An dtiocfaidh an pobal amach le vóta a chaitheamh ar an 24 Deireadh Fómhair don 10ú uachtarán ar ár Stát? Den chéad uair ó na seachtóidí níl ach beirt san iomaíocht don oifig is airde sa tír agus léiríonn beagnach gach uile chomhrá a bhíonn agat le daoine nach bhfuil siad róthógtha le ceachtar acu.
Chruthaigh an tseachtain seo atá imithe tharainn chomh héasca agus atá sé feachtas a chur de dhroim seoil. Sa gcás áirithe seo cuireadh deireadh ar fad le feachtas iarrthóra amháin. Níl aon lá ó shin nach bhfuil iarracht ar siúl dochar a dhéanamh d’fheachtais na beirte atá fós san iomaíocht. Meas tú nach dteastaíonn an cheist a chur – an é seo an cineál feachtais a theastaíonn ó phobal na hÉireann?
44% den phobal a tháinig amach chun vóta a chaitheamh sa toghchán deiridh in 2008. An míniú a bhí ag roinnt tráchtairí ar an gcúis gur fhan an pobal sa bhaile mar go raibh sé soiléir ón tús go mbeadh rith an ráis le Michael D. Higgins. Meas tú an amhlaidh a bhí nó an easpa suime sa gcineál feachtais a a bhíonn ann don Áras a bhí i gceist? Agus an tuairim forleathan nach bhfuil aon fheidhm le ról an Uachtaráin?
Céard a tharlóidh má chaitheann níos lú ná sin vóta an babhta seo? Cuir san áireamh go bhfuil sé os cionn leathchéad bliain – 1973 – ó bhí beirt iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta agus gurbh iad Fianna Fáil agus Fine Gael a bhí san iomaíocht.
Níl aon iarrthóir ag Fianna Fáil an babhta seo ach d’fhéadfadh an líon vótaí a chaitear agus an sciar díobh sin a fhaigheann Jim Gavin atá éirithe as an bhfeachtas a bheith cinniúnach. Sin gan trácht ar cé mhéad de lucht leanúna Fhianna Fáil a bhacfaidh le vóta a chaitheamh agus cé dó an gcaithfidh siad é.
Ta an chomhghuaillíocht den eite chlé ag léiriú sa bhfeachtas seo gur féidir leo feidhmiú mar aonad éifeachtach. Ardú croí é sin do Shinn Féin, go háirithe, atá ag úsáid an fheachtais seo mar dheis lena léiriú gur féidir an ceann is fearr a fháil ar Fhianna Fáil agus Fine Gael agus malairt rialtais a thairiscint don phobal. Más fíor na pobalbhreitheanna tá ag éirí leo. An cheist i gcónaí, cé mhéad den phobal a úsáidfidh a nguth le huachtarán a roghnú?
Mar atá faighte amach againn le seachtain, ní féidir breithiúnas a thabhairt riamh ar cén treo ina rachaidh feachtas uachtaránachta. Tá rud amháin cinnte – mura dtagann brí éigin sa bhfeachtas go luath d’fhéadfadh gurb é an rogha is suntasaí a dhéanfadh an pobal ag deireadh na míosa ná go bhfanfadh a bhformhór sa mbaile.
Fág freagra ar 'An baol ann go bhfanfaidh daoine ag baile ar an 24 Deireadh Fómhair'