Ar Belém ag béal na hAmasóine, mar a raibh comhdháil aeráide COP30 ar siúl, a bhí súile an domhain an tseachtain seo caite ach ar an ardchathair Brasília a bhí aird mhuintir na Brasaíle féin: Dé Sathairn, gabhadh an t-iaruachtarán ciontaithe Jair Bolsonaro i ndiaidh dó iarracht a dhéanamh bráisléad slándála timpeall ar a rúitín a bhriseadh.
Toradh díomách go leor a bhí ar chomhdháil bhliantúil aeráide na Náisiún Aontaithe. Ní hé nár baineadh amach faic; aontaíodh, mar shampla, go gcuirfear ar fáil a thrí oiread airgid as seo go 2035 chun dul i ngleic le hathrú na haeráide. Ach níor aontaíodh tada faoi éirí as breoslaí iontaise ná faoi dheireadh iomlán a chur leis an dífhoraoisiú.
Ach faoin am go raibh comhaontú na comhdhála á dhréachtú in Belém bhí sé ina raic in Brasília, mar a ndearna Jair Bolsonaro iarracht bráisléad slándála timpeall ar a rúitín a bhriseadh.
Faoi bhraighdeanas baile a bhí Bolsonaro, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2019 agus 2022 agus a ciontaíodh i mí Mheán Fómhair na bliana seo as iarracht coup d’état a dhéanamh in Eanáir 2023. Ach nuair a tugadh faoi deara go ndearna sé iarracht an bráisléad leictreonach timpeall ar a rúitín a bhriseadh gabhadh faoi dheifir é, ar fhaitíos go ndéanfadh sé iarracht teitheadh; bhí cónaí ar Bolsonaro gar d’ambasáidí go leor tíortha, ambasáid na Stát Aontaithe ina measc.

Foto: Pedro Gontijo/Senado Federal
Idir an dá linn áfach, thuas in Washington DC, d’ísligh Donald Trump lear mór táillí iompórtála a bhí curtha i bhfeidhm aige ar an mBrasaíl – fianaise ní hamháin gur mó dochar ná sochar a dhéanann táillí dá leithéid d’eacnamaíocht na Stát Aontaithe, ach go dtuigeann Trump gur seinnte atá port Bolsonaro, polaiteoir lena bhfuil go leor i gcoitinne aige agus lenar thacaigh sé go láidir san am a caitheadh.
Nuair a chuir an Trumpach táillí iompórtála suas go 50% i bhfeidhm ar earraí ón mBrasaíl an samhradh seo, bhí ‘géarleanúint’ a mhaígh sé a bhí á déanamh ar Bolsonaro ar chuid de na cúiseanna a luaigh sé leis na táillí, ach tháinig ardú mór millteach ar phraghas an chaife agus earraí eile sna Stáit Aontaithe de bharr na dtáillí céanna.
I gceanncheathrú na bpóilíní feidearálacha in Brasília atá Bolsonaro faoi láthair ach mura mbíonn rath an tseachtain seo ar iarrachtaí a chuid dlíodóirí cur i gcoinne an téarma príosúin 27 mbliana agus 3 mhí a ghearr an Chúirt Uachtarach Fheidearálach air i mí Mheán Fómhair, tá chuile chosúlacht ar an scéal gur i bpríosún a bheidh sé faoin deireadh seachtaine seo.
Fág freagra ar 'Díomá aeráide agus teannas polaitiúil sa Bhrasaíl'