Agus aird an domhain ar Gaza, cad iad na himpleachtaí don Úcráin?

Cé go dtabharfaidh cuid mhaith tíortha a dtacaíocht don Úcráin beag beann ar aird na meán, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an tacaíocht chéanna ar fáil i gcónaí ó thíortha eile

Agus aird an domhain ar Gaza, cad iad na himpleachtaí don Úcráin?

Trí lá i ndiaidh na n-ionsaithe gan choinne a rinne HAMAS ar shibhialtaigh Iosraelacha sheol na Rúisigh ceann de na hionsaithe armúrtha is mó a chonacthas san Úcráin go dtí seo.

Measadh gur chuir siad thart ar 1000 tanc agus feithicil armúrtha troda chun catha chun cathair Avdiivka gar do chathair Donetsk san oirthear a thimpeallú.

Seachtain tar éis na n-ionsaithe in Iosrael rinne na hÚcránaigh ionsaí ar dhá aerbhunáit sna críocha gafa 100 ciliméadar ón líne choimhlinte, áit ar scrios siad, de réir íomhánna satailíte, níos mó ná 14 ingearán de chuid arm na Rúise. Ó na híomhánna céanna, is léir gur bhain siad úsáid as diúracáin, ar a dtugtar ATACMS, diúracáin a dhiúltaigh na Meiriceánaigh a chur ar fáil dóibh ó thús an chogaidh.

Dá dtarlódh an t-ionsaí ar Avdiivka nó soláthair na ndiúracán coicís nó seachtain roimh na hionsaithe in Iosrael, is ar na himeachtaí sin a bheadh aird na meán idirnáisiúnta dírithe, ach faoi láthair níl mórán tráchta sna meáin orthu mar gheall ar chúrsaí i nGaza.

Ní hamháin go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta tarraingthe den chogadh ach tá agus beidh aird an domhain, lena n-áirítear na taidhleoirí, na polaiteoirí agus na ceannairí, dírithe ar chúrsaí sa Mheánoirthear seachas ar an Úcráin. Ní athróidh sé sin go dtí go socróidh cúrsaí síos.

Impleachtaí don Úcráin

Nuair nach mbíonn scéalta faoin Úcráin sna meáin idirnáisiúnta cailleann taidhleoirí na hÚcráine deis thábhachtach chun dul i bhfeidhm ar thaidhleoirí agus ar pholaiteoirí i dtíortha eile. Cé go dtabharfaidh cuid mhaith de na tíortha in oirthear na hEorpa a dtacaíocht don Úcráin beag beann ar aird na meán, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an tacaíocht chéanna ar fáil i gcónaí ó thíortha in iarthar na hEorpa nó ó thíortha níos faide i gcéin.

Anuas air sin má mheasann tíortha ar fud an domhain nach bhfuil tíortha an iarthair ag cloí leis na prionsabail chéanna maidir le dul chun cinn an dá chogadh nó má chloiseann siad ráitis ó cheannairí atá ag teacht salach ar na prionsabail sin, seans go mbeidh deis ag an Rúis dul i bhfeidhm ar chuid de na tíortha sin chun iad a mhealladh ar a taobh féin den aighneas.

Mura maireann an cogadh i nGaza rófhada seans nach mbeidh tionchar aige ar sholáthairtí airm don Úcráin ach má leanann sé ar aghaidh go ceann i bhfad nó má imíonn sé ó smacht, beidh.

Tá na Meiriceánaigh ag rá le roinnt míonna anuas go bhfuil cuid dá soláthairtí don Úcráin, go háirithe sliogáin airtléire, ag éirí gann. Má mhaireann an cogadh sa Mheánoirthear i bhfad nó má osclaíonn fronta nua ar an teorainn leis an Liobáin, níl amhras ar bith ann ach go dtabharfaidh siad tús áite don éileamh ó na hIosraelaigh má tá sliogáin airtléire nó diúracáin fhrith-aerárthaí de díith orthusan.

Mar shampla den chur chuige seo, tuairiscíodh go raibh margadh á phlé ag na Meiriceánaigh ionas go gcuirfeadh an Pholainn na córais fhrith-aerárthaí ar fáil don Úcráin roimh an ngeimhreadh agus go bhfaigheadh sise an córas frith-aerárthaí ar a dtugtar Iron Dome ina n-áit ón Iosrael. Tá na cainteanna sin curtha ar leataobh faoi láthair.

Má bhíonn deacrachtaí ag na hIosraelaigh an lámh in uachtar a fháil i nGaza, déanfaidh tíortha eile, atá ag cur soláthairtí míleata ar fáil don Úcráin, measúnú gur chóir dóibh cuid de na soláthairtí a choimeád i dtaisce dóibh féin ar eagla go n-imeoidh an cogadh i nGaza ó smacht.

Má tharlaíonn a bhféadfadh ó na himpleachtaí thuasluaite beidh buntáiste ag na Rúisigh. Sa chás go n-imeodh cúrsaí sa Mheánoirthear ó smacht rachaidh praghas na hola in airde, rud a rachaidh chun tairbhe na Rúise agus airgead breise acu chun an cogadh a mhaoiniú.

An Rúis agus Iosrael

Mar gheall ar ionsaithe HAMAS beidh na hIosraelaigh ag déanamh dianscrúdú ar an gcaidreamh idir an Rúis agus an Iaráin. Nuair ba threise an cogadh cathartha sa tSiria thug na Rúisigh tacaíocht do rialtas na Siria agus bhí orthu comhoibriú leis an Iaráin. Mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, tá an caidreamh sin tar éis feabhsú agus tá an dá thír ag comhoibriú ar sholáthairtí airm faoi láthair.

Ag an am céanna tá caidreamh maith freisin idir Uachtarán na Rúise agus Príomh-Aire Iosrael le blianta beaga anuas agus bhí an Rúis in ann an dá thrá a fhreastal. Mar gheall air seo tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag aerfhórsaí an dá thír chun timpistí san aerspás os cionn na Liobáine agus na Siria a sheachaint.

Ach má aimsíonn na hIosraelaigh aon cheangal díreach idir HAMAS nó fiú Hezbollah, grúpaí a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, agus an Rúis beidh an caidreamh sin i bhfíorbhaol. Fiú amháin anois tá glórtha arda le cloisteáil in Iosrael ag rá gur chóir dóibh tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin tar éis dóibh slad a dhéanamh ar HAMAS.

An tsáinn

Tá seans ann go gcruthóidh an cogadh i nGaza deacrachtaí do na hÚcránaigh ó thaobh soláthairtí airm de má leanann sé ag aghaidh go ceann i bhfad. Ach toisc go bhfuil cuid mhaith den soláthair armlón faoi chonradh, cúiteoidh sé sin cuid de na deacrachtaí a d’fhéadadh a bheith ann agus ní chuirfidh sé isteach go mór orthu sa ghearrthéarma. Má thugann na hIosraelaigh tacaíocht mhíleata don Úcráin, agus níl sé cinnte go dtarlóidh sé seo, ní bheidh aon tionchar cinniúnach aige ach oiread ar an gcogadh, atá i sáinn.

Cé go bhfuil baol ann go gcruthóidh an cogadh i nGaza deacrachtaí di, is é an baol is mó don Úcráin go gcaillfeadh sí tacaíocht mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil ó na Stáit Aontaithe mar gheall ar an raic i gComhdháil na Stát Aontaithe nó mar gheall ar Uachtarán nuathofa a bheadh i gcoinne tacaíocht a thabhairt di. Má tharlaíonn sin, beidh dinimic eile sa chogadh san fhadtéarma.

Fág freagra ar 'Agus aird an domhain ar Gaza, cad iad na himpleachtaí don Úcráin?'