Amhras ann faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga

Deir Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge go mbeadh sé ‘tubaisteach’ dá leagfaí cúram an bhille ar choiste Oireachtais eile - An Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Amhras ann faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá amhras ann faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais.

Tá Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge, ag fanacht ar shoiléiriú ó Oifig an Cheann Comhairle faoi cá rachaidh an reachtaíocht teanga dá tríú céim.

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go mbeadh sé “tubaisteach” dá leagfaí cúram an bhille ar choiste Oireachtais eile – An Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

“Céim síos amach is amach a bheadh sa chinneadh cúram an Bhille a thabhairt don choiste eile. Ceann de na fáthanna ar bunaíodh Coiste na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chéad dul síos ionas go mbeadh muid in ann reachtaíocht a chíoradh,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Dúirt Ó Snodaigh gur “coiste reachtaíochta” é Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge, a bhfuil “stádas ar leith aige”.

Céim an-tábhachtach é céim an choiste den bhille agus meastar go bhféadfadh na scórtha leasú a bheith á moladh an tráth sin ag polaiteoirí, leasuithe a dtiocfadh a bhformhór ó eagraíochtaí teanga amhail Conradh na Gaeilge.

Agus an coiste atá faoi chathaoirleacht Uí Snodaigh á bhunú, tugadh le fios go gcoimeádfadh an coiste an ról a bhí aige maidir le scagadh a dhéanamh ar reachtaíocht, an bille teanga san áireamh, ach fógraíodh sa Dáil le déanaí gur chuig an choiste eile a rachadh an bille.

Is nuair a glacadh leis an bhille ag a dhara céim sa Dáil tar éis díospóireacht a mhair breis is trí uair an chloig, a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath, a bhí i ról an Cheann Comhairle ag an am, go rachadh an reachtaíocht ar aghaidh go dtí an Coiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh Julian de Spáinn na Gaeilge nach ndéanfadh sé “aon chiall” cúram an bhille a leagan ar an Choiste Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus go raibh sé ag súil gur “botún” a bhí i gceist.

“Aon uair a raibh an Bille á phlé agam leis an Roinn agus le polaiteoirí, glacadh leis i gcónaí go mbeadh an bille á phlé ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge,” a dúirt Julian de Spáinn.

Deirtear sna téarmaí tagartha do choiste na Gaeilge go mbeidh sé ag plé le reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge, le straitéis an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge, le ceisteanna a bhaineann le litríocht agus le cultúr na Gaeilge agus le cur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtais féin.

Pléifidh an coiste chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras agus le dualgais na gcomhlachtaí poiblí i dtaobh soláthar seirbhísí Gaeilge.

Beidh an chéad chruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, na nOileán agus Phobal na Gaeilge ar siúl Dé Céadaoin, tráth a mbeidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill os a chomhair.

Fág freagra ar 'Amhras ann faoi cé atá freagrach as an chéad chéim eile d’aistear an bhille teanga'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Éamonn Ó Gribín

    Ceapaim go bhfuil ‘Google Translate’ go maith, mar shampla;
    Chuir mé; ‘the language bill’ agus ‘the official languages bill’ isteach agus fuair mé ‘an bhille teanga’ agus ‘bille na dteangacha oifigiúla’ mar fhreagra amach as!
    Dhealródh sé gur teanga amháin (An Ghaeilge amháin ar mhaithe le cur i gcéill) atá i gceist sa bhille seo!
    Ansin chuir mé isteach abairt as an ‘Welsh Language (Wales) Measure 2011’ ; “.. ensuring that the Welsh language is treated no less favourably than the English language.” agus fuair mé seo amach; “…..a chinntiú nach gcaitear níos lú fabhar leis an mBreatnais ná an Béarla.”
    Bhuel, d’fhéadfaí an t-aistriúchán a bheith níos fearr…ach sílim go bhfaigheann duine an bhrí?

    Ansin bhain me triall as an abairt seo; “None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the Constitutional position…” agus mirable dictu fuair me seo a leanas amach; “Ní fhéadfaidh aon cheann d’orgáin an Stáit, reachtaíochta, feidhmiúcháin nó bhreithiúnacha maolú ar stádas ceannasach na Gaeilge mar theanga náisiúnta an Stáit
    gan cion a dhéanamh i gcoinne an seasamh Bunreachtúil … ” (Tagairt: an Príomh-Bhreitheamh Kennedy ://www.coimisineir.ie/userfiles/files/CeartaTeanga.pdf )