Tá a rogha déanta ag Kamala Harris agus an té a bheidh ag seasamh in éineacht léi sa toghchán uachtaránachta faoi Shamhain ainmnithe aici. Ach cé hé Tim Walz? Cén fáth ar roghnaíodh é? Agus céard a chuirfidh sé leis an bhfeachtas in aghaidh Donald Trump as seo go ceann trí mhí?
Tá Tim Walz ina ghobharnóir ar Minnesota ó 2019 agus roimhe sin bhí sé dhá bhliain déag ina bhall den chomhdháil. Tá cáil air nach gcuireann sé fiacail ann – le gairid tugadh aird go leor ar a chuid cainte go bhfuil Donald Trump agus a leathbhádóir JD Vance “aisteach”.
Eisean a bhí i bhfeighil le linn na gcíréibeacha a lean dúnmharú George Floyd in 2020 nuair a bhí na Stát Aontaithe agus an domhan ar fad ag faire air, ach is beag caint a bhí faoi mar iarrthóir leas-uachtaránachta go dtí le laethanta beaga anuas. Tháinig sé chun cinn go mór le tamall ainneoin go leor sa bpáirtí a bheith den tuairim gur cheart gobharnóir Pennsylvania Josh Shapiro a roghnú.
Bhí sé de bhuntáiste ag Shapiro go mbeadh naoi vóta dhéag sa gcoláiste toghchánaíochta ag teacht le Pennsylvania, ach tá sé dearbhaithe ag Shapiro go dtacóidh sé le Harris mar iarrthóir. Giúdach é Shapiro a thacaíonn go láidir le hIosrael – ceist a d’fhéadfadh cur as do vóta Harris mar go bhfuil fearg i measc go leor Daonlathach faoin seasamh atá glactha ag an Teach Bán go dtí seo faoin gcogadh in Gaza.
Bhí ainmneacha roinnt daoine as iarthar na Stát Aontaithe á lua freisin – an Seanadóir Mark Kelly as Arizona agus gobharnóir Chalifornia Gavin Newsome, ina measc. Ar bhonn tíreolaíochta a cuireadh an bheirt as an áireamh mar gur as California Harris agus dá réir ionadaíocht san fheachtas ag an gcósta thiar cheana féin.
Chuir Gretchen Whitmore as Michigan í féin as an áireamh nuair a d’fhógair an tUachtarán Biden nach mbeadh sé féin sa tóir ar ainmniúchán – bhí sé soiléir ón tús nach mbeadh bean eile á roghnú ag Kamala Harris. Tá sé deacair go leor a chreidiúint go bhfuil pobal na Stát Aontaithe réidh le bean dhubh a thoghadh mar Uachtarán, ní áirím an dara bean in éineacht léi mar iarrthóir.
Ní bheidh tairbhe polaitiúil chomh soiléir sin ag Harris as ainmniú Walz – stát daingean Daonlathach is ea Minnesota ó na seachtóidí sa chéad seo caite i leith. Áirítear i measc liobrálaigh an pháirtí é freisin, leide go bhfuil an feachtas le díriú ar vótóirí a bhfuil lagmhisneach orthu le treo le nDaonlathach agus a mbeadh fonn orthu fanacht sa mbaile lá na vótála de bharr a neamhshuim i gceachtar de na hiarrthóirí.
Beidh cúpla rud le déanamh ag Walz sa bhfeachtas seo. Níl Daonlathaigh aontaithe go hiomlán faoin treo ina bhfuil a bpróiseas ainmniúcháin ag dul ó d’fhógair Biden go raibh sé ag seasamh i leataobh. Tá roinnt ina measc a chreideann gur cheart an próiseas a fhágáil faoi choinbhinsiún an pháirtí in Chicago an mhí seo ó tharla nach raibh aon fheachtas réamhthoghcháin le troid ag Harris. Tá tuilleadh fós crosta le Biden nár ghéill níos túisce don bhrú a bhí air agus deis níos fearr a thabhairt don pháirtí a gcás a dhéanamh.
Bíodh sin mar atá tá an fhoireann a bhfuil an cúram orthu aghaidh a thabhairt ar Donald Trump agus JD Vance ar eolas againn anois. Bhí Trump ar mhuin na muice ar feadh roinnt seachtainí – trua ag daoine dó faoin iarracht a rinneadh é a fheallmharú – ach a chothaigh íomhá de i measc a lucht tacaíochta mar dhuine láidir.
Is beag trácht anois ar an cásanna cúirte ina aghaidh ainneoin é a bheith ciontaithe in os cionn deich gcinn fhichead de chúiseanna i Nua-Eabhrac roinnt seachtainí ó shin. Tá sé socair freisin mar thoradh ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí faoi dhíolúine ó chúiseanna i dtaobh chíréibeacha an 6 Eanáir 2021.
Tabharfaidh Harris agus Walz faoi thuras stocaireachta as seo go ceann roinnt laethanta ar chuid de na Stáit a bheidh cinniúnach sa toghchán.
Chuir siad tús lena dturas in Philadelphia Pennsylvania aréir agus tabharfaidh siad aghaidh chomh maith Wisconsin, Michigan, Georgia, Arizona, North Carolina agus Nevada.
Tá na pobalbhreitheanna fabhrach di faoi láthair agus tá an t-airgead ag teacht isteach go tiubh.
Ceist atá fós le freagairt an bhfuil pobal na Stát Aontaithe, atá chomh deighilte agus a bhí siad riamh, réidh le bean a chur in oifig an Uachtaráin sa Teach Bán.
Fág freagra ar 'A rogha déanta ag Kamala Harris le tabhairt faoi Trump agus Vance ‘aisteach’'