Ag taifeadadh ar shléibhte na hÉireann le linn na paindéime

Bhí cead ag foireann teilifíse a bheith i mbun oibre nuair a chuaigh an phaindéim chun donais ar fad ach bhí an saol athraithe

Ag taifeadadh ar shléibhte na hÉireann le linn na paindéime

I dtús na bliana 2020 a chuireamar an smaoineamh os comhair cruinniú den Chiste Craoltóireachta Gaeilge, an BBC agus RTÉ.(Cé a chuimhníonn anois ar an am sin, nuair ab fhéidir slua a thabhairt le chéile i seomra cruinnithe agus labhairt le chuile dhuine go pearsanta?) Dhéanfadh muid sraith sé chlár faoi na pobail a mhaireann sna sléibhte nó faoi scáth na sléibhte i gceantair éagsúla ar fud na tíre, a dúirt muid.

Ní raibh aon chaint ar phaindéim ag an am. B’fhéidir go raibh cúpla duine buailte tinn i dtuaisceart na hIodáile ag drochfhliú ach b’in an méid. Ní raibh mé féin i bhfad tagtha chugam féin tar éis fliú de chineál éigin sa Spáinn. Ach bhí gach rud i gceart anois, agus ba léir gur fháiltigh na heagarthóirí coimisiúnaithe sna stáisiúin teilifíse roimh an gcoincheap.

Ní raibh le déanamh ach na daoine agus a gcuid scéalta ó na sléibhte a aimsiú agus an rud a dtugtar ‘blaiseadh’ air a thaifeadadh.

Bhí an t-ádh leis an gcomhlacht Strident Media i mBéal Feirste go bhfuaireadar sárstiúrthóir, Sinéad Ingoldsby, leis an obair a chur i gcrích. Thaistil sí ó cheann ceann na tíre i rith 2020, ag taifeadadh scéalta agus ag bailiú eolais faoi na daoine a bheadh sa ‘bhlaiseadh’ sin. An rud a bhí uaithi ná daoine a aimsiú a mbeadh scéal le hinsint acu agus rudaí ag titim amach ina saol laethúil i rith na bliana 2021. An modh ‘breathnaitheach’ a bheadh á úsáid aici. Agus ní hamháin go mbeadh sí á stiúradh ach bheadh sí i mbun an cheamara freisin.

Ní mar a shíltear a bhítear i réimse na teilifíse, áfach. Nuair a chuaigh an phaindéim chun donais ar fad, cé go raibh cead ag foireann teilifíse a bheith i mbun oibre, bhí srianta daingne ag teacht de réir a chéile ar shaol na ndaoine a thoiligh a bheith páirteach sa tsraith.

Dhún an scoil i mBaile Locha Riach. Ansin dhún an t-óstán i nGleann Molúra Chill Mhantáin. B’éigean do dhaoine a bhí níb aosta fanacht istigh ag clutharú. D’imigh cuid de na daoine as amharc ar fad nó gur fheabhsaigh cúrsaí sláinte an phobail amach sa mbliain.

Bhí an aimsir uafásach i dtús na bliana. Roinnt imeachtaí a bhí le tarlú i lár an gheimhridh, cuireadh ar ceal iad. B’éigean teacht ar bhealaí eile chun scéal phobal na sléibhte a inseacht.

Ba é scéal Shéamuis, sna Beanna Boirche, an sampla ab fhearr den chruatan a fhulaingíonn feirmeoirí agus iad i mbun feirmeoireachta caorach sléibhe. Shílfeá gurb é Samuel Beckett féin a scríobh an script do Shéamus agus é ag iarraidh a bheith ag streachailt le tuilte, le sneachta agus le fuacht. Chinn air arís agus arís eile na caoirigh a chur suas an sliabh. ‘Triail arís, clis arís, clis níos fearr…’ mar a dúirt Beckett.

Tosaíodh ag obair ar an smaoineamh mar shraith clár a leanfadh daoine áirithe agus iad ina gcónaí i gcuid de na ceantair is sceirdiúla agus is scoite amach sa tír. Ach trí chasadh aisteach i saol an domhain, chríochnaigh sé suas mar dhialann phaindéime agus an chaoi ar mhair daoine idir óg agus aosta, trí thréimhse an-neamhghnách i stair chomhaimseartha na tíre.

Scéal na bpobal a mhaireann i measc na sléibhte in Éirinn atá sa tsraith Ar An Sliabh, a taifeadadh i rith na bliana 2021. Bliain eisceachtúil a bhí inti. Ní raibh aon súil ag éinne a bhí ag obair air ag an tús gur mar sin a d’iompódh an bhliain amach.

Ach ar bhealach, sin ceann de na láidreachtaí a bhaineann leis anois. Insíonn scéal gach duine de na carachtair an chaoi ar mhair siad tríd an tréimhse sin, cén brú a bhí orthu, cén brón agus cén t-uaigneas a chothaigh sí.

Leaid óg 12 bliain d’aois is ea Cérill i gceantar Sliabh Eachtaí. Tá sé gearrtha amach óna chairde, ach níl uaigneas air i measc na n-ainmhithe agus an nádúir. Tá a scoil i mBaile Locha Riach dúnta. Ach tá smaoineamh ag Cérill…cuirfidh sé gnó ar bun.

Feirmeoir caorach is ea Séamus agus é scoite amach leis féin faoi scáth na mBeanna Boirche. Is breá leis na sléibhte, fiú amháin nuair a bhíonn siad faoi bhrat sneachta.

Den chéad uair riamh, dúnadh doirse an Glenmalure Lodge i gcroílar Shléibhte Chill Mhantáin, le linn an Covid. Níl a fhios ag muintir Dowling, ar leo é, an osclóidh siad arís go brách.

Ar thaobh na gréine ar Shliabh gCuillinn tá úllord breá ag Seán. Tá súil aige ceirtlis a dhéanamh as na húlla sa bhfómhar. Tugann John Ross aire mhaith dá chuid beach agus déanann sé mil sna Beanna Boirche.

Ag streachailt le hobair ón mbaile atá an t-ábhar oide Niamh agus an Príomhoide Pól. Tá seisean ag súil go mór leis an lá a bhfáilteoidh sé ar ais roimh a chuid daltaí scoile. Tá Seán i gCill Mhantáin ag dúil leis an lá go mbeidh sé in ann barróg a thabhairt dá gharchlann.

Is carachtair iad na sléibhte sa tsraith seo freisin. Feicimid iad ó shéasúr go séasúr agus iad ina gcúlphictiúr maorga ar leith ag gach pobal. Ceithre phobal atá sa tsraith – pobal Ard Macha Theas ar Shliabh gCuillinn agus iad teanntaithe ag Fáinne gCuillinn; pobal scaipthe Shliabh Eachtaí in oirthear na Gaillimhe agus iad gar dochontae an Chláir agus Tiobraid Árainn; muintir Chill Mhantáin sna sléibhte gar don phríomhchathair ach atá fós amuigh faoin tuath; agus pobal na mBeanna Boirche a mhaireann cois cósta agus i measc na sléibhte i gceann de na ceantair is áille agus is iontaí ar fad.

-Comhléiriú is ea Ar An Sliabh idir RTÉ agus BBCNI. Bíonn sé ar RTÉ a hAon ar an Luan ag 7.30pm agus beidh sé ar BBC NI amach anseo

Fág freagra ar 'Ag taifeadadh ar shléibhte na hÉireann le linn na paindéime'

  • Pádraig Ó Baoill

    Clár thar a bheith spéisiúil