Ag súil le téarnamh – Mary Lou McDonald

Tá roinnt botún déanta ag Mary Lou McDonald ó toghadh d’aon ghuth í ina huachtarán ar Shinn Féin i mí Feabhra

Ag súil le téarnamh – Mary Lou McDonald

Tá ainm atá sár-oiriúnach don saol polaitiúil ar cheannaire Shinn Féin. Abair ‘Mary Lou’ le linn comhrá ar bith agus bíonn a fhios ag gach duine láithreach cé atá i gceist.

Ní theastaíonn sloinne, ná cur síos ar bith eile. Tá a fhios ag gach duine sa tír cé atá i gceannas ar Shinn Féin ó d’éirigh Gerry Adams as uachtaránacht an pháirtí deich mí ó shin.

Faraor, ní leor ainm so-aitheanta chun páirtí a neartú ná chun misneach agus meas an phobail maidir le páirtí a choinneáil i réim. Mar is léir ónar tharla ó toghadh Mary Lou McDonald d’aon ghuth mar uachtarán ar Shinn Féin i mí Feabhra.

Ó shin i leith…

* D’éirigh beirt Teachtaí Dála, Carol Nolan agus Peadar Tóibín, as an bpáirtí mar gheall ar a míshásamh leis an bpolasaí atá ag Sinn Féin ar ghinmhilleadh. Tá 21 Teachta Dála fágtha ag Sinn Féin ó d’imigh siad.

* Sa toghchán Uachtaránachta, ní bhfuair iarrthóir Shinn Féin Liadh Ní Riada ach 6.4% den vóta – níos lú ná a leath de sciar an pháirtí den vóta in olltoghchán 2016 (13.8%).

* Ní léir neartú seasmhach fós sna pobalbhreitheanna ar thacaíocht an pháirtí ó chuaigh sí i gceannas. Sa suirbhé is deireanaí, a rinne Red C deich lá ó shin don Sunday Business Post, dúirt 13% de na vótóirí a ceistíodh go vótálfaidís do Shinn Féin.

Gan dabht, is é toradh an toghcháin Uachtaránachta an buille is troime dár tugadh don cheannaire nua go dtí seo.  Ba léir láithreach an t-ábhar imní is mó. Níl a leath de na vótóirí a thug tacaíocht do Shinn Féin san olltoghchán chomh dílis sin go bhfuil siad toilteanach tacú leis an bpáirtí i gcónaí.

Ní hionann toghchán uachtaránachta agus gnáth-thoghchán, toisc gur láidre an tionchar a bhíonn ag iarrthóir ar rogha an phobail i dtoghchán uachtaránachta. Is follasach mar sin féin an chontúirt do gach comhalta de chuid Shinn Féin a roghnófar mar iarrthóir i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana seo chugainn.

Bíonn síol dea-scéala i ngach tubaiste pholaitiúil, agus ceacht le foghlaim. Má chuireann Sinn Féin dlús lena saothar ullmhúcháin as seo go ceann sé mhí, beidh seans réasúnta acu cur leis an líon ionadaithe tofa i mí na Bealtaine.

Tá gach ar tharla sular roghnaigh an páirtí Liadh Ní Riada, chomh maith le riar an fheachtais ar a son, á phlé faoi láthair ag coiste speisialta faoi chathaoirleacht an Teachta Dála Martin Ferris.

Ar ndóigh, ní ar cheannaire an pháirtí amháin atá an milleán nach raibh rath ar an bhfeachtas uachtaránachta, ach is uirthi thar aon duine eile a thiteann an fhreagracht.  Dúirt Mary Lou McDonald sarar roghnaíodh Liadh Ní Riada gur chóir rogha a thairiscint don phobal.

Ní leor prionsabal áfach mar phríomhchúis le bheith páirteach i dtoghchán. Mar is léir don chosmhuintir anois, ní fiú a bheith san iomaíocht murar féidir cur ina luí ar do lucht leanúna, ar a laghad, tacú leis an iarrthóir a roghnaíodh.

Is mar gheall ar chion an phobail ar Mhícheal D. Ó hUigínn a thug Leo Varadkar, Micheál Martin agus Brendan Howlin tacaíocht dó i mbliana. Bhí cúis eile lena gcinneadh: theastaigh uathu go léir saothar costasach gan tairbhe a sheachaint.

B’fhéidir go mbeadh ciall le cinneadh Shinn Féin páirt a ghlacadh sa toghchán uachtaránachta dá mbeadh sár-iarrthóir aimsithe acu. Abair go raibh iarrthóir ag an bpáirtí ar comhchéim le Martin McGuinness ó thaobh taithí agus aitheantais de. Ní raibh iarrthóir dá leithéid ar fáil. Ghlac Sinn Féin páirt mar sin i rás arbh léir ó thús nach mbuafaidís é.

Thug Mary Lou McDonald drochbhreithiúnas eile níos luaithe i mbliana agus dhá thuairim a bhí glan in aghaidh a chéile á nochtadh aici faoi reifreann ar cheist na teorann i dTuaisceart Éireann.

Dúirt sí i dtosach go gcaithfí fanacht go mbeadh ceist an Bhreatimeachta réitithe sara reáchtálfaí reifreann dá leithéid. Dúirt sí an lá dár gcionn go mbeadh reifreann faoi cheist na teorann riachtanach dá dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe amach as an AE gan aon mhargadh a bheith déanta roimh ré.

Ar ndóigh, shéan sí go raibh aon chontrárthacht idir an dá thuairim, agus chuir sí i leith na meán nár bhain siad an chiall cheart as a ndúirt sí. Mar a dhéanann gach ceannaire atá i sáinn mar gheall ar chaint chonspóideach.

Déanann gach ceannaire polaitiúil botúin ó am go h-am. Is léir don saol éirim agus líofacht cheannaire Shinn Féin. Ach beidh gá ag Mary Lou le stuaim, agus tost uaireanta, sara ndéanfar dearmad ar na botúin a rinne sí i mbliana.

Fág freagra ar 'Ag súil le téarnamh – Mary Lou McDonald'

  • Eoin Ó Murchú

    Ní aontaím le chuile rud a deir Cathal anseo, ach tríd is tríd is léirmheas stuama macánta é. Ach ní luann Cathal an botún is mó ata déanta ag Mary Lou, agus sin é an tacaíocht gan cheist a thugann sí don Aontas Eorpach. Nuair a bhí Gerry Adams ann ghlac sé leis nár chóir idirdhealú a dhéanamh idir Tuaisceart agus Deisceart mar gheall ar Bhreatimeacht, ach bhí sé cáinteach i gcónaí ar an Aontas Eorpach féein. Tá an cáineadh sin ligthe i ndearmad ag Mary Lou, agus roinnt a thug tacaíocht don pháirtí ar son fíor-neasmhpleachas a bhaint amach tá siad mí-shuaimhneach faoi. Tá an scéal seo níos tábhachtaí ná an cúpla duine a chaillfear mar gheall ar ghinmhilleadh, measaim.

  • Pól Ó Braoin

    Ní airím go bhfuil ár dtír féin againn níos mó agus is lú mo mheas ar Shinn Féin mar ábhar dóchais agus Mary Lou i gceannas orthu…

  • I bhfolach i bhfocail

    @Eoin
    “Níos tábhachtaí ná an Cúpla duine a chaillfear mar gheall ar ghinmhilleadh”