Tá aitheantas oifigiúil mar Scoil Ghaeltachta bainte amach ag níos mó ná 100 scoil faoi pholasaí de chuid na Roinne Oideachais ach tá obair bhreise le déanamh go fóill ag roinnt iarbhunscoileanna leis an stádas sin a fháil.
Chuir an tAire Oideachais Norma Foley fáilte roimh an scéal go bhfuil aitheantas mar scoileanna Gaeltachta bainte amach ag 101 bunscoil agus 19 iar-bhunscoil ar fud na tíre faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, atá mar bhunchloch ag Polasaí don Oideachas Gaeltachta na Roinne.
Faoin scéim, bíonn ar scoileanna critéir áirithe a chomhlíonadh maidir le cúrsaí teanga agus tumoideachais. Ina measc, is gá go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe laistigh den scoil.
Caithfidh iarbhunscoileanna a gcuraclam iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge chomh maith ach is léir go bhfuil deacrachtaí ag scoileanna áirithe dara leibhéal na critéir uile a chomhlíonadh agus é teipthe ar aon trian acu an t-aitheantas a bhaint amach.
29 iarbhunscoil Ghaeltachta ar fad atá cláraithe faoin scéim ach níor éirigh ach le 19 acu aitheantas mar scoil Ghaeltachta a fháil.
I measc na scoileanna nár éirigh leo an t-aitheantas a bhaint amach go fóill, tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga, ceann de na hiarbhunscoileanna Gaeltachta is mó sa stát, agus Coláiste Mhuire i dTuar Mhic Éadaigh. Is iad sin an t-aon dhá iarbhunscoil, as na deich gcinn nach bhfuair an t-aitheantas go fóill, atá cláraithe mar scoileanna lán-Ghaeilge ag an Roinn Oideachais.
Seacht n-iarbhunscoil i nDún na nGall a chuir isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta faoin scéim ach is iad Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir agus Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí an t-aon dá scoil sa chontae ar éirigh leo.
I Maigh Eo, is é Coláiste Chomáin i Ros Dumhach an t-aon cheann de na cúig iarbhunscoil Ghaeltachta ar éirigh léi an t-aitheantas oifigiúil a fháil i mbliana.
Tá Coláiste Bhaile Chláir ar cheann eile de na scoileanna a bhfuil obair bhreise le déanamh acu. D’éirigh leis na deich n-iarbhunscoil Ghaeltachta eile i nGaillimh an t-aitheantas a bhaint amach.
Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfuil “dul chun cinn i dtreo chomhlíonadh na gcritéar teanga-bhunaithe” déanta ag gach scoil atá ag glacadh páirt sa scéim agus go raibh siad i dteagmháil leis na scoileanna nach bhfuair aitheantas maidir leis na chéad chéimeanna eile.
Bronnadh an t-aitheantas ar shé iarbhunscoil sa gceithre chontae Gaeltachta eile – Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste Íde i gCiarraí; Coláiste Ghobnatan agus Scoil Mhuire i gCorcaigh, Coláiste Pobail Ráth Chairn i gcontae na Mí; agus Meánscoil San Nioclás i bPort Láirge.
Nuair a seoladh an scéim aitheantais in 2017, tugadh deis do gach scoil sa nGaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta. Chláraigh gach iarbhunscoil Ghaeltachta leis an scéim ach dhiúltaigh nach mór 30 bunscoil cur isteach ar an aitheantas agus easpa Gaeilge agus easpa suime luaite i measc na gcúiseanna áirithe.
Tugtar cuireadh gach bliain do na scoileanna nach bhfuil cláraithe faoin scéim páirt a ghlacadh agus tá sé deimhnithe ag an Roinn le Tuairisc go bhfuil Scoil Bhríde, Leitir Mhic an Bhaird anois tar éis clárú leis an scéim den chéad uair agus í tosaithe ar an mbóthar i dtreo aitheantas a bhaint amach.
Tá uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge agus deontas bliantúil chun acmhainní teagaisc Gaeilge a cheannach i measc na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil do scoileanna atá cláraithe faoin scéim.
Agus í ag déanamh comhghairdis leis na scoileanna uile ar éirigh leo aitheantas mar Scoil Ghaeltachta a bhaint amach, thagair an tAire Norma Foley go sonrach do Scoil Tigh Nan Dooley, an scoil ar an gCeathrú Rua atá ar an gcéad scoil speisialta ar éirigh léi an t-aitheantas a bhaint amach.
Tá ócáidí speisialta á reáchtáil ag an Roinn Oideachais an mhí seo do na scoileanna ar éirigh leo faoin scéim.
Is féidir liosta iomlán de na scoileanna a fuair aitheantas mar Scoil Ghaeltachta a fháil anseo.
Micheál
Aitheantas bronnta ag Roinn an Bhéarla ar scoileanna atá ag teagasc ina dteanga féinig!! Mórabh iad!
Máirín
Chun aitheantas a fháil go praticiúil ní gá “go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe laistigh den scoil.” mar a deirtear san alt.
Is scéim feabhsúcháin atá i gceist. Níl aon slat draíochta ag an Roinn Oideachais a d’athródh go tobann an teanga a labhraítear go sóisialta i measc daltaí ó Bhéarla go Gaeilge.
Féach ar Aguisín 5 sa doiciméad “An próiseas deimhnithe um aitheantas a
ghnóthú mar scoil Ghaeltachta”
ttps://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/228167/4586db4d-87d0-46cc-9481-c0c89a2c38cb.pdf#page=null
“Aguisín 5
3. Plean gníomhaíochta feabhsúcháin scoile uile a fhorbairt:
a)a léireoidh an chaoi ina gcinnteoidh an scoil úsáid na Gaeilge mar theanga na
cumarsáide, an teagaisc agus an tsóisialaithe laistigh den scoil”
Colmán
Stádas Gaeltachta ar Ghaelcholáistí! Gaelcholáistí atá iontu ar fad seachas Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Cholmcille in Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste an Phiarsaigh, Scoil Phobail Mhic Dara!
Michelle
@Colmán
Chan fhuil mé ábalta do phoinnte a thuigmheáil.
Is meánscoileanna lán-Ghaelacha sa Ghalltacht a úsáideann an téarma Gaelcholáiste.
Mar shampla: Gaelcholáiste Cheatharlach, Gaelcholáiste Mhuire (Corcaigh),Gaelcholáiste Chiarraí, Coláiste Pobail Osraí (Cill Chainnigh), Gaelcholáiste Luimnigh, Gaelcholáiste Na Mara (Cill Mhantáin).Gaelcholáiste Phort Láirge agus araile.
Sa Bhearna Bhaol
Cad iad na critéir gur bronnadh aitheantas ar na scoileanna? Béarla mar theanga chumarsáide ag an mbainistíocht i scoil Ghaeltachta mar chritéir?