Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ag éirí as a phost sa rialtas inniu chun dul ag obair sa Bhanc Domhanda.
Beidh Donohoe ina Stiúrthóir Bainistíochta agus Príomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí atá ann. Cuireann an Banc Domhanda iasachtaí ar fáil do thíortha atá ag forbairt.
Éireoidh Donohue as mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Láir, mar a bhfuil sé ina theachta Dála ó 2011. Chomh maith leis sin éireoidh sé as a ról mar chathaoirleach ghrúpa airí airgeadais an AE.
Tá Donohoe ina aire rialtais ó ceapadh ina aire iompair, turasóireachta agus spóirt é in 2014 agus bhí sé ina aire airgeadais nó ina aire caiteachais phoiblí ó 2016 i leith, agus an dá phost sin á mbabhtáil idir Fine Gael agus Fianna Fáil.
Tuairiscítear go bhfógrófar atheagar áirithe ar an rialtas níos déanaí inniu agus an Tánaiste Simon Harris á lua leis an bhfolúntas sa roinn airgeadais.
Fágann imeacht Donohoe go mbeidh fothoghchán i mBaile Átha Cliath Láir as seo go ceann sé mhí.
Fág freagra ar 'An tAire Airgeadais Paschal Donohoe ag éirí as chun dul ag obair sa Bhanc Domhanda'