Aip nua teilifíse Saorview ar fáil i nGaeilge

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire gur ‘sampla eile’ í an aip nua den ‘chur chuige nua atá ag RTÉ agus ag Saorview i leith na Gaeilge’

Aip nua teilifíse Saorview ar fáil i nGaeilge

Tá aip nua curtha ar fáil ag Saorview  a aithníonn an í an Ghaeilge nó an Béarla atá roghnaithe agat ar d’fhón póca nó do tháibléad agus a chuireann seirbhís ar fáil dá réir.

Tugann an aip de chuid na seirbhíse teilifíse deis do lucht féachana Saorview a bplean teilifíse féin a leagan amach. Is féidir meabhrúchán a shocrú ar an aip chomh maith.

Gealltar go ndéanfar tuilleadh forbairtí ar an aip nua ach a sheolfar an tseirbhís nua Saorview Connect níos déanaí i mbliana. Beidh an Ghaeilge sa treis sna forbairtí sin chomh maith, a dúradh.

Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire gur “sampla eile” í an aip nua den “chur chuige nua atá ag RTÉ agus ag Saorview i leith na Gaeilge, ag cur seirbhísí ar fáil nach raibh ar fáil ach i mBéarla go dtí seo”.

“Tagann seo sna sála ar an aip raidió An Seinnteoir a seoladh níos luaithe sa mbliain, agus tá súil againn cur go mór le forbairtí digiteacha Gaeilge de chuid RTÉ san am ata amach romhainn,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire.

Tá suíomh idirlín nua seolta chomh maith ag Saorview ag agus tá www.saorview.ie ar fáil i nGaeilge freisin.

Oibríonn aip nua Saorview ar fáil saor in aisce ar Google Play agus san App Store.

Beidh feachtas fógraíochta dátheangach ar bun ag Saorview sna seachtainí amach romhainn chun aird a tharraingt ar an aip nua.

Fág freagra ar 'Aip nua teilifíse Saorview ar fáil i nGaeilge'