Dé Céadaoin, Lúnasa 31 2016 ag 10:00 pm
Ba i 1998 a fuair Keane áit i scuad na hÉireann in éineacht le Damien Duff.
Is i gcoinne Phoblacht na Seice i mí Mhárta 1998 a d’imir Keane d’Éirinn den chéad uair.
Is i gcoinne Mhálta cúpla mí ina dhiaidh sin a scóráil sé a chéad chúl dá thír.
Scóráil sé neart cúl tábhachtacha d’Éirinn le 18 bliain anuas. Tá sé ag ceiliúradh anseo le Roy Keane tar éis dó scóráil i gcoinne na hÍsiltíre i 1999.
Bhain Éire áit amach i gCorn an Domhain in 2002 mar ar aimsigh Keane cúl stairiúil i gcoinne na Gearmáine chun comhscór a chinntiú.
Scóráil Keane faoi dhó i gcoinne Oileáin Fharó i mí Dheireadh Fómhair 2004 rud a d’fhág gurbh é an té ba mhó a scóráil cúil d’Éirinn.
Roghnaíodh Keane mar chaptaen na hÉireann den chéad uair nuair a tháinig Steve Staunton isteach mar bhainisteoir in 2006
Ba é Keane a d’aimsigh an cúl deireanach a scóráladh i Staid Bhóthar Lansdúin nuair a scóráil sé i gcoinne San Mairíne i mí na Samhna 2006
Rinne Keane a dhícheall áit a bhaint amach d’Éirinn ag Corn an Domhain 2010; scóráil sé cúil i gcoinne na hIodáile, na Fraince agus tuilleadh ach faraor ní raibh sé i ndán dóibh
…bhí briseadh croí i ndán dó féin agus dá chomhghleacaithe sa chluiche conspóideach sin in aghaidh na Fraince i bPáras.
In 2010, d’imir Keane d’Éirinn den chéadú huair.
In 2011, bhuaigh Keane agus Éire Corn na Náisiún Ceilteach, an t-aon chomórtas a bhuaigh sé le foireann na sinsear
Bhí Keane gealgháireach agus foireann na hÉireann ag taisteal chuig Craobh na hEorpa sa Pholainn agus san Úcráin in 2012
Droch-chomórtas a bhí ann don fhoireann, áfach, agus chaill Éire gach ceann de na trí chluiche a d’imir siad
Ba i gcoinne Oileáin Fharó a bhris Keane curiarracht na gcúl d’Éirinn agus bhí údar ceiliúrtha aige ina n-aghaidh arís in 2013 nuair a sháraigh sé Shay Given agus an svae aige mar an fear is mó a d’imir cluichí d’Éirinn
Is i measc na n-ionadaithe d’Éirinn a bhí Keane den chuid is mó le cúpla bliain anuas, é ag teacht isteach i gcoinne na Sualainne ag Craobh na hEorpa 2016
Robbie agus a chlann le hUachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, roimh an gcluiche in aghaidh Óman.
Keane ag fágáil slán leis an slua agus é ag imeacht ón bpáirc
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slán leat Robbie Keane! Súil siar ar laethanta an Chathánaigh i ngeansaí na hÉireann…'