‘Acadamh Ros na Rún’ bunaithe agus ganntanas daoine oilte ar chomhlachtaí léiriúcháin Gaeilge

Deir Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Sraithe Feidhmeach ‘Ros na Rún’, go bhfuil an cúrsa teilifíse nua á reáchtáil le dul i ngleic leis an ghanntanas daoine atá oilte do ‘róil chriticiúla’ sa léiriú teilifíse

‘Acadamh Ros na Rún’ bunaithe agus ganntanas daoine oilte ar chomhlachtaí léiriúcháin Gaeilge

Tá cúrsa teilifíse nua ‘Acadamh Ros na Rún’ á chur ar bun le dul i ngleic leis an “easnamh” san earnáil teilifíse Gaeilge maidir le daoine a bhfuil ardscileanna acu.

Comhfhiontar atá sa chúrsa nua idir Gréasán na Meán Skillnet agus an sobal Gaeilge Ros na Rún, a chraoltar ar TG4.

Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Sraithe Feidhmeach Ros na Rún, go bhfuil ‘Acadamh Ros na Rún’ á reáchtáil le dul i ngleic leis an ghanntanas daoine atá oilte do “róil chriticiúla” sa léiriú teilifíse.

“Mar léiritheoir neamhspleách teilifíse agus mar sholáthróir ar an sobaldráma is ceannródaíche ar TG4, tá a fhios againn go bhfuil easnamh iarrthóirí ardsciliúla ann do róil chriticiúla sa léiriúchán teilifíse,” a dúirt Ní Ghadhra. 

Dúirt sí go raibh an cúrsa teilifíse nua “deartha go cúramach” agus “bunaithe ar an taithí phraiticiúil” atá faighte ag foireann an tsobail Ghaeilge, chun a chinntiú go bhfaighidh oiliúnaithe an “tacar sainscileanna” is gá le dul i mbun oibre in earnáil na teilifíse Gaeilge.

Clár ocht seachtaine atá i gceist le cúrsa Acadamh Ros na Rún, ina ndíreofar ar réimsí éagsúla d’obair theilifíse, go háirithe léiriú sobaldrámaí agus drámaí eile.

Agus béim á cur ar thaithí phraiticiúil, caithfidh lucht an chúrsa ceithre lá den tseachtain i mbun traenála leis an chriú ar sheit Ros na Rún ar an Spidéal, a fhad is atá an séasúr nua á thaifeadadh. Beidh lá amháin sa tseachtain á chaitheamh sa seomra ranga ag díriú ar an taobh gnó den obair theilifíse.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar áit ar an chúrsa ó dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí léiriúcháin, eagarthóireachta, stiúrthóireachta, smididh agus dearadh feistis.

Cuirfear tús le hAcadamh Ros na Rún ar an 30 Deireadh Fómhair agus tá go dtí an 19 Deireadh Fómhair ag daoine chun iarratas a dhéanamh ar áit ar an chúrsa.

Fág freagra ar '‘Acadamh Ros na Rún’ bunaithe agus ganntanas daoine oilte ar chomhlachtaí léiriúcháin Gaeilge'