sa Domhaon Thuaidh ‘níos giorra don nádúr’ ar bhealach éigin nach bhfuil daoine san Eoraip. Déanann tuairimí i dtaobh ‘noble savages’ dochar chomh maith, dar liom.
    Is fiú a mheabhrú, freisin, gurb iad na dánta is luaithe atá againn i nGaeilge ná dánta ina bhfuil an nádúr á mholadh, toisc gurbh é Dia a chruthaigh an domhan seo, dar le teagasc na Críostaíochta.