Cónaitheacht Heinrich Böll bronnta ar bheirt ealaíontóirí Gaeltachta

Tá tréimhse cónaitheachta i i dTeach Heinrich Böll in Acaill bronnta ar an bhfile Laoighseach Ní Choistealbha agus an ceoltóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta

Cónaitheacht Heinrich Böll bronnta ar bheirt ealaíontóirí Gaeltachta

Bronnadh Cónaitheacht Heinrich Böll d’Ealaíontóirí Gaeltachta ar an bhfile Laoighseach Ní Choistealbha agus ar an gceoltóir, fonnadóir agus damhsóir Séamus Ó Flatharta an tseachtain seo.

Cónaitheacht nua é seo atá á cur ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta agus Cumann Heinrich Böll, agus tabharfaidh sí deis d’ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht coicís a chaitheamh i dTeachín Heinrich Böll in Acaill sa bhliain 2026.

Dúirt Ceara Conway, Áisitheoir Ealaíon Chonnacht agus Chontae na Mí, go bhfuiltear “ag súil go mór” leis an saothar a thiocfaidh mar thoradh ar na tréimhsí cónaitheachta. “Tugann an chónaitheacht spás agus am d’ealaíontóirí iniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid cleachtas,” a dúirt sí.

Chaith an scríbhneoir iomráiteach as an nGearmáin Heinrich Böll tréimhsí fada ina chónaí agus ag scríobh sa teach ar Acaill. Tá an teach á chur ar fáil ag Cumann Heinrich Böll mar thearmann cónaitheachta d’ealaíontóirí agus do scríbhneoirí ó 1992. Dúirt John McHugh ó Chumann Heinrich Böll go ndearna an cumann deonach an cinneadh an teach a chur ar fáil d’ealaíontóirí in ómós do Böll.

“Tugann an chónaitheacht seo deis dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar gach ar bhain Heinrich Böll, ar bronnadh Duais Nobel air, amach i gcaitheamh a shaoil, agus an ceiliúradh sin a dhéanamh ar bhealach beo beathaíoch cruthaitheach.

“Fágfaidh an chónaitheacht go gcuirfear tacaíocht phraiticiúil ar fáil d’ealaíontóirí cruthaitheacha agus níl bealach níb fhearr ná é a bhféadfaí Böll a thabhairt chun cuimhne.”

Dúirt Laoighseach Ní Choistealbha, arb as ceantar an Lagáin in oirthear Dhún na nGall ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara go dtabharfadh an tréimhse cónaitheachta deis di díriú ar a cuid filíochta.

“Tá mé thar a bheith sásta go bhfuair mé deis am a chaitheamh ag plé le mo chleachtas cruthaitheach – dánta a chumadh, dánta a dhréachtú, cnuasaigh a chur le chéile, agus araile.

“Chuir mé isteach ar an chónaitheacht le go mbeadh deis agam am a chaitheamh leis an fhilíocht in atmaisféar suaimhneach theach Böll. Beidh deis agam maireachtáil in aontíos le mo dhánta ar an oileán!”

Dúirt Séamus Ó Flatharta, arb as ceantar Iorras Aithneach i gConamara dó,  go raibh súil aige go mbeadh an tréimhse ar an oileán ina údar inspioráide aige.

“Bhí an t-ádh liom go raibh an deis agam staidéar a dhéanamh ar shaothar Heinrich Böll agus mé i mbun céime sa Ghearmáinis agus sa Ghaeilge ag Ollscoil Luimnigh.

“Thuig mé agus mé i mbun léitheoireachta go raibh bua ar leith aige ina chuid scríbhneoireachta, agus draíocht ina gcuid filíochta. Mar sin, bhí mé thar a bheith tógtha a fheiceáil go raibh an deis ann d’ealaíontóirí tréimhse a chaitheamh ina theach féin ar Oileán Acla, áit inar cruthaíodh draíocht na healaíne.”

Fág freagra ar 'Cónaitheacht Heinrich Böll bronnta ar bheirt ealaíontóirí Gaeltachta'