‘Alltacht agus uafás’ ar dhaoine faoi thuirbíní gaoithe atá beartaithe do Chois Fharraige

Deir Coiste Um Zónáil Tuirbíní Gaoithe Chois Fharraige go bhfuil ‘go leor’ daoine sa cheantar in aghaidh pleananna atá leagtha amach i ndréachtphlean forbartha nua an Chontae chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt sa cheantar

‘Alltacht agus uafás’ ar dhaoine faoi thuirbíní gaoithe atá beartaithe do Chois Fharraige

Tá “alltacht agus uafás” ar dhaoine i gCois Fharraige faoi phlean Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le tuirbíní gaoithe á thógáil sa cheantar.

Deir Coiste um Zónáil Tuirbíní Gaoithe Chois Fharraige go bhfuil “go leor” daoine sa cheantar in aghaidh pleananna atá leagtha amach i ndréachtphlean forbartha nua an Chontae chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt sa cheantar.

Is cúis imní é don choiste, a bhfuil ionadaithe ó choistí áitiúla éagsúla páirteach ann, an méadú suntasach atá tagtha ar líon na limistéar i gceantar Cois Fharraige atá aitheanta ag an Chomhairle mar áiteanna ina bhféadfaí tuirbíní gaoithe a thógáil.

Dhá limistéar atá aitheanta ag an Chomhairle i bPlean Forbartha an Chontae 2015- 2021 mar áiteanna a bheadh ‘feiliúnach’ le haghaidh tuirbíní gaoithe i gceantar Cois Fharraige agus tá 23 limistéar aitheanta i nDréachtphlean Forbartha an Chontae 2022-2028.

Tá iarrtha ag an Choiste um Zónáil Tuirbíní Gaoithe Chois Fharraige ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirfí siar an spriocdháta atá socraithe d’aighneachtaí faoin cheist. Amárach, Dé hAoine an 30 Iúil, an spriocdháta faoi láthair.

Iarrtar chomh maith go gcuirfí ar athlá cur i bhfeidhm Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 ar feadh bliana le go mbeidh deis ag an bpobal ceist na dtuirbíní gaoithe i gCois Fharraige a phlé i gceart.

Deirtear i litir a sheol an coiste chuig comhairleoirí, Teachtaí Dála agus na meáin chun aird a tharraingt ar a bhfeachtas go bhfuil “i bhfad Éireann” níos mó tuirbíní gaoithe i gConamara Theas i gcomparáid leis an chuid eile den chontae.

Deirtear chomh maith go bhfuil cuid de na limistéir atá aitheanta ag an Chomhairle mar áiteanna a bheadh feiliúnach do thuirbíní gaoithe “i bhfad róghar” do thithe cónaithe.

Laghdú ar luach na dtithe, bánú na Gaeltachta, fadhbanna sláinte agus an “drochéifeacht” a bheadh ag a leithéid de phlean ar chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar atá i measc na n-ábhar buairimh eile atá ag an choiste.

Maíonn lucht an choiste chomh maith nár reáchtáladh próiseas comhairliúcháin ceart ina bhféadfadh muintir Chois Fharraige a gcuid tuairimí a chur in iúl mar gheall ar an phaindéim.

“Tháinig beartas nua seo na Comhairle aniar aduaidh ar mhuintir Chois Fharraige. Is i lár paindéime, le hais am ar bith, a tharla sé seo nuair nárbh fhéidir linne cruinnithe poiblí a eagrú le beartas na Comhairle a phlé go poiblí,” a deirtear sa litir.

Fág freagra ar '‘Alltacht agus uafás’ ar dhaoine faoi thuirbíní gaoithe atá beartaithe do Chois Fharraige'

  • Donncha

    Cuirfear deireadh le Conamara mar áit cónaithe má ligtear leo níos mó tuirbíní gaoithe a thógáil. Tá muid gann ar thithe cheana féin agus anois táthar ag cinntiú go mbeidh na cinn atá againn faoi scáil na tuirbíní seo. Tuige nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag labhairt amach ar son muintir Chonamara agus ár gcosaint? Cén fáth a bhfuil muintir na háite fágtha leo fhéin chun é seo a throid

  • Criostóir Ó Branagáin

    Tá an ceart agat, a Dhonncha. Ba chóir stop a chur leis an uafás sin, más féidir. Ach, ag deireadh an lae, sílim go dtógfar na tuirbíní beag beann ar thuairimí phobal na háite.

    Ar ndóigh, ní saineolaí mé. Níl ionam féin ach turasóir Meiriceánach, atá tar éis teacht go hÉireann go rialta le beagnach caoga bliain. Is seanduine seanaimseartha mé, agus is deacair cur ina luí orm gur ghá le tuirbiní gaoithe de bharr athrú aeráide agus mar sin de. Dom féin, níl ach rud amháin fíor—tá draíocht ársa na hÉireann á scriosadh go tubaisteach, tuirbín i ndiadh tuirbín.

    Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil sé seo ag tarlú. Tá an scéal mar an gcéanna anseo sna Stáit. Ach is beag polaiteoir in Éirinn nó i Meiriceá an bhfuil sé de mhisneach aige nó aici labhairt go poiblí i gcoinne na dtuirbíní, ar fhaitíos go mbreathnófaí air nó uirthi mar namhaid don timpeallacht.

    Is trua gur mar sin atá an scéal, mar ní thógtar na tuirbíni ar son na timpeallachta. Baintear úsáid as an timpeallacht mar leithscéal chun iad a thógáil. Tógtar iad ar son bhrabús na bhforbróirí gaoithe. Is iadsan naimhde na timpeallachta. Tá dochar as cuímse déanta acu d’áilleacht nádúrtha na tíre, gan trácht ar an damáiste a dhéantar go minic i rith an obair thógála ( sciorrthaí talún, cur isteach ar an bhfiadhúlra, srl.)

    Ní féidir praghas cruinn a chur ar áilleacht na tíre. Baineann sí leis an anam, ní leis an sparán. Mar sin, caitear leí go minic amhail is nach bhfuil luach ar bith inti. Agus nuair a athraítear an tírdhreach, tá sé athraithe go deo.

    Ach cad faoi mhuintir na tuaithe? Cad iad na buntáistí a bhaineann siadsan as na tuirbíní? Faigheann siad fuinneamh glan. Fuinneamh in-athnuaite.

    Cailleann siad rud atá i bhfad níos luachmhaire.