‘The Mad’ an branda a bhíodh ar dhaoine sna hospidéil shíciatracha

Ba é an t-ospidéal síciatrach a chuireadh an branda saolta uilig ar dhuine

‘The Mad’ an branda a bhíodh ar dhaoine sna hospidéil shíciatracha

Bhí trí institiúid mhóra ar an mbóthar as Baile Átha Cliath isteach go Port Laoise, a deir John Conroy, agus é ag labhairt ar an gclár The Business ar RTÉ Raidió 1. As Port Laoise ó dhúchas é an Conaireach ach is mó go mór a chuid eolais ar Fifth Avenue i Nua-Eabhrac le fada an lá. Fiontraí é John Conroy, fear deisiúil agus dána ar bhealach tíriúil. Labhraíonn sé amach go géimiúil de réir mar a thograíonn sé.

Bhí sé ag fáil an-chraic ar an bpíosa bóthair sin ar imeall thoir Phort Laoise. Ba é an tOspidéal Ginearálta an chéad cheann de na hinstitiúidí sin, arsa John Conroy. Gan mórán achair , tháinig tú go dtí an tOspidéal Síciatrach, agus an tríú hinstitiúid ina dhiaidh sin, Príosún Phort Laoise. I m’óige, a deir an Conaireach, d’abraítí faoin mbóthar isteach go Port Laoise go ndeachaigh tú thar: ‘the Sad, the Mad and the Bad’.

Scairt gháirí.

Níl mé ag rá gur ghlac láithreoir an chláir, Richard Curran, craoltóir agus iriseoir breá, aon pháirt sa diabhlaíocht.

D’fhéadfadh muid a bheith ceartchreidmheach, agus éirí ‘PC’, ach caithfimid cuimhneamh ar an mbealach a bhíonn le daoine óga. Creid é, nó ná creid, bhí muid uilig óg, tráth den saol.

Ach ar bhealach, thug an leagan cainte a bhí ag John Conroy, agus an diabhlaíocht, léargas ar an dearcadh a bhíodh ar na hospidéil shíciatracha ar fud na tuaithe. Níos brónaí fós, bhí an branda sin ar dhaoine a chuaigh isteach, nó a cuireadh isteach, sna hospidéil sin, ‘The Mad’. B’fhéidir gur faoin tuath ba mheasa an scéal, san áit a raibh mioneolas ag daoine ar a chéile. Agus ba é an t-ospidéal síciatrach a chuireadh an branda saolta uilig ar dhuine.

Tá ospidéal Phort Laoise dúnta le tamall maith blianta agus níl cuid ar bith de na ‘madhouses’, téarma eile a bhíodh ann, ag feidhmiú anois. Tá ceann eile acu anois atá na húdaráis sláinte ag iarraidh a dhíol, ceann a raibh eolas maith air sa nGaeltacht – Ospidéal Naomh Bríde i mBéal Átha na Sluaighe. Bhíodh 2,000 duine ann sna 1950idí, cuid acu a d’fhan ann go deireadh a saoil. Scéalta brónacha a bhain leo uilig.

Chuala mé ceann de na scéalta sin le gairid.

Duine éicint a bhí ag fiosrú stair an cheantair a chuir ceist orm: ar chuala mé trácht ariamh ar Cholm Mac an Iomaire? Dúisíodh iarsma im m’intinn.

Ba as Seanach Domhnaill é Colm, baile atá san réimse mór sléibhe in Iorras Aithneach, i nGaeltacht Chonamara. Ní raibh bóthar ná cosán ag dul ann, agus é cúpla míle ón mbóthar poiblí ba ghaire. D’airigh mé an chaint i mo ghasúirín. Dream breá a bhí i muintir Mhic an Iomaire. Ba mhinic a théadh daoine a bhíodh ag siúl sléibhe i ndiaidh beithiíoch nó caorach isteach chun an tí nó go bhfaighidís greim le n-ithe. Ach bhí fear óg ann a raibh bealach ait leis, a dúradh. Bhíodh sé ag rá go dtagadh slua daoine isteach aige san oíche agus go mbíodh ceol agus pléaráca ann go maidin. Bhí sé amuigh leis féin sa ‘gcailleach’, cúlseomra a bhíodh i dtithe go leor sa tsean-aimsir. Ceapadh go raibh sé tógtha chun bealaigh ag na síogaí.

Ní raibh tada cloiste agam faoi Cholm Mac an Iomaire le fada an lá nó gur tarraingíodh a ainm anuas chugam le gairid. Ba é an deireadh, a dúradh liom, a bhí ag Colm Mac an Iomaire go bhfuarthas báite é in abhainn an tSuca i mBéal Átha na Sluaighe. B’in é an cuntas a bhí sna nuachtáin i bhfad ó shin.

Thuig mé an scéal.

Bheadh na bealaí leighis ann anois a d’fhágfadh go mbeadh seans ann go gcuirfí cóir leighis éigin ar Cholm, agus ar na céadta, agus na mílte nach é agus ní theastódh gur i mBéal Átha na Sluaighe ná i bPort Laoise a bheidís. Níor ghá go dtabharfaí daoine áirid orthu. Ach sin scéal thairis anois.

Chomh maith leis na buanna eile atá aige, is scríbhneoir é John Conroy. Cá bhfios nach dtabharfadh sé faoi leabhar am éigin faoi ré na nOspidéal Síciatracha in Éirinn.

Fág freagra ar '‘The Mad’ an branda a bhíodh ar dhaoine sna hospidéil shíciatracha'