Toisc go bhfuilimid fós faoi bhráca na paindéime, agus leathchuma air go mbeimid go ceann tamaill fós, shocraíos ar dhul siar ar údair a chuaigh i ngleic le plá is le plánna. Ar chúis éigin rith Albert Camus liom, fear nach raibh aon bhaint aige, le Conamara in ainneoin na sloinne. Ba é a scríobh La Peste, ach toisc gan leagan Gaeilge de a bheith ar fáil, b’éigean dom dul i muinín An Strainséara (Coiscéim €7.50. Aistrithe ag Diarmuid Ó Gráinne) nó L’Étranger ina chulaith bhunaidh.
Bhí léite agam fadó ar ais nuair a bhí sé sa bhfaisean agus gurbh éigean dúinn é a léamh inár naíondacht déagóra ach oiread le leabhar d’amhlachas teidil The Outsider le Colin Wilson, duine den bhunaíocht má bhí riamh ann. Bhí gach duine in ainm is a bheith ina existentiailisteach ag an am, fág nach raibh a fhios ag aon duine cad ba bhrí leis, agus níl fós. Níor chuaigh sé mar úrscéal i bhfeidhm chomh mór sin orm san am, agus chuaigh beagán níos mó i bhfeidhm orm an turas seo, beagán na seilmide.
Is maith agus is iontach go bhfuil clasaicí seo na nua-aimsearthachta ar fáil sa Ghaeilge, agus mura bhfuil léite agat sa teanga bhunaidh nó in aistriúchán ar bith eile, Béarla is dóichí, d’oirfeadh an leagan seo dhuit gan bhréag.
Scéal simplí go leor atá ann, an fear seo, an príomhcharachtar, Meursault, a bhfuil an chosúlacht air gur cuma leis an saol is a mháthair (a mháthair go háirithe) is a ghabhann trína bheatha i dtámhnéal chumaliomachais. De thaisme tá cairde aige, de thaisme gabhann sé chun na trá, de thaisme déanann sé Arabach a lámhach, nó sin é a thugann sé le fios dúinn. Cúisítear sa dúnmharú é, agus tá an dealramh air nach miste leis sin ach an oiread. Is é a mhachnamh, agus a mharana amhail is nár bhain sé i gceart leis an saol seo, bunábhar agus bunchomáint na hinsinte.
‘B’éigean dom stró a chur orm féin le tuiscint gur mise ba chúis leis an gcorraí seo ar fad,’ mar a deir sé le teann mearbhaill, mar dhea.
Caitheann sé a shaol idir seacht gceann na meá, nó gan mheá ar bith. Gabhann sé ag snámh, bíonn an Domhnach leamh, caitheann tamall ag grinneadh na sráide taobh amuigh, tá bréan de féin (rud a thuigfeá), tá bean aige, iarrann sé uirthi é a phósadh, cén fáth nach ndéanfadh, is cuma leis, b’fhéidir sea, b’fhéidir nach ea, ‘d’fhiafraigh sí díom an raibh mé i ngrá léi, dúirt mé léi nár mheáigh sé brobh ach gur cheapas nach raibh’; faigheann tairiscint ar dhul go Páras ar son a chuid oibre, ‘dúirt mé go mbeinn toilteanach, ach gur chuma liom, dáiríre…’
Nuair a chúisítear é ní léir dó aon difear a bheith idir aitheasc a chosanta agus aitheasc a dhamnaithe: ‘An raibh an oiread sin difríochta eatarthu sa deireadh, na haithisc seo?’
Agus is léir gur chuma leis an gilitín ar a mhuineál seachas fanacht beo ‘ar feadh fiche bliain eile saoil’.
Is é an peaca domhaite is mó is féidir a chur os ard, gan amhras, ná ionannú ar bith a dhéanamh idir Camus agus garlach a chuid samhlaíochta Meursault. Is mór an cathú é ar uaire, is fíor, agus go háirithe toisc go bhfuil a fhios againn gur bheag an tuiscint a bhí ag Camus don phobal dúchais san Ailgéir.
Botún leisciúil agus tuaiplis choitianta ag an gcriticeoir é, áfach.
Is cuma é nó diúltú don bhua is tábhachtaí atá ag scríbhneoir ar bith, an tsamhlaíocht. Is baothchreideamh é nach féidir leis an scríbhneoir seasamh lasmuigh de féin agus daoine de shaghas eile dá mhalairt féin a cheapadh.
Is chuige sin nach raibh an ceart ag Chinua Achebe cáimeas a fháil ar Joseph Conrad de thoisc a léirithe ar Kursk in The Heart of Darkness; agus bhí Edward Said cáinteach ar Camus de bharr a léirithe ar Arabaigh, nó le bheith níos cruinne, de dheasca a neamhléirithe ar Arabaigh ina chuid úrscéalta.
Má tá locht le fáil ar Camus maidir leis na hArabaigh de, agus tá, is locht é toisc nach bhfaca sé iad mar dhaoine ina chuid scríbhinní neamhfhicsin ach ar éigean, agus níos measa ná sin, nach raibh sé ar son neamhspleáchas na hAilgéire ó shúiste trom na Fraince. Fís Fhrancach a bhí aige don tír agus d’fhógair nach bhféadfadh na hArabaigh seasamh ar a gcosa féin. Cár airíomar é sin cheana? Tuairimí iad sin a bhfuil taifead againn orthu mar Camus, seachas mar Meursault. Má chuir sé treise le saoirse an duine, níor thuig sé in aon chor cad ba bhrí le saoirse phobail nó le saoirse chine.
Sleaschéim eile isteach san doircheacht is ea an suirí a dhein sé leis an existentialisme, fág gur dhiúltaigh sé glan don téarma. Litríocht ba ea a chuid aistí fealsúnachta, machnamh ar dhán na ndánta againn sa ré seo inar chuireamar Dia chun báis (seachas gur éag sé), ach ní raibh riamh chomh súpúil tréicleach leis an gcuid eile díobh.
Tá ráite ar bhlurba an leabhair gur chuaigh Camus go mór i bhfeidhm ar Dhiarmaid Ó Gráinne é féin mar scríbhneoir. Ceist níos fairsinge í sin, ach thiocfadh go bhféadfá cuid den intinn luaineach chéanna a fheiceáil i gcuid áirithe de na húrscéalta a bhreac sé, An Traimp agus Brionglóidí Briste go háirithe.
Níor fhág an bhaint chasta a bhí ag smaointe agus fealsúnacht Camus lena shaothar cruthaitheach nach raibh lorg éigin acu ar a chuid úrscéalta agus nach raibh lorg acu siúd araon ar mheon ár linne, nó ar mheon an dara leath den aois seo caite in Eoraip an airgid. Mo thuairim féin go bhfuil an meon sin ar feo le tamall maith, anois go bhfuil an stair fillte orainn ina lánghéire.
Fág freagra ar 'Albert Camus, fear nach raibh aon bhaint aige le Conamara in ainneoin na sloinne'