Corn an Domhain ar gach stáisiún teilifíse ar an domhan. Seo an t-am is mó a mheallann na seanchainéil náisiúnta – RTÉ agus an BBC, mar shampla – lucht féachana traidisiúnta. Sea, tá na seanlaetha beo arís sna seanstáisiúin. Níl siad marbh ar fad; níl siad as dáta ar fad, a mhalairt, is i lár an aonaigh atá siad agus na sluaite ag tarraingt orthu le gaois na bpainéal cainteoirí a fháil.
Ach, murab ionann agus comórtais eile, níl an ceann seo lonnaithe in aon tír amháin ach ar mhór-roinn, Meiriceá Thuaidh. Tá cluichí le bheith i Meicsiceo, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Chuirfeadh an tíreolas mearbhall ort – Cathair Mheicsiceo, Guadalajara, Nua-Eabhrac, Bostún, Atlanta, Seattle, Dallas, Houston, Miami, Vancouver…
Slán leis na laetha sin nuair nach mbeadh ach aon tír amháin le ceansú ag lucht leanúna peile; an seal gairid sin inar tharla ionradh taobh istigh de chríocha náisiúnta amháin agus ainm tíre amháin i mbéal an phobail ar fud na cruinne.
Is é Corn an Domhain i 1978 san Airgintín an chéad chorn a bhfuil cuimhne mhaith agam air. Sin sean-seanlaetha na teilifíse analóige ársa, cluichí ag teacht chugat fríd an cheo agus trasna na dtonnta. Éacht a bhí i gceist leis an méid sin féin a chraoladh, buaicphointe na teicneolaíochta an t-am sin. Tá mé cinnte de go raibh siad ag caint ar na rudaí nua seo, satailítí teileachumarsáide, roimh an chomórtas agus clann agus cairde cruinn faoin bhosca sa choirnéal ag amharc ar na dathanna a tháinig anuas ón spás dhubh.
An Airgintín a bhain an comórtas sin, ag cloí na hIsíltíre boichte. Bhí lámh ag an Ísiltír i scéal eile an bhliain sin; chonaic mé Archie Gemill ag scóráil an chúil chlúitigh sin in éadan na hÍsiltíre, cúl a bhain clú amach go deo dó i measc lucht leanúna peile na hAlban. Mar a tharlaíonn sé, tá Alba sa chomórtas seo fosta, an chéad uair le fada fada an bhliain.
(Cad é na cúil is mó, agus is measa, a thig chun cuimhne an Éireannaigh in áit na mbonn: Gerry Armstrong ag scóráil in éadan na Spáinne agus Corn an Domhain ar siúl sa tír sin i 1982; Schillaci in Italia 1990 a chuir deireadh le haistear na n-aislingeach sin faoi stiúir Jack agus cúl Ray Houghton in éadan na hIodáile i New Jersey in 1994 mar éiric?)
Saothróidh peileadóir nó dhó clú agus cáil le linn an chomórtais seo as a ngaisce gan cheist ach ná habair liom go mbaineann an rómáns céanna leis an ócáid. Tá na cluichí scaipthe fud fad Thuaisceart Mheiriceá agus fiú ag breathnóir fánach mar mé, mothaíonn tú go bhfuil tú ag amharc ar shraith mhór ilnáisiúnta agus ní ar chorn an domhain.
48 tír atá páirteach sa chomórtas seo, sin 16 tír sa bhreis ar an ghnáthlíon. Sin neart cluichí breise le Budweiser agus Pringles a dhíol leis an lucht leanúna. Sin neart seomraí leapa breise le díol leo. Sin cúpla punt sa bhreis ag lucht gnó agus lucht fógraíochta. Ach faraor, sin neart cluichí fosta nach n-amharcfaidh an tacaí fánach seo orthu.
Beidh sé spéisiúil feiceáil cad é mar a choinneos na stáisiúin beocht sa chomórtas agus an oiread sin cluichí ann roimh na cluichí móra móra. Coinneoidh mé súil ar Albain agus ar an Ísiltír agus an comórtas ag dul ar aghaidh ach, a Thiarna, chuirfeadh liosta na dtíortha atá páirteach sa chomórtas mearbhall ort. Beidh cluichí ann a bhainfidh preab as an lucht féachana gan cheist – an Spáinn v Cabo Verde, mar shampla – ach beidh cluichí eile ann, luath nó mall, ina ndéanfar ár ar na tíortha laga. Cad é is fiú sin?
Ní chuirfidh mé dua mór orm féin gach aon chluiche a bhreathnú, mar a dhéanainn. 48 tír? Féile pheile? Só sacair? Bálfhleá? Hm.
Bíonn blas ar an bheagán go minic.
Fág freagra ar 'Na seanlaetha beo arís sna seanstáisiúin le teacht Chorn an Domhain'