‘Botún’ ba chúis le cúrsa oiliúna do mhná na Gaeltachta a bheith fógartha mar chúrsa a bheadh i mBéarla amháin, dar le lucht a eagraithe. Tá an clár ‘Cumasú’ a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an eagraíocht Empower le trí bliana anuas.
San fhógra d’eagrán na bliana seo den chlár, tugadh le fios gur i mBéarla amháin a bheadh an cúrsa á reáchtáil ach go raibh sé i gceist ag lucht a eagraithe cur leis an méid Gaeilge a bheadh ann sna blianta amach romhainn.
“While the programme is designed for Gaeltacht candidates, it will be conducted in English for 2025. We are committed to gradually increasing the use of Irish in future iterations of the programme,” a bhí ar an bhfógra don chlár a foilsíodh ar leathanach Facebook na heagraíochta Empower ag deireadh na míosa seo caite.
Ar an 11 Lúnasa, d’fhiosraigh Tuairisc an scéal le hÚdarás na Gaeltachta a thugann maoiniú don chlár agus atá luaite mar ‘thionscnóir’. D’fhiafraigh Tuairisc den Údarás tuige a raibh clár a bhí dírithe ar mhuintir na Gaeltachta á reáchtáil i mBéarla amháin.
Sa fhreagra a cuireadh ar fáil ar an 12 Lúnasa, tugadh le fios “[nach] i mBéarla amháin a reáchtáiltear” an clár Cumasú agus go “lorgaítear oiliúnóirí Gaeilge” chun na cúrsaí a sheachadadh.
“Tá clár Cumasú á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, ach ní i mBéarla amháin a reáchtáiltear é. Thosaigh an tÚdarás ag tabhairt maoiniú don chlár le clár píolótach in 2023 ina raibh 13 bean páirteach agus leanann muid ag cur maoiniú ar fáil gach bliain. 76 an líon iomlán go dtí seo, lena n-áirítear clár píolótach 2023.
“Lorgaítear oiliúnóirí Gaeilge chun na cúrsaí a sheachadadh, cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil do rannpháirtithe ón nGaeltacht nach bhfuil líofa. Bhain rannpháirtithe a chónaíonn sa Ghaeltacht leas as na cúrsaí Gaeilge seo. Nuair a thagann fadhbanna sceidil nó nuair a bhíonn saineolas ar leith de dhíth d’fhéadfadh oiliúnóirí a gcuid cainte a dhéanamh i mBéarla,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
Maíodh gurb í “sprioc shoiléir” lucht a eagraithe an clár a reáchtáil trí Ghaeilge agus go “spreagtar gach duine ar an gcúrsa úsáid a bhaint as an nGaeilge”.
Dúradh nach raibh lámh ag an Údarás i gcur le chéile an chláir féin agus gur ar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan atá an cúram sin.
Ar an 12 Lúnasa, lá tar éis do Tuairisc ceist a chur ar an Údarás faoin gclár agus cúpla uair an chloig sular cuireadh freagra ar fáil, rinneadh eagarthóireacht ar an bhfógra ar Facebook agus baineadh an líne faoin gcúrsa a bheith á reáchtáil i mBéarla den fhógra.
Dúirt urlabhraí de chuid Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh le Tuairisc gur botún a bhí ann an líne sin a bheith san fhógra agus gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheadh an clár á reáchtáil in 2025.
“While the programme is designed for Gaeltacht candidates, it will be conducted in Irish and English for 2025. We are committed to gradually increasing the use of Irish in future iterations of the programme’ is ceart a bheith ar an bhfógra,” a dúirt urlabhraí na hollscoile.
Pádraig
‘committed to’ i nGaeilge:
b’fhéidir agus b’fhéidir eile go,
ná buair mo cheann mar gheall air,
ná bí im bodhradh,
beir uaim thú,
fán fada ort,
an lá is sia anonn,
bí ag faire orainn,
caols(h)eans go,
méar fhada,
méar láir.
Breathnach
Cén chuid den chúrsa atá i nGaeilge, an féidir briseadh síos a fháil? Tagann duine ón Údarás isteach agus deireann siad cúpla focal i nGaeilge! Ní raibh Gaeilge ag na mná ar fad a ghlac páirt go dtí seo, mar sin cén chaoi a ndearna siad an chuid den chúrsa a bhíonn trí Ghaeilge?
Seán Bán Bolg Scadán
Níor chóir go mbeadh pioc de i mBéarla