An BBC ag tairiscint suas le £75,000 in aghaidh an eagráin do chláir Ghaeilge nua

Dírithe ar chláir siamsaíochta agus cláir faisnéise atá an babhta nua coimisiúnaithe atá fógartha ag BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge an Tuaiscirt

An BBC ag tairiscint suas le £75,000 in aghaidh an eagráin do chláir Ghaeilge nua

Tá tús curtha ag an BBC le babhta nua coimisiúnaithe do chláir Gaeilge.

Dírithe ar chláir siamsaíochta agus cláir faisnéise, idir chláir aonair agus shraitheanna, atá an babhta coimisiúnaithe atá fógartha ag BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge an Tuaiscirt.

Ní mór do 75% de gach clár a ndéanfar iarratas ina thaobh a bheith i nGaeilge.

Smaointe a bhfuil roinnt mhaith taighde déanta fúthu cheana féin atá á lorg

Trí shnáithe atá sa bhabhta coimisiúnaithe: cláir chomhaimseartha faisnéise uair an chloig a chraolfar oíche Dé Domhnaigh ar BBC Two NI; cláir leathuaire; cláir faisnéise leathuaire a chraolfar oíche Dé Luain ar BBC Two NI; agus sraith clár siamsaíochta.

Beidh suas le £75,000 in aghaidh an chláir ar fáil do na cláir chomhaimseartha faisnéise uair an chloig agus suas le £35,000 in aghaidh an eagráin a bheidh ar fáil do na cláir leathuaire faisnéise agus siamsaíochta.

Is é an 4 Lúnasa an sprioc do na hiarratais.

Fág freagra ar 'An BBC ag tairiscint suas le £75,000 in aghaidh an eagráin do chláir Ghaeilge nua'