Bhí leabhráin le spáráil ón seastán glasraí agus litríochta a chuirim le taobh an bhóthair gach lá, agus chuimhnigh mé ar sheift phoiblíochta neamhghnách eile.
Is éard atá sna leabhráin ná dhá ghearrscéal de mo chuid, atheagarthóireacht déanta orthu le go mbeadh dóthain spáis do scéal amháin acu ar ocht leathanach A6.
Ní brabús a dhéanamh an cuspóir atá agam leis na leabhráin dáiríre, ach mé féin a chur sa spotsolas mar scríbhneoir. San Ísiltír, mar a bhfuil cónaí orm, ní leor úrscéal maith a bheith scríofa agat le go bhfaighidh tú conradh foilsitheoireachta. Caithfidh an t-údar é féin a bheith sodhíolta, agus ciallaíonn sé sin go gcaithfidh scríbhneoir a sheachnaíonn na meáin shóisialta cuimhneamh ar sheifteanna eile le haird a tharraingt air féin.
Ag an seastán tá na gearrscéalta ar díol ar €1, luach ainmniúil atá clóite ar an gclúdach, leis. Ní bhíonn meas ag daoine ar an rud nach mbíonn praghas air.
Ach bíonn mo sheastán ina sheasamh san aon áit amháin, seasta.
Shocraigh mé cuid de na leabhráin a scaipeadh saor in aisce ar an traein.
Caithfidh mé a admháil nach mé féin a chuimhnigh ar an tseift sin. Roinnt blianta ó shin, thug teach foilsitheoireachta san Ísiltír faoi fheachtas den chineál céanna; d’fhág siad na céadta leabhar le húdar úrnua dá gcuid ar na traenacha, ag súil go léifeadh na paisinéirí iad agus go gcothófaí bús faoin saothar. D’oibrigh an tseift. Leabhar mórdhíola agus scannán atá in Het smelt le Lize Spit anois (The Melting atá ar an leagan Béarla.)
Ní hé na céadta, ná fiú amháin na scórtha, leabhrán a bhí liom nuair a chuaigh mé ag scaipeadh gearrscéalta ar an traein den chéad uair. Leathscór leabhrán a bhí i mo phóca, b’fhéidir. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh an chuma ar an scéal gur cleas bolscaireachta a bhí ann; b’éard a theastaigh uaim ná go gceapfadh na paisinéirí gurb é an chaoi gur fhág paisinéir eile gearrscéal ina dhiaidh.
Lena chois sin, bhí faitíos an domhain orm go ngearrfaí fíneáil orm as fógraíocht a dhéanamh gan chead nó bruscar a fhágáil thart.
Ach bhí mo chroí i mo bhéal ar chúis eile freisin.
D’fhágfainn leabhrán ar an mbord beag faoin bhfuinneog agus shuífinn féin ar an taobh eile den phasáiste, ag ligean orm go raibh mo shúile sáite sa tírdhreach, ach ag faire ar mo ghearrscéal as cúinne mo shúl ag an am céanna.
Cé a phiocfadh suas é?
Cén saghas duine a chuirfeadh suim i mo chuid scríbhneoireachta?
Chuir dream turasóirí as an Spáinn an-spéis sa choincheap. Thaispeáin siad an leabhrán dá chéile, ag déanamh iontais céard a bhí ann, ach ní raibh léamh na hÍsiltírise acu agus sa deireadh, thosaigh siad ag breacadaíl air le peann dubh.
Leanbh a phioc suas leabhrán eile. Lá an-te a bhí ann agus d’úsáid sí mo ghearrscéal mar fhean chun í féin a fhuarú, agus ansin stróic sí as a chéile é.
Formhór mór na bpaisinéirí, fágann siad mo ghearrscéalta san áit a bhfágaim iad: ar an mbord faoin bhfuinneog. Ach caithfidh sé go bpiocann dornán daoine suas iad, mar gach uair a dtéim ar an traein le mo chuid leabhrán, bíonn ardú beag ar líon na gcuairteoirí ar mo shuíomh idirlín (tá an seoladh clóite ar an leathanach cúil.)
Uaireanta, má bhíonn orm fanacht ar thraein, téim isteach i dtraein ag ardán eile, fágaim gearrscéal nó dhó inti, agus amach liom arís sula ndúnfaidh na doirse. Tá an baol ann gan dabht go gcríochnóidh mise suas san áit mhícheart, ach ar a laghad ar bith rachaidh mo chuid litríochta ar fud na tíre!
Is ea, tá a fhios agam: cur chuige scaipthe má bhí cur chuige scaipthe ann riamh. Ach tógann foilsitheoirí an traein freisin, agus cá bhfios. Ní chosnaíonn sé tada orm lán póca gearrscéalta a thabhairt liom má bhíonn orm an traein a thógáil pé scéal é, agus cluiche é a chuireann an t-aidréanailín ag rith tríom lena chois.
Fág freagra ar 'Moladh don andúileach aidréanailín – scaip do chuid litríochta ar an traein'