Alleluia! Bhí mé ar ais sa phictiúrlann den chéad uair le trí mhí go leith!

Bhí ár léirmheastóir ar bís a bheith os comhair an scáileáin mhóir arís agus b’iontach an rogha ‘Stage Mother’ chun éalú tamall ó uafáis ré an Covid

Alleluia! Bhí mé ar ais sa phictiúrlann den chéad uair le trí mhí go leith!

‘Stage Mother’, le Thom Fitzgerald

Jacki Weaver – Maybelline, an mháthair

Eldon Thiele – Ricky, an mac

Lucy Liu – Sienna, BFF an mhic

Adrian Grenier – Nathan, páirtí an mhic

Jackie Beat – Dusty Muffin, an phríomhbhanríon draig

Hugh Thompson – Jeb, fear céile Maybelline – athair nach nglacann lena mhac…..

Nathan: ‘What do you know about running a gay bar?’

Maybelline: ‘I’m a Southern Baptist choir mistress. Different songs, same divas. Some of the same wigs too…..’

Alleluia! Fáilte, a chairde ionúine, chuig scannáin nach bhfuil, buíochas le Dia, le feiscint ar Netflix, ná baol air, go fóill beag.

Ag a nóiméad i ndiaidh a deich ar an Aoine an 10 Iúil, i Margadh ársa na Feirme Bhaile Átha Cliath, shíneas, don gcéad uair le trí mhí go leith anuas, an chéad chos thar tairseach an Light House d’fhonn freastal ar phreasócáid scannáin, masc agus scáthlán cosanta um chumhdach is um chur ar mo shuaimhneas.

Cheol an t-anam beo istigh ionam. Bhíos amuigh i measc phobal Dé i mbun oibre poiblí don gcéad uair le scaitheamh cuibheasach fada. Ní beag sin. Má imíonn mo léirmheas ar Stage Mother thar cailc ar fad maithim an méid sin dom féin gan leithscéal. Táimid beo. Sin ábhar ceiliúrtha agus buíochais aon lá den tseachtain.

Ní bheidh díomá ort má roghnaíonn tú Stage Mother chun éalú tamall ó uafáis ré na Cóibhide. Fág gach cneá agus créacht agus goin a ghortaigh sinn idir anam is chorp ag an doras ar feadh tamaill bhig. Rinne an scannán greannmhar, gealgháireach seo an beart domsa, pé scéal é. Gháir agus ghol mé, fá seach – le háthas, comhbhá agus farasbarr diabhlaíochta.

Agus níl aon easpa farasbairr ná diabhlaíocht aerach i Thom Fitzgerald.

Dusty Muffin: ‘She was fired from the sperm bank for drinking on the job.’

Shamhlófá gur bean í Maybelline, a bhfuil cónaí uirthi i Red Vine Texas (daonra 1,501) a thugann a vóta do Donald Trump. Í ina córmháistreás sa Red Vine Baptist Church (‘Walmart Ain’t the Only Place to Save’). Pósta le Jeb (Hugh Thompson), fear den seandéanamh, a thug bata agus bóthar dá mhac aerach Ricky (Eldon Thiele) deich mbliana roimhe sin. Lead a thug aghaidh ar San Francisco, mar ar oscail sé an tábhairne aerach ‘Pandora’s Box’ lena leathbhádóir leapa Nathan (Adrian Grenier).

Níor phósadar riamh, áfach. Bhí Ricki (ainm stáitse ‘Rickipedia’) ag fanacht go bhfreastalódh a mháthair (Maybelline) ar an mbainis, rud nach gceadódh Jed di. Mo léan, glacann Ricky ró-dháileog drugaí agus titeann marbh ar an stáitse. Ciú Maybelline, a fhágann an fear céile feargach sa bhaile agus a thagann go San Francisco chun an mac a chur le dínit Chríostaí.

Mo léan! Leaindeálann sí isteach i searmanas comórtha ‘camp’ nach bhfeicfeá a mhacasamhail olc ná maith in Red Vine. Ach, trí thimpiste, buaileann ann le Sienna (Lucy Liu), anamchara Ricky, oibrí gnéis grámhar a bhfuil mac óg álainn aici a thugann bheith istigh do Maybelline agus í ag iarraidh teacht i dtír ar an saol oscailte ailtéarnach atá an-choimhthíoch di.

Is fada óna chéile iad gnásanna aeracha/liobrálacha San Fran agus cúngaigeantacht Red Vine Texas.

Idir sin agus uile, is chuig Maybelline a thagann Pandora’s Box mar uacht. Ní raibh scléip go dtí é!

Nathan: ‘What do you know about running a gay bar?’

Maybelline: ‘I’m a Southern Baptist choir mistress. Different songs, same divas. Some of the same wigs too…’

Mealltar isteach in eangach ghrámhar na nDivas uilig sinn, gan trácht ar eangach ghrámhar Maybelline agus í ag iarraidh bealach a stiúradh trí na dúshláin go léir atá roimpi mar úinéir teach tábhairne dá leithéid agus máthair dheas mheánaosta heitrighnéasach as Red Vine Texas (pop 1,501).

Cuirfead mar seo é – ní baol do na banríona anois agus Maybelline mar ‘Stage Mother’ acu. Silfidh tú na deora agus í ag iarraidh máthair ghortaithe duine dá ‘gcailíní’ a mhealladh isteach chun an lead d’fheiscint ina réalta draig ar stáitse. Mar an gcéanna leis an mbanríon óg eile a théann le drugaí. Caitheann Maybelline an oíche istigh sa leaba leis á ‘mháithriú’ is á thabhairt ar ais ar a chompord agus ar a shláinte agus é i ngleic leis an dragún damanta.

Chaithfear an cat a chur i measc na gcolúr freisin, gan dabht. Tagann Jeb ag iarraidh Maybelline a ‘shábháil’ ón bhfaopach ina bhfuil sí, dar leis. Ní fios dó go bhfuil seanleaid ann leis ‘na teosachaí’ aige di (An Ghaeilge a chuir bean Chonamara ar ‘na hots’ i gcomhrá liom uair dá raibh – nár mhilis é?) agus, thairis sin, go bhfuil Maybelline bogtha ar aghaidh inti féin sách fada ó leaindeáil sí isteach i San Fran ag iarraidh greim d’fháil ar shaol is ar anam an leanbh bán álainn mic a thóg sí chun foirfeachta, bail ó Dhia uirthi, in ainneoin forlámhas agus lámh láidir a bastairdín cruálach céile Jeb.

‘I’m not looking at our son through your frightened eyes,’ ar sise, nuair a tháinig an chúis go cnámh na huillinne le Jeb.

Admhaím gur léimeas, go meafarach, mar a déarfá, as mo shuíochán le háthas ar cloisint dom a leithéid sin spoinc.

San idirlinn, tá an aiste ghrá seo breac le nathanna aon-líne den scoth –

Jeb: ‘Come home Maybelline. The place is silent and empty without you…’ Maybelline: ‘Play some Johnny Cash…’

Maybelline, le Sienna: ‘If a man says he enjoys rough sex, kick him in the balls and see if he means it.’

Sienna, ag cur milseog ina bhfuil banana os comhair a haíonna: ‘It’s my speciality. My secret ingredient is resentment.’

Bevette, deirfiúr Maybelline, ar theacht amach as leithreas na mban di, an bhanríon draig Cherry sna sála uirthi: ‘I just saw the general and two colonels’.

Cherry: ‘For the first time, obviously.’

Bevette: ‘The first time in a lady’s room.’

Má aimsíonn tú scannán níos greannmhaire ná Stage Mother is tú ar do bhealach amach as an gcuibhriú, beir greim air leis an dá láimh. Tá Jacki Weaver (seoid náisiúnta na hAstráile) agus an criú draig go léir thar barr ar fad.

Mura bhfuil craiceann na fírinne ar an bplota, ní féidir an tslais chéanna a chaitheamh leis na mothúcháin agus na léargais dhearfacha tríd síos.

Foláireamh: beir leat an mála beag ciarsúr comh maith leis an díghalrán láimhe. Beidh na ciarsúir ag teastáil má thiteann na deora leat…

– Beidh Stage Mother le feiceáil in Éirinn ón 24 Iúil

Fág freagra ar 'Alleluia! Bhí mé ar ais sa phictiúrlann den chéad uair le trí mhí go leith!'