Agus anois beidh nuacht an iarthair againn á léamh as gteic Údarás na Gaeltachta!

Tá athrú ag teacht ar mhodhanna oibre daoine de thoradh na paindéime agus úsáid á baint ag oibrithe riachtanacha in earnáil na meán as gteic de chuid Údarás na Gaeltachta

Agus anois beidh nuacht an iarthair againn á léamh as gteic Údarás na Gaeltachta!

Beart fadbhreathnaitheach a rinne Údarás na Gaeltachta nuair a réitigh siad ionaid gteic ar fud na Gaeltachta.

Is é tuairim mheáite na n-eolaithe anois go mbeidh an-éileamh ar ionaid den chineál seo nuair a bheas an víreas bradach sin faoi smacht.

Go deimhin tá éileamh cheana féin ar an gcuid acu atá ag obair.

Gan dul thar an bparóiste seo againn féin is as ionad Roisín na Mainiach a chraoltar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta ar fud an domhain faoi láthair.

Tá TG4 ag baint leas as an ionad céanna.

Tríocha a haon ionad acu atá beartaithe ar fud na Gaeltachta ar fad.

I dteannta an ionaid i Roisín na Mainiach tá na hionaid eile seo faoi lán seoil: Gaoth Dobhair, An Cheathrú Rua, an Spidéal, na Forbacha, an Daingean i gCiarraí, Béal an Mhuirthead agus Béal Átha an Ghaorthaidh.

Ní bheadh aon mhoill ar oscailt na gceanna eile murach an ghéarchéim sláinte.

Sa mbaile atá cuid mhór daoine ag obair ó thosaigh an ghéarchéim sláinte. Deis an-mhaith atá ansin leis an éifeacht a bheas ag an modh oibre seo ar dhaoine agus ar chomhlachtaí sna blianta atá romhainn a léiriú.

Tá an dá thuairim ann faoin táirgeacht a d’fhéadfadh a theacht dá bharr. Dúirt úinéir comhlachta amháin gur chuir sé féin fear ag obair as baile agus gur mheas sé nach ndearna sé ach cúpla glaoch teileafóin i rith an lae. Dúirt úinéir eile gur mhéadaigh táirgeacht a chuid oibrithe siúd go mór nuair a thosaigh siad ag obair as baile.

Tá freagra eolaíoch againn anois ar chuid de na ceisteanna: tá suirbhéireacht déanta ag dream as Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Coimisiún an Iarthair ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis an athrú oibre.

Níl aon aithne agam ar an mbeirt ollscoile a bhí ina bhun ach tá eolas agam ar Phríomhfheidhmeannach Choimisiún an Iarthair, Tomás Ó Síocháin. Gaeilgeoir as Contae an Chláir é.

Chomh maith le tuiscint a bheith aige ar fhadhbanna an iarthair, tá scil mhór aige i gcúrsaí cumarsáide: chaith sé cuid mhaith de chúig bliana déag ag tuairisciú do TG4 agus do RTÉ.

Tá dóchas ag a lán daoine go gcuideoidh an obair as an mbaile le forbairt na gceantar tuaithe. Sin ar ndóigh ach ceangal maith leathanbhanda a bheith ar fáil iontu.

Shílfeá go bhfuil an rialtas ag éirí beagáinín dáiríre faoin leathanbhanda a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohue an lá faoi dheireadh gur géire ná riamh a theastóidh an leathanbhanda faoin tuath feasta.

Chaithfeadh sé go mbeadh an Comhaontas Glas sásta le bealach oibre ar bith a laghdódh turais oibrithe chuig a gcuid oibre. Cén chiall atá le bheith ag taisteal 78 ciliméadar chuile lá as Carna go Gaillimh abair nuair a d’fhéadfaí an obair a dhéanamh i gCarna féin?

Ar ndóigh ní bheidh chuile chineál oibrí in ann an t-athrú mór a dhéanamh: ní féidir bearradh gruaige a thabhairt ná fiacail a tharraingt ar líne.

Deacracht eile is ea gur fostóirí móra iad na comhlachtaí eachtrannacha in Éirinn. Déantúsaíocht is mó atá ar bun acusan agus tá sé ag luí le réasún go gcaithfidh na hoibrithe a bheith ar an láthair i gcónaí.

Ach níl sin riachtanach i gcás seirbhísí eile agus obair oifige. Cá bhfios nach dtiocfadh laghdú ar an méid oifigí galánta atá á dtógáil i mBaile Átha Cliath.

Arís bhí comhlachtaí iasachta ag súil le brabach mór a dhéanamh astu sin. Ba thairbhí dóibh iad a thógáil ná tithe cónaithe a chur ar fáil do dhaoine.

Ach oiread le chuile rud eile, beidh tionchar ag an nádúr daonna ar an toradh a bheas ar an scéal ar fad sa deireadh: ní éan corr ná éan cuideáin chuile oibrí agus is breá le cuid mhaith acu comhluadar a gcomhoibrithe.

Beidh imní ar chuid acu freisin gur lú seans a bheadh acu ar ardú céime dá mbeidís gróigthe seasta ar an ríomhaire sa mbaile nó in ionad gteic.

Fág freagra ar 'Agus anois beidh nuacht an iarthair againn á léamh as gteic Údarás na Gaeltachta!'