Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir.
Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portaigh is é ina bhuachaill óg.
Ar thóir stair, seanchas, dinnseanchas agus muintir na háite diamhaire seo a bhíonn na cuairteoirí. Ag bun Bhaile an Lochaigh a bhuail Helen lena treoraí.
Seo linn mar sin an cóngar isteach leo go dtí Com an Lochaigh…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
CriostóirÓF
Tá lá na bpodchraoltaí caite. Ní éistíonn aon duine leo a thuilleadh. Cur amú airgid stáit agus an cháin íocóra. Míreanna gearra atá uaidh an lucht léitheoireachta agus féachana! Feicfear an ngníomhóidh sibh. Agus an bhfoilseoidh sibh an tráchtaireacht seo ná an bhfuil cinsireacht ar siúl agaibh chomh maith ar thuairimí an phobail agus an pobal céanna ag fundúireacht TUAIRISC?! Feicfear!