Suaitheantas nua Manainnise ar fáil do ghasóga i Manainn agus ar fud an domhain

Seoladh le déanaí an suaitheantas ‘Gaelg Aboo!’ (Manainnis Abú!) do ghasóga an oileáin mar chuid de ‘Blein ny Gaelgey’ (Bliain na Manainnise)

Suaitheantas nua Manainnise ar fáil do ghasóga i Manainn agus ar fud an domhain

Beidh an deis ag gasóga Mhanann a scileanna teanga sa Mhanainnis a úsáid le suaitheantas a ghnóthú feasta. Seoladh le déanaí an suaitheantas ‘Gaelg Aboo!’ (Manainnis Abú!) do ghasóga an oileáin mar chuid de ‘Blein ny Gaelgey’ (Bliain na Manainnise) a bheidh á ceiliúradh i Manainn in 2026.

Caithfidh gasóga a thabharfaidh faoin suaitheantas a ghnóthú naoi ngníomhaíocht a bhaineann leis an Manainnis a dhéanamh. Tá liosta de ghníomhaíochtaí molta i lámhleabhar atá curtha i dtoll a chéile ag Learn Manx, eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn san oileán.

Tá idir cheachtanna teanga, chluichí teanga, agus ghníomhachtaí ceoil i measc na moltaí atá sa lámhleabhar. Tá na gníomhaíochtaí sa leabhar roinnte i dtrí mhórchuid:

‘Kys t’ou? (Conas atá tú?)’, ina múintear cén chaoi le tú féin a chur in aithne do dhuine, mothúcháin a phlé, agus buíochas a ghabháil i Manainnis; ‘Earrooyn (Uimhreacha)’, ina múintear an comhaireamh agus an clog; agus ‘S’mie lhiam (Is maith liom)’, ina múintear stór focal a bhaineann le bia agus deochanna.

Tá áiseanna eile sa leabhar a chabhróidh le ceannairí na ngasóg na gníomhaíochtaí a dhéanamh leis na baill óga agus beidh oifigeach de chuid Culture Vannin ar fáil do gach aonad gasóg san oileán le cúnamh teanga a thabhairt.

Caithfidh gach gasóg trí ghníomhaíocht sna trí chatagóir a chríochnú leis an suaitheantas a fháil. Chuir an eagraíocht Rotary Charitable Trust in Doolish, príomhbhaile Mhanann, maoiniú ar fáil do 1,500 suaitheantas. Ba iad Culture Vannin a chum na riachtanais leis an suaitheantas seo a fháil agus a chruthaigh an t-ábhar tacaíochta atá ar fáil d’aonaid gasóg Mhanann.

Tá na suaitheantais ar fáil do ghasóg ar bith i Manainn agus sa Bhreatain Mhór, atá uilig faoi aon eagraíocht amháin, ach tá Culture Vannin sásta pacáistí agus suaitheantas a chur ar fáil do ghrúpa gasóg “áit ar bith ar domhan”.

“Tugann teanga mórtas áite agus pobail dúinn – ceanglaíonn sí le chéile muid. Is cuma más i Manainn a rugadh thú nó más anseo atá cónaí anois ort, nó mura bhfuil nasc ar bith agat leis an oileán: más maith leat í a fhoghlaim, tá an Mhanainnis ag fanacht ort.

“Tá ‘Manainn +’ scríofa ar na pacáistí. Cé gur i Manainn a labhraítear an Mhanainnis, is féidir páirt a ghlacadh áit ar bith ar domhan. Tá réimse ábhar tacaíochta cruthaithe againn a bheidh ina chabhair do cheannairí, is cuma cén áit a bhfuil siad, beidh tú in ann páirt a ghlacadh agus triail a bhaint as an Manainnis,” a deirtear sa lámhleabhar.

Is féidir le gasóga ar fud an domhain ‘suaitheantais’ a thuilleamh as scileanna a fhoghlaim, cúrsaí a chríochnú, éachtaí a bhaint amach, agus dúshláin a shárú. Bíonn córais éagsúla i bhfeidhm i dtíortha éagsúla, agus tháinig athrú ar an gcóras in Éirinn tamall de bhlianta ó shin.

D’fhág an t-athrú sin go bhfuarthas réidh leis na suaitheantais shainiúla do scileanna ar leith agus tá córas níos leithne i bhfeidhm ó shin. Bhíodh suaitheantas ar leith ar fáil do ghasóga na hÉireann dar teideal ‘Gaeilge’ a bhronntaí ar ghasóga a chuir feabhas ar a gcuid scileanna Gaeilge féin.

Dúirt ceannaire gasóg in Éirinn le Tuairisc gur fhág an t-athrú a rinneadh ar an gcóras cúpla bliain ó shin nach dtugtar aitheantas do scileanna teanga níos mó ach amháin mura roghnaíonn an páiste féin ‘an Ghaeilge’ mar ábhar do cheann de na suaitheantais ‘sainspéise’ atá ar fáil.

“Tá naoi leibhéal de ‘scileanna eachtraíochta’ ann anois. Is suaitheantais ar leith iad seo don champáil, don fhánaíocht, do shnaidhmeanna agus araile. Tá clár oibre ann ó sé bliana d’aois go 18 agus caithfidh siad scileanna ar leith a fhoghlaim lena bhfáil.

“Ansin tá suaitheantais ‘sainspéise’ ann. Is faoin ngasóg féin atá sé sprioc a shocrú agus í a bhaint amach. Tá cúig chatagóir ann: eachtraíocht, fisiciúil, scileanna, pobal, agus comhshaol. D’fhéadfadh páiste rud a dhéanamh as Gaeilge dá mba mhian leis, ach tá an suaitheantas ‘Gaeilge’ imithe le fada,” a dúirt an ceannaire.

Fág freagra ar 'Suaitheantas nua Manainnise ar fáil do ghasóga i Manainn agus ar fud an domhain'