Tá cead tugtha ag cúirt in Lorient na Briotáine do thuismitheoirí buachalla óig an tilde ina ainm – ‘Fañch’ – a choinneáil go hoifigiúil.
Rugadh Fañch ar an 17 Meitheamh 2023 ach de réir rialacha daingne ainmnithe na Fraince ní féidir diaicriticí áirithe – an tilde (˜) atá san ainm Briotáinise ‘Fañch’ ina measc – a úsáid in ainmneacha baiste.
Nuair a rugadh Fañch tugadh rabhadh dá thuismitheoirí agus iad fós sa bharda máithreachais go bhféadfadh go mbeadh deacracht lena ainm, ach mhóidigh siad go gcuirfidís troid suas chun ainm a mic a chosaint dá mba ghá.
Ghlac méara Lorient, Farbrice Loher, leis an ainm nuair a cláraíodh an buachaill óg ar dtús. Cuireadh tús leis an trioblóid trí mhí ina dhiaidh sin nuair a d’éiligh ionchúisitheoir poiblí Lorient, Stéphane Kellenberger, i litir a seoladh chuig na tuismitheoirí, go mbainfí ‘Fañch’ den teastas breithe agus go gcuirfí ‘Fanch’ nó ainm eile ina áit, le toil nó gan toil na dtuismitheoirí.
D’ainmnigh Mélissa Yana agus Étienne Pichancourt a mac as duine dá shin-seanaithreacha agus bhí a thuismitheoirí diongbháilte go gcoinneodh sé an t-ainm agus é litrithe i gceart. De réir an dlí sa Fhrainc, níl cead do rogha ainm a thabhairt ar pháiste agus bíonn srianta áirithe i gceist. Is féidir le lucht cláraithe cás a dhéanamh ainm a athrú má shíleann siad gur ar aimhleas an pháiste a bheadh sé an t-ainm sin a bheith orthu.
Dúirt Me Iannis Alvarez, an dlíodóir a bhí ag Fañch agus a mhuintir, go raibh a chuid cliant “thar a bheith sásta” le cinneadh na cúirte an tseachtain seo.
“D’admhaigh an t-uachtarán gur lean an t-ionchúisitheoir poiblí an nós imeachta mícheart, agus is maith a fheiceáil go bhfuil na hionchúisitheoirí ag díriú ar an rud atá tábhachtach – leas an linbh,” a dúirt sé.
Dúirt sé go bhfuil súil aige anois go dtarraingeofar siar an ciorclán ó 2014 ar ar bunaíodh an cinneadh an chéad lá mar gheall “nach bhfuil éifeacht dlí leis” feasta.
Thug Kellenberger le fios don nuachtán Le Télégramme gur dócha ná a mhalairt go lorgódh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí achomharc ar chinneadh na cúirte sna seachtainí amach romhainn.
Is ionann Fañch sa Bhriotáinis agus François sa bhFraincis nó Proinsias sa Ghaeilge. Fearacht síneadh fada na Gaeilge, tá an tilde riachtanach do chruinnfhuaimniú na Briotáinise – cuireann an tilde (˜) an tsrónaíl san ainm Fañch in iúl. Ní hé seo an chéad uair ar tharraing an t-ainm Fañch raic i gcúirteanna na Fraince.
Sa bhliain 2019 fuarthas cead ar deireadh sa chúirt Fañch a thabhairt ar pháiste a rugadh dhá bhliain roimhe sin.
Nuair a rugadh Fañch Bernard in Quimper in 2017, dhiúltaigh oifigeach rialtais an tilde a úsáid ar a theastas breithe agus Fanch a thug sé air.
Chuir oifigeach níos sinsearaí an cinneadh sin ar ceal ach má rinne chuaigh ionchúisitheoirí i muinín na cúirte lena chinntiú go léireofaí an “meas” cuí ar stádas na Fraincise.
Cé go mbíodh an tilde á úsáid sa Fhraincis ar feadh i bhfad, rialaigh an chúirt nach raibh aon “aitheantas” aige sa teanga sin. Dúradh dá gceadófaí úsáid an tilde agus an t-ainm Fañch gur “sárú” a bheadh ann ar an gceart sa dlí “aontacht na tíre” a chosaint.
Cuireadh an cinneadh sin ar ceal i gcúirt achomhairc in Roazhon [Rennes] a rialaigh nár bhaol an tilde ná ‘Fañch’ do chóras an stáit.
Níorbh é sin deireadh an scéil, áfach.
Rinne ard-aighne Roazhon achomharc go dtí an chúirt shibhialta is airde sa tír agus imní air go bhféadfadh go mbainfeadh “impleachtaí ar bhonn náisiúnta” le ceadú Fañch mar ainm.
Dhiúltaigh an chúirt i bPáras don achomharc.
In 2021 glacadh le dlí i bparlaimint na Fraince chun teangacha réigiúnacha a chur chun cinn, dlí a dhaingnigh ceart tuismitheoirí ainmneacha leis an tilde agus diaicriticí eile a roghnú dá bpáistí.
Ba é sin an chéad uair ar tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958.
Measadh gur lá stairiúil a bhí ann nuair a tugadh isteach an dlí nua ach buaileadh buille mór ar theangacha réigiúnacha na Fraince nuair a rialaíodh an mhí dár gcionn go raibh an dlí míbhunreachtúil.
Mhaígh an Chomhairle Bunreachta go raibh dhá alt den bhille in aghaidh Alt 2 de Bhunreacht na Fraince a deir gurb í an Fhraincis “teanga na Poblachta”.
Scríobhadh leabhar faoi ‘L’Affaire Fañch’ dar teideal Fañch – le prénom breton qui a fait trembler la République nó ‘Fañch, an céadainm Briotáinise a bhain creathadh as an bPoblacht’.
Carraig
Sotal lucht na mórtheanga agus iad ag iarraidh satailt ar lucht na mionteanga. Anois cá heile a bhfaighfeá a leithéid? Bheadh foghair na hainme sin spéisiúil.