Amhras léirithe ag Ollscoil na hÉireann faoi bhailíocht tuarascálacha síceolaithe maidir le díolúine ón nGaeilge

Tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile

Amhras léirithe ag Ollscoil na hÉireann faoi bhailíocht tuarascálacha síceolaithe maidir le díolúine ón nGaeilge

Tá ráite ag Ollscoil na hÉireann (NUI) go mbíonn orthu ceisteanna a chur faoi bhailíocht tuarascálacha síceolaithe a chuirtear faoina mbráid mar chruthúnas go bhfuil mac léinn i dteideal díolúine ón nGaeilge.

Faoi pholasaí iontrála Ollscoil na hÉireann glactar le díolúine ón nGaeilge a ceadaíodh san iarbhunscoil. Is fada an lá conspóid a bheith ann faoi chóras dhíolúine na Gaeilge ag an dara leibheál agus amhras ann go mbítear ag baint mí-úsáid as, go háirithe i bhfianaise líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ach a dhéanann staidéar ar theanga, nó teangacha, Eorpacha eile.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá méadú beagnach 100% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Ag labhairt di leis an Irish Times, dúirt Cláraitheoir Ollscoil na hÉireann gur tharla sé cheana go raibh amhras orthu faoi chruinneas tuarascálacha síceolaíochta a chuirtear ar fáil mar fhianiase go bhfuil deacrachtaí foghlama ag dalta agus díolúine ón nGaeilge ag dul dóibh dá réir.

“Sa chás gur taibhsíodh dúinne nár thuig na síceolaithe na critéir atá againne, shoiléirigh muid sin dóibh. Bíonn athbhreithniú grinn á dhéanamh againn ar an gcóras atá againn an t-am ar fad,” a dúirt an Dr Attracta O’Halpin, Cláraitheoir NUI.

Tá athbhreithniú ar chóras dhíolúine na Gaeilge geallta ag an Roinn Oideachais le 15 bliain anuas. I Márta na bliana seo, tuairiscíodh go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe agus dúradh go mbeadh moltaí á gcur chun cinn go luath maidir le leasú a dhéanamh ar na cúiseanna a gceadaítear díolúine do dhaltaí ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste. 

Dúirt an Roinn Oideachais an uair sin go raibh dréachtchiorclán á réiteach acu maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge agus go raibh sé i gceist acu é a fhoilsiú “a luaithe agus ab fhéidir” in 2018.

Tá an míchumas ar cheann de na cúiseanna a mbronntar díolúine ó staidéar na Gaeilge ar dhaltaí iarbhunscoile. Faoin gcóras sin, bíonn ar dhaltaí nó a dtuismitheoirí tuarascáil a fháil ó shíceolaí mar chruthúnas go bhfuil siad faoi mhíchumas, amhail disléicse, agus go bhfuil siad i dteideal díolúine dá bharr sin.

Ach tá amhras mór tarraingthe ag lucht oideachais faoi bhailíocht chuid de na tuarascálacha seo a fhaightear go príobháideach ó shíceolaithe agus an tuairim coitianta ann go mbítear ag baint mí-úsáid as an gcóras trí ‘díolúine’ a cheannach.

Dúirt Clive Byrne ó Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha go raibh amhras léirithe ag bainisteoirí scoile faoin líon mór scoláirí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge agus ceisteanna acu faoin tionchar a bheadh aige sin ar an gcóras triú leibhéal.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Rinne 41% de dhaltaí Ardteiste na bliana seo caite a raibh díolúine ón scrúdú Gaeilge acu de bharr deacrachtaí foghlama scrúdú i dteanga Eorpach eile.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais bhí díolúine ó scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge in 2017 ag 5,954 dalta, agus chláraigh 2,408 dalta acu sin chun teanga Eorpach eile a dhéanamh san Ardteist.

Méadú beagnach 100% é sin le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Ní dhearna beagnach duine as gach cúigear an Ghaeilge in aon chor d’Ardteist na bliana seo caite agus bhí díolúine ag formhór acu sin.

Bunaithe ar líon na ndaoine ar theip orthu i scrúduithe Gaeilge na hArdteiste anuraidh agus líon na ndíolúintí, níor chruthaigh 20% d’iarrthóirí Ardteiste 2017 go raibh bunchumas sa Ghaeilge acu agus iad ag fágáil an chórais iarbhunscoile, is é sin 12,600 dalta.

Tá sé i gceist chomh maith ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar bun maidir leis na hathruithe atá beartaithe sa dréachtchiorclán a bhaineann leis an díolúine. Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfoilseofar gan mhoill an tuarascáil ar tosaíodh an plé ina taobh ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite. ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus tá sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Cuirfear tús ansin, a deir an Roinn, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada. Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá ráite ag Cumann Disléicse na hÉireann go mbíonn cúiseanna bailí ag daltaí díolúine a fháil ón nGaeilge d’ainneoin staidéar a bheith á dhéanamh acu ar theangacha eile agus go mbíonn ar chuid acu an Ghaeilge a chur ar leataobh sa bhunscoil chun níos mó ama a chaitheamh ar bhunscileanna an Bhéarla.

Fág freagra ar 'Amhras léirithe ag Ollscoil na hÉireann faoi bhailíocht tuarascálacha síceolaithe maidir le díolúine ón nGaeilge'

  • Seathrún Mac Éin

    Dar liom go ndúisíonn seasamh Chumann Disléicse na hÉireann roinnt cheisteanna:
    (1) Má cheadaítear ón nGaeilge sna scrúduithe teistiméireachta do dhaltaí a tógadh le Béarla ar bhonn disléicse nó deacrachtaí eile foghlama, ar chóir díolúine ó staidéar ar an mBéarla a cheadú do dhaltaí a tógadh le Gaeilge? Ní faide gob na gé…
    (2) Más ar bhonn deacracht na Gaeilge thar teangacha Eorpacha eile a cheadaítear an díolúine, ar chóir deacracht gnéithe áirithe den Bhéarla a chur san áireamh freisin? Níl teanga eile san Eoraip atá chomh deacair í a litriú i gceart is atá an Béarla – is minic a mbíonn amhras ag na Sasanaigh léannta féin faoin dóigh cheart le focail Bhéarla a litriú! Mhaígh saineolaí amháin na blianta fada ó shin go bhfuil níos mó “loighice” ag baint le córas scríofa na Sínise – a bhfuil a ainm in airde mar chóras fíordheacair – ná mar atá le córas litrithe an Bhéarla! Agus dúirt saineolaí eile nach bhfuil ach thart ar 45 fóinéimí – fuaimeanna sa Bhéarla ar chóir iad a aithint in aon chóras litrithe mar go ndéanann siad idirdhealu idir fhocail – ach go bhfuil tuairim is 2000 (dhá mhíle) bealach chun iad a scríobh! (Ba chóir, dar ndóigh, nach mbeadh ach isteach is amach le 45 bealach ann.)
    (3) Sa chás go dtugtar an díolúine ón nGaeilge do dhalta a tógadh le Béarla ach go n-éiríonn go maith leis an dalta sin níos déanaí sa staidéar ar an bhFraincis, ar an Spáinnis nó ar an nGearmáinis, nach ndúisíonn an méid sin ceist eile fós? Ar chóir do dhalta a tógadh le Gaeilge an cead a bheith aige teanga ó Mhór-Roinn na hEorpa a roghnú ar scoil in ionad staidéar a dhéanamh ar an mBéarla?