Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag iarraidh áit a aimsiú ina bhféadfaí post an bháid farantóireachta Naomh Éanna, a thugadh paisinéirí ó chathair na Gaillimhe go dtí Oileáin Árann, a chur ar taispeáint sa chathair.
Bhí an seanbhád ag lobhadh i ndugaí Bhaile Átha Cliath, idir Abhainn na Dothra agus an Chanáil Mhór, le blianta fada. Cuireadh an chuid is mó den bhád á briseadh ach sábháladh an tosach agus an deireadh, agus rinne Cumann Staire na Rinne athchóiriú ar an bpost.
Tá an Chomhairle Cathrach anois i mbun machnaimh faoin áit is fearr leis an bpost athchóirithe sin a chur ar taispeáint. Mhol an Comhairleoir Claire Byrne, ón gComhaontas Glas, go gcuirfí taispeántas ealaíne éigin ag an droichead nua atá le tógáil ar an Dothra ag Duga na Canála Móire.
D’iarr Byrne ar an gComhairle Cathrach níos luaithe i mbliana maoiniú a lorg ón Údarás Náisiúnta Iompair do thaispeántas éigin a d’fheilfeadh don struchtúr nua a bheidh mar chuid de raon rothar agus coisithe.
Dúirt Brian Hanney, bainisteoir ceantair na comhairle, ina fhreagra go raibh “staidéar féidearthachta” ar bun le fáil amach an bhféadfaí post an Naomh Éanna a chur ann mar shaothar ealaíne.
Dúirt Hanney go bhfuair an chomhairle iarratas ó Chumann Staire na Rinne go gcuirfí ag an droichead nua é agus gur cuireadh an t-iarratas sin ar aghaidh chuig rannóg na mbóithre sa Chomhairle Cathrach.
Ag cruinniú de chuid na Comhairle an mhí seo caite, mhol an Comhairleoir Kourtney Kenny, go gcuirfí an post níos faide siar ná an droichead nua atá beartaithe, ag ceann Bhalla an Bhulla Theas. Tá an-tóir ag siúlóirí agus snámhaithe ar an mballa aitheanta mara ar an taobh ó dheas de Chuan Bhaile Átha Cliath, agus dúirt Kenny gur mhaith an áit é le rud mar é a chur ar taispeáint don saol mór
Bhí an Naomh Éanna i nDuga na Canála Móire ar feadh deich mbliana go dtí gur cuireadh á briseadh í ag tús na bliana 2024, tar éis di titim as a chéile i samhradh na bliana 2023. Tugadh deireadh an bháid ar láimh don Chumann Staire, an grúpa a rinne athchóiriú air.
Ba í an Naomh Éanna an bád farantóireachta a thugadh paisinéirí ó chathair na Gaillimhe go hOileáin Árann san am a caitheadh. Tháinig sí i gcomharbacht ar an Dún Aengus a dhéanadh na turais ó 1912 go 1957. Tógadh an Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath i 1958 agus threabh sí na tonnta idir Oileáin Árann agus Gaillimh ar feadh beagnach 30 bliain.
Ar an lá is measa ar muir, d’fhéadfadh an turas suas le seacht n-uair an chloig a thógáil, agus mar gheall nach raibh cé cheart ar na hoileáin, chaití na paisinéirí a thabhairt i dtír ón mbád i gcuracha. Théadh beostoc agus lastas ar an mbád freisin. Díchoimisiúnaíodh an bád i 1986.
Sa bhliain 1989 cheannaigh Iontaobhas Muirí na hÉireann í agus aistríodh go Duga na Canála Móire í. Bhí siopa surfála agus déantóirí seolta inti ansin ar feadh tamaill. Úsáideadh an bád ar sheit an scannáin Michael Collins a scannánaíodh i mBaile Átha Cliath i 1995.
Aistríodh chuig an duga grábhála i nDuga na Canála Móire in 2014 í agus fógraíodh go raibh sí le cur á briseadh. Cáineadh an plean fáil réidh leis an long agus moladh plean eile a cheapadh di. Ar chuid de na moltaí sin, moladh go ndéanfaí óstán den bhád, nó go ndéanfaí bialann di mar a rinneadh den Cill Airne a tógadh thart ar an am céanna léi. Bhí músaem mara agus ionad oidhreachta do Cheantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath i measc na moltaí eile.
Luadh costas €1.4m leis an athchóiriú a chaithfí a dhéanamh ar an Naomh Éanna, agus níor éirigh le haon phlean an bád farantóireachta a shábháil
Rinneadh iarracht an bád a aistriú go cathair na Gaillimhe ach theip ar an bplean sin freisin. Seoladh tosach an bháid go Calafort na Gaillimhe in 2024 agus tá pleananna ann an chuid sin di a chur ar taispeáint sa chathair sin.
Fág freagra ar 'Áit á lorg ag Comhairle Cathrach BÁC le deireadh an Naomh Éanna a chur ar taispeáint'