Alan Kelly imithe agus leigheas draíochta ag teastáil ó Pháirtí an Lucht Oibre

Dá mbeifí ag díbirt ceannairí an Lucht Oibre de bharr drochthorthaí pobalbhreithe bheadh duine nua sa ról chuile ráithe

Alan Kelly imithe agus leigheas draíochta ag teastáil ó Pháirtí an Lucht Oibre

An é imeacht nó díbirt Alan Kelly an leigheas atá á thóraíocht ag Páirtí an Lucht Oibre? Ba thruamhéalach a bheith ag breathnú air san oíche Dé Céadaoin ag éirí as ceannaireacht an pháirtí. Is léir nach bhfuair muid iomlán an scéil faoin gcúis go raibh sé ag eirí as. Bhí baint aige le níos mó ná drochthorthaí sna pobalbhreitheanna. Chaithfeadh a bheith; dá mbeifí ag díbirt ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre de bharr drochthorthaí pobalbhreithe bheadh duine nua sa ról chuile ráithe.

Taobh amuigh de na cúiseanna a bhí ag na baill den pháirtí parlaiminte le heaspa muiníne a léiriú in Alan Kelly, ba léir go bhfuil imní faoina bhfuil i ndán don pháirtí. Dúirt an Seanadóir Marie Sherlock go bhfuil an páirtí i mbaol a scriosta ar fad faoi láthair agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an mbrú atá orthu. Chinn said gur ceannaire nua an chéad chéim leis an aidhm sin a chur i gcrích.

Is é fírinne an scéil go bhfuil an tírdhreach polaitiúil in Éirinn athraithe ó bhonn ón olltoghchán dhá bhliain ó shin agus go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ar strae. Tá trí pháirtí ceannasach sa Dáil anois agus níl an Lucht Oibre ina measc. Ó chuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael i gcleamhnas comhrialtais le chéile, tá a ról mar chrann taca ag ceachtar páirtí ag bord an rialtais caillte ag an Lucht Oibre. 

Ní haon chabhair ach an oiread go bhfuil formhór pháirtithe na tíre seo cruinnithe timpeall lár báire ó thaobh na fealsúnachta polaitíochta. Bíonn Páirtí an Lucht Oibre ag maíomh as a bhfealsúnacht shóisialach cheardchumannach agus as traidisiún ársa an pháirtí ar an eite chlé. Bíodh sin mar atá, an chéad rud a bhí á lua le Alan Kelly nuair a bhí tuairiscí á scríobh faoina sheal mar cheannaire a pháirtí an tseachtain seo ná gurbh é an t-aire a bhí ann do na táillí uisce. Bhí sé freisin ina aire comhshaoil ag tús na géarchéime tithíochta le linn an chomhrialtais deiridh idir Páirtí an Lucht Oibre agus Fine Gael. 

Sin dhá cheist a mbeifí ag súil go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre glórach fúthu agus glórach ar son na cosmhuintire. 

Ina leaba sin ba iad Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta a rinne an cáineadh, chomh maith le hionadaithe atá níos faide ar an eite chlé. Sin iad a fuair an tairbhe agus a ghnóthaigh na suíocháin bhreise in 2020. Tá teipthe ar Pháirtí an Lucht Oibre riamh ó shin aon téarnamh a dhéanamh. Tá an seandeacracht chéanna acu a bhí acu riamh – go n-íocann siad go daor as a gcuid tréimhsí comhrialtais.

Is deacair a rá gurbh é Alan Kelly ann féin an fhadhb. 

Sí Ivana Bacik, a thug ardú meanman mór don pháirtí nuair a thóg sí an suíochán sa bhfothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, rogha na coitiantachta le bheith ina ceannaire anois. Í féin nó Aodhán Ó Ríordáin, ar theip air sa toghchán ceannaireachta deiridh. An bhfuil an múnla draíochta ag ceachtar acu sin le Páirtí an Lucht Oibre a chur i lár an aonaigh arís? 

Fág freagra ar 'Alan Kelly imithe agus leigheas draíochta ag teastáil ó Pháirtí an Lucht Oibre'