An ‘Béarla éigeantach’ i réim sa státchóras – Gaeilge ag 0.8% díobh siúd ar tairgeadh post dóibh i ranna stáit agus oifigí rialtais in 2015

Ní raibh Gaeilge ach ag 36 duine, nó 0.8%, den 4,144 duine ar tairgeadh post dóibh nó ar tugadh ardú céime dóibh ina bpost i ranna stáit agus oifigí Rialtais anuraidh

picture_of_dail_eireann

Ní raibh Gaeilge ach ag 36 duine i measc an 4,144 duine ar tairgeadh post dóibh nó ar tugadh ardú céime dóibh ina bpost i ranna stáit agus oifigí Rialtais anuraidh.

Ag tagairt dó do na figiúirí nua seo, dúirt an Teachta Dála agus iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh an tuar tagtha faoin tairngreacht agus an ‘Béarla éigeantach’ anois á chur i bhfeidhm sa státchóras.

De réir na bhfigiúirí nua, a fuair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív mar thoradh ar shraith ceisteanna Dála, ba ag grádanna sóisearacha amháin a ceapadh daoine a bhfuil Gaeilge acu agus gan oiread is duine amháin le Gaeilge ceaptha ag grád sinsearach le linn 2015.

Ba mar oifigigh feidhmiúcháin a ceapadh 14 duine den 36 duine a bhfuil Gaeilge acu agus ba ag grád oifigeach cléireachais a bhí an 22 post eile a tairgeadh do dhaoine a bhí ar phainéil earcaíochta na ranna stáit agus na n-oifigí rialtais.

Postanna in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a bhí i gceist le 13 post, bhain trí phost leis An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus bhain trí phost eile leis An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha.

Bhain dhá phost leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus post amháin a bhí ann i gcás Choimisiún na Scrúduithe Stáit.

De réir na bhfigiúirí, ní raibh Gaeilge ach ag 0.8% de na daoine ar tairgeadh post dóibh nó ar tugadh ardú céime ina bpost dóibh i ranna stáit agus oifigí Rialtais in 2015.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le fios “nach féidir le hiarrthóirí a bheith sannta go post ina bhfuil gá le dátheangachas feidhmiúil ach amháin nuair a fhaightear iarratas ó Roinn”.

Léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, áfach, gur ar éigean go bhfuil aon phostanna aitheanta ag ranna stáit mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Ní raibh ach 10 gcinn den 8,367 post atá i ndeich roinn stáit faoi láthair aitheanta mar phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo agus níl oiread is post amháin aitheanta mar phost ‘Gaeilge’ ag cuid mhaith de na ranna stáit.

Mar chuid den chóras earcaíochta a tugadh isteach in áit chóras na marcanna bónais don Ghaeilge is faoi na ranna stáit atá sé líon na bpostanna a dteastaíonn Gaeilge ina gcomhair a ‘dhaingniú’.

Leagtar an dualgas céanna ar na ranna stáit sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Éamon Ó Cuív
Éamon Ó Cuív

Dúirt Éamon Ó Cúiv le Tuairisc.ie gur léir “go bhfuil ag teip ar an nGaeilge ag chuile chuid den chóras”.

“Níl Roinn na Gaeltachta ag cur na scéimeanna i bhfeidhm agus níl An Roinn Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag cur an pholasaí i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá an riachtanas iontrála do na coláistí oiliúna á ísliú. Agus bíonn daoine ag cur ceiste, céard í an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt iar-aire na Gaeltachta nach bhféadfaí a shéanadh go bhfuil an tuar tagtha faoin tairngreacht agus an “Béarla éigeantach” anois á chur i bhfeidhm sa státchóras.

Ba é an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a dúirt gur “Béarla éigeantach” sa státchóras a bheidh mar thoradh ar an gcóras nua earcaíochta don Ghaeilge.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie gur cheart an córas nua sin a chaitheamh i dtraipisí láithreach agus córas eile a thabhairt isteach “a d’fhreastalódh ar an riachtanas a aithint agus an earcaíocht a dhéanamh”.

Dúirt sé go bhféadadh coiste Oireachtais don Ghaeilge a leithéid de chóras a fhorbairt agus a aontú laistigh de thrí mhí.

Fág freagra ar 'An ‘Béarla éigeantach’ i réim sa státchóras – Gaeilge ag 0.8% díobh siúd ar tairgeadh post dóibh i ranna stáit agus oifigí rialtais in 2015'

  • Darragh Ua Caoimh

    Scanallach ar fad!