Slán le Seán Rocks, An Manach ar Chruach Pádraig, Smugairle Róin, an gadhairín ag dul go Sligeach

Gach seachtain cuirtear ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Slán le Seán Rocks, An Manach ar Chruach Pádraig, Smugairle Róin, an gadhairín ag dul go Sligeach

Déardaoin a tháinig an drochscéal go raibh an craoltóir Seán Rocks ar shlí na fírinne. Aon duine a raibh suim acu i gcúrsaí cultúir agus ealaíne bhainfeadh sé taitneamh i gcónaí as Arena, clár Sheáin ar Raidió a hAon. Láithreoir tuisceanach, réchúiseach ach géarchúiseach a bhí ann arbh léir i gcónaí an grá a bhí aige don litríocht, don cheol, do scannáin agus don chultúr. Bhí sé an-dílis don Ghaeilge chomh maith agus rinne sé a dhícheall ar a son i gcónaí agus é i mbun Arena. Dhéanadh sé píosa cainte i nGaeilge le haon aoi a raibh Gaeilge acu agus chuir sé an teanga agus saothar sa teanga chun cinn go deas nádúrtha.

Trócaire air.

An Manach ar Chruach Pádraig

Idir 3,000 agus 5,000 duine a rinne an oilithreacht go barr Chruach Phádraig ar an Domhnach seo caite de réir na meastachán neamhoifigiúla. Deirtear go bhfuil an oilithreacht á déanamh le 1,600 bliain. Ná fiafraigí díom cé a thugann na meastacháin neamhoifigiúla, fear éigin a chaith an lá ag seasamh ag an ngeata ar an mbealach suas ag rá “fair play daoibh” le chuile dhuine a chuaigh suas thairis, seans.

Ní raibh aon amharc ar an Naomh féin Dé Domhnaigh, ach de réir cuntas ó fhinné amháin, fear géarshúileach ó Ghaeltacht Chonamara, chonacthas manach ag déanamh ar ard na Cruaiche, ní haon ghnáthmhanach a bhí ann ach Gerry Hutch, nó An Monk mar is fearr aithne air.

An bhféadfadh go bhfuil ceist chrua ag dó na geirbe ag an Manach agus é ag dreapadh na Cruaiche ar thóir an fhreagra? Is minic go ndéanann daoine an oilithreacht má bhíonn cinneadh mór le déanamh acu nó achainí acu ar Dhia.

Deirtear gur dhreap Naomh Pádraig an Chruach is go ndearna sé carghas ann ar feadh dhá scór lá agus dhá scór oíche agus é ar troscadh is ag guí ar feadh an achair. De réir scéal amháin atá le fáil ar Dúchas.ie, tháinig deamhan i gcruth éin dhubha chomh fada leis an Naomh nuair a bhí an carghas déanta aige agus chuir sé an ruaig air le paidreoireacht.

Bhí Dia sásta leis ina dhiaidh sin agus chuir sé aingeal chuige lena mhian a thabhairt dhó. Deirtear gur ann a d’iarr Naomh Pádraig ar Dhia nach gcaillfeadh muintir na hÉireann a gcreideamh go deo. Bronnadh a mhian ar an naomh go dtí seo ach ní fios cén achainí a bhí ag an Manach, i ndiaidh dhó ard na Cruaiche a bhaint amach.

An bhfuil oilithreacht pholaitiúil eile ar intinn ag an bhfear a chaill amach ar éigean ar shuíochán Dála?

***

Mistéir an smugairle róin

Níl a fhios agam cén fáth go mbíonn an oiread tóir ag daoine ar an bhfocal ‘smugairle róin’. Anois, níl aon chaill air mar fhocal, ná bain an chiall chontráilte as seo, ach an bhfuil sé chomh hiontach sin uilig?

Is dóigh go bhfuil sásamh éigin le baint as an gcaoi go n-imíonn an focal timpeall i do bhéal agus tú á rá. Bhí sé i measc na 50 focal is fearr le daoine ag @LetLearnIrish an mhí seo ar a gcuntas X.

Chuala mé gurb é an focal is ansa leis an iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh é agus tá tuairiscí neamhoifigiúla eile (fear an gheata arís) cloiste agam gur aoibhinn le go leor daoine eile é mar fhocal. Ach cén fáth?

An chéad rud a rithfeadh leat ná gur dhá fhocal atá ann, ‘smugairle’ agus ‘rón’. Níor chuala mé éinne riamh ag rá gurb é ‘smugairle’ an focal is deise leo. An dtaitníonn an consan caol le daoine, an ‘irle’ sin, an bhfuil draíocht éigin ag baint leis? Is má tá, cén col atá acu le consain chaola eile?

Caithfidh go dtarlaíonn rud éigin mistéireach nuair a chuireann tú an focal ‘rón’ in éineacht leis. B’fhéidir go gcuimhníonn daoine ar shúile móra uaigneacha an róin agus go ndíbríonn sé íomhá an smugairle.

***

Poipín ag déanamh ar Shligeach

Tá scéala faighte go bhfuil Poipín ag déanamh ar Shligeach an deireadh seachtaine seo agus muid uilig i ngar a bheith croíbhriste. Seo í an ceann deireanach, seachas ceann amháin, de na coileáin bheaga a bhí ag gadhar mo mhuintire beagnach sé mhí ó shin. Is dóigh go mbaistfear ainm nua uirthi, Yeats, nó An Bhanríon Méabh, seans.

Choinnigh muide ceann de na coileáin, Brownie atá baiste uirthi, agus tá sí ag feabhsú léi. Tá glacadh éigin ag an ngadhar a bhí againn cheana féin, Lilí, leis an stocaire beag agus suaimhneas éigin ag filleadh ar an teach. Nuair a deirim suaimhneas éigin, séard atá i gceist agam dháiríre ná nach bhfuil sé ina chéasadh chuile nóiméad den lá. Bíonn paistí againn nuair nach bhfuil na gadhair ag tafann nó ag troid lena chéile.

Caithfear an dóchas a choinneáil go bhfaighidh sé níos éasca de réir a chéile. Sin é an t-aon achainí atá agam. Murach an t-easpa codlata is an mearbhall atá orm, is dóigh go mba chóir dom an oilithreacht go barr na Cruaiche a bheith déanta agamsa mé féin.

***

Ag éisteacht le…

Teampall Geal na nDéise

Bailiúchán ceoil agus amhrán é seo a d’eisigh Comhlucht Forbartha na nDéise agus tá buíon mhór ceoltóirí agus amhránaithe as Gaeltacht na nDéise le cloisteáil air. Obair ealaíne an chlúdaigh le Bríd Ní Chionnfhaolaidh.

Fág freagra ar 'Slán le Seán Rocks, An Manach ar Chruach Pádraig, Smugairle Róin, an gadhairín ag dul go Sligeach'

  • Luke O'Connor

    Go raibh maith agat don piosa an dheas ar Sean Rocks. Craoltoir den scoth agus fear iontach ab ea e.Beannacht De leis.

  • Caoimhín

    Sílim go dtaitníonn ‘smugairle róin’ le “daoine” (i.e. Béarlóirí ar bheagán Gaeilge) mar nach mbíonn siad ag súil leis – níl gaol ar bith aige le ‘jellyfish’ an Bhéarla – agus de bharr go bhfuil sé ag teacht leis an íomhá rómánsúil sin a mbíonn ag neart Béarlóirí gur foinse focailíní beaga gleoite í an Ghaeilge seachas teanga; gur “seoid chultúrtha” í nach dtuigimid agus nach labhraimid, i ndáiríre.