Traidhfil blianta ó shin bhí mé suite go teolaí ag ól mo chupáinín caife sa gclúid atá ar dheis nuair a théann tú isteach an doras i dtábhairne Tigh Taaffe i gCathair na Gaillimhe. Bhí beirt de bhunadh na háite sin ar mo chúl ag baint súmógaí as a gcuid piontaí. Béarla a bhí acu agus iad ag plé cúrsaí an tsaoil.
Tharla sos beag sa gcomhrá nó gur fhiafraigh ceann den cheann eile an raibh aon bhlas den rath le bheith ar aon cheachtar de na cainéil spóirt ar an teilifís an oíche sin.
‘The Copa del Rey Final’, an freagra a fuair sé.
‘What’s that?’ a d’fhiafraigh fear na ceiste. Rinne a chomrádaí beagán staidéir sular dhúirt sé. ‘I suppose it can be best explained as the Spanish All Ireland!’
‘Cluiche, seit agus comórtas’ mar a deir sé siúd a mbíonn an haitín bán air agus é ina shuí ar bharr an dréimire beag thall i Wimbledon.
Chuimhnigh mé ar chustaiméir deisbhéalach úd Tigh Taaffe an lá faoi dheireadh nuair a thug an traenálaí Aidan O’Brien le fios go raibh an capall is fearr ina stábla ‘City of Troy’ le tabhairt faoin Breeders Cup Classic sna Stáit Aontaithe faoi cheann cúpla seachtain. Bheadh freagra éicint aige. Tá sé ina mhianach.
Nárbh iad siúd a raibh cónaí orthu sa gceantar fhéin a bhaist ‘Lucht Tachta na Scadán’ ar mhuintir an Chladaigh mar go mb’iascairí a bhí ina mbunáite san am atá caite.
Ní haon rása amháin atá i gceist leis an Breeders’ Cup ach 14 acu – a leath sin a bhí i gceist go dtáinig 2007 nuair a rinneadh Féile dhá lá de. $1 milliún an ceann an duaischiste a bhaineann le leathdhosaen acu agus a dhá oiread sin do leathdhosaen eile. Tá $5 milliún as an Breeders’ Cup Turf agus $7 milliún as an Breeders’ Cup Classic, an rása ina mbeidh City of Troy.
Fad 1¼ míle (2000m) a bheidh ansiúd agus 14 capall ar a mhéid san iomaíocht.
Ba ar chúrsa Hollywood Park i Los Angeles a reáchtáladh na rásaí nuair a thosaigh an Breeders’ Cup i 1984. Tá sí sin dúnta anois ach tá cuid de na traiceanna is cáiliúla i Meiriceá ar an liosta áiteacha ina raibh an iomaíocht ina dhiaidh sin – athraítear ionad ó bhliain go bliain. Aqueduct, Santa Anita, Churchill Downs, Belmont Park, Keenland agus Del Mar, ceann de na cúrsaí is gleoite sna Státaí, é cois na farraige buailte ar San Diego. ‘Where the Surf meets the Turf’ an leathfhocal a úsáideann siad siúd a bhíonn i mbun bolscaireachta dó.
Ansiúd a bheas na rásaí i mbliana an dá lá is túisce de mhí na Samhna seo ag teacht.
Is mór atá idir rásaíocht na Stát Aontaithe agus mianach na rásaíochta a dhéantar in Éirinn agus i Sasana – is cuma an ar thalamh réidh nó thar na léimeanna a bhíonn an iomaíocht ar siúl. Le fírinne is beag tóir atá ar an léimrásaíocht i Meiriceá. Níl bhíonn sé ar siúl ach in 11 de na stáit agus iontu siúd féin is mó an tóir go mór atá ar an gcliathrásaíocht ná atá ar na léimeanna móra.
Go deimhin is mó de chliathrás ná de léimrás é Grand National na Stát Aontaithe. Nuair a bhuaigh Hewick, capall a thraenálann John ‘Shark’ Hanlon, é sin arú anuraidh $160,000 a bhí as. Fuair capall a thraenálann a chomharsa béal dorais Emmet Mullins i Muine Bheag £500,000 as ceann Aintree a bhuachan an bhliain chéanna sin.
Nuair a thugann an Poncánach cuireadh chuig ‘an traic’ duit, aon rud amháin atá i gceist aige.
Sa gcás go labhraíonn sé ar ‘shalachar’ – ní hé go bhfuil sé ag rá leat ceirt a chuimilt de do phus sula mbuailfidh sibh bóthar ansiúd – ag tagairt don dromchla ar a rithfidh na capaill atá sé. Féar glas a bhíonn i gceist sa tír seo cé is moite de chúpla traic, ‘Dirt’ a bhíonn sna Státaí den chuid is mó, cé go bhfuil dromchlaí sintéiseacha i gcorráit.
Meascán den ghaineamh, den chréafóg agus den siolta (glár) a bhíonn i bhformhór thraiceanna na Státaí. Sin mar a bheas i Del Mar, áit a rithfidh City of Troy an Bhrianaigh.
Creidtear go ritheann na capaill níos sciobtha ar an ‘salachar’ ná a dhéanann siad ar an bhféar. Ar an bhféar is amhlaidh a mhéadaíonn ar a luas de réir mar a théann an rás ar aghaidh ach ar an ‘salachar’ bíonn mórán mór lánluas fúthu ó thús deireadh an rása.
Tuathal a ritear na rásaí ar fad i Meiriceá agus tá sin amhlaidh leis na céadta bliain. Tá cúrsaí tuathail coitianta go leor i Sasana freisin, ach gur deiseal a théann na capaill i Kempton, Ascot agus Sandown. Más fíor, ba le teann dímheasa a shocraigh Uncail Sam a dhul an bealach eile.
Bhí an crónánaí Bing Crosby ar dhuine de bhunaitheoirí thraic rásaíochta Del Mar nuair a ritheadh rásaí ansiúd don chéad uair i 1937. Sheas sé féin taobh amuigh de na geataí le fáilte a chur roimh dhaoine.
Is faoi úinéireacht Stát California atá an 370 acra a bhfuil páirc na rásaí mar chuid díobh. Is ann freisin a bhí Aonach Stáit San Diego, an ceann is mó dá shórt i Meiriceá, áit a mbaineann traidisiún láidir lena leithéid.
Sa tír seo agus i Sasana is ar a gcuid talún féin a bhíonn na stáblaí ag formhór na dtraenálaithe capall ach i Meiriceá is gnách gur timpeall ar thraiceanna rásaíochta a choinnítear agus a thraenáiltear go leor de na capaill.
Go dtí seo níor bhuaigh aon chapall a bhí á thraenáil in Éirinn an Breeders’ Cup Classic. Beidh Aidan O’Brien ag súil go n-athróidh City of Troy an scéal sin an Satharn is túisce de mhí na Samhna.
Mar is dual dó, ní spárálfaidh an Brianach é féin ina chuid ullmhúchán. An tseachtain seo thug sé le fios go raibh sé leis an gcapall a thabhairt go Sasana go gairid áit a ndéanfaidh sé seársaí traenála ar thraic Southwell. Tá sé ráite leis gur ansiúd atá fáil ar an ithir is cosúla leis an gceann a bheas rompu i Del Mar.
Seans go raibh a fhios aige féin sin. Is beag a théann thairis agus cé nár thug sé an duais mhór leis go fóill, cheana féin tá 16 rása de chuid an Breeders’ Cup buaite ag capaill a bhí faoina chúram – an Turf cúig huaire.
Brian
Tá dhá stíl difirúil ann idir rasaíocht SAM agus rasaíocht na hÉireann agus I Shásana.Plaiseach na capaill as an geata chomh tapaidh le tintreach sa SAM. Sin an fáth a bhfuil an tús chomh tábhachtach i rásaíocht Mheiriceá. Bíonn go leor capall eorpach ag streachailt leis an bpléasc luais luath seo da bharr tosoidh na capaill go mall ar dtus san rasaíocht na hEorpa agus ag críochnaigh ag luas barr.