Athrú beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a d’fhágfadh nach mbeadh ‘mórán céille’ leis an bpleanáil teanga

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan dul ar aghaidh le hathrú a mhaíonn siad a lagódh ‘cosaint na Gaeilge sa gcóras pleanála sa gcuid is mó den Ghaeltacht’

Athrú beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a d’fhágfadh nach mbeadh ‘mórán céille’ leis an bpleanáil teanga

Tá cumann forbartha Gaeltachta ag iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan dul ar aghaidh le hathrú atá beartaithe a dhéanamh ar phlean forbartha an chontae toisc go “go lagaíonn sé cosaint na Gaeilge sa gcóras pleanála sa gcuid is mó den Ghaeltacht”.

Ag cruinniú a d’eagraigh Cumann Forbartha Chois Fharraige aréir aontaíodh go n-iarrfaí ar an gComhairle an t-athrú a chur ar cheal mar nach léir go bhfuil soláthar déanta ann “do riachtanais tithíochta na bpobal i gceantair eile Gaeltachta” taobh amuigh de shráidbhailte na Ceathrún Rua, an Spidéil agus Bhaile Chláir.

Maíonn an cumann gur beag ciall a bheadh leis an bpleanáil teanga sa cheantar dá gcuirfí an t-athrú atá beartaithe i bhfeidhm.

I ráiteas a d’eisigh Cumann Forbartha Chois Fharraige inniu maíodh gurb amhlaidh gurb é atá beartaithe ag an gComhairle ná “straitéis lonnaíochta do thrí shráidbhaile” agus gurb í an straitéis sin a bheadh in úsáid feasta mar pholasaí pleanála don Ghaeltacht.

Thiocfadh an straitéis nua in áit an Plean Ceantair Áitiúil don Ghaeltacht a tháinig isteach in 2008 agus ar cuireadh síneadh ama leis go dtí 2018, a dúradh.  

Mhaígh Cumann Chois Fharraige nach mbeadh “aon chiall” feasta le polasaí na Comhairle “An Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur Chun Cinn sa Phróiseas Pleanála” sa chás go dtabharfaí an straitéis nua isteach.

“Ní léir, mar shampla, go mbeadh aon ghá a thuilleadh don Chomhairle Chontae Clásal Feidhme Teanga a chur ar sciar de na tithe a thógfaí in áit ar bith i gCois Fharraige taobh amuigh den Spidéal.

“Go bunúsach tá an chosaint láidir don Ghaeilge atá in LAP na Gaeltachta – coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon fhorbairt le dhá theach nó níos mó –  atá i bhfeidhm ó 2008, á chur ar cheal sa chuid is mó den Ghaeltacht,” a dúradh i ráiteas  Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Dúradh ag cruinniú na hoíche aréir i gCois Fharraige gurbh fhearr Plean Ceantair Áitiúil (LAP) nua a thabhairt isteach don Ghaeltacht seachas “athrú lochtach” a chur ar Phlean an Chontae. Tá sé i gceist dearcadh an chumainn faoin scéal a chur ar a súile do na comhairleoirí contae i gceantar Bardasach Chonamara.  

Ag tagairt don cháipéis nua ‘Athrú Beartaithe Uimh. 2(b) Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2015 – 2021’, dúirt lucht an Chumainn Forbartha nach raibh “mórán céille” le pleanáil teanga “nuair atá an t-údarás pleanála ag lagú na cosanta sa gcóras pleanála don Ghaeilge mar theanga phobail”.

Dúradh go raibh “práinn” leis an scéal mar gurb é Dé Luain seo chugainn, an 8 Eanáir, an spriocdháta i gcomhair aighneachtaí faoin athrú atá beartaithe ar an bplean contae. 

Fág freagra ar 'Athrú beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a d’fhágfadh nach mbeadh ‘mórán céille’ leis an bpleanáil teanga'

  • Ruairí

    Tithe le haghaidh Béarlóirí Sa Spidéil agus ar an gCeathrú Rua an toradh a bheas ar seo,go léir agus muintir na háite fághtha in áit na leathphingine mar is gnách. Níor cuireadh coinníol teanga i bhfeidhm ach i gcás corr iarratas pleanála. Is Jóc a rá go bhfuil an Comhairle Condae ar son “cosaint na Gaeilge”. Cosaint na gconraitheoirí mhóra tógála a bhíonns ar bharr an liosta i gcónaí ag Comhairle Gaimbíneach Gallda Chondae na Gaillimhe.