Laureate nua ag súil le haird a tharraingt ar scríbhneoirí ‘dofheicthe’ na Gaeilge

Deir Éilís Ní Dhuibhne, an Laureate nua don Fhicsean Éireannach go bhfuil súil aici ardán a thabhairt d'fhicsean na Gaeilge chomh maith le ficsean an Bhéarla

Laureate nua ag súil le haird a tharraingt ar scríbhneoirí ‘dofheicthe’ na Gaeilge

Pictiúr: Vincent-Hoban

“Beidh mé ag freastal ar fhicsean na Gaeilge chomh maith le ficsean an Bhéarla,” a deir Éilís Ní Dhuibhne agus í ag breathnú chun cinn ar a tréimhse mar Laureate nua don Fhicsean Éireannach go dtí 2028.

D’fhógair An Chomhairle Ealaíon a hainmniúchán an tseachtain seo caite agus is í an chéad Laureate a bhfuil saothar foilsithe aici i nGaeilge agus i mBéarla. Tagann sí i ndiaidh Colm Tóibín a bhí ina Laureate ó 2022-2024 agus is í an ceathrú scríbhneoir sa ról sin. Ba í Anne Enright an chéad Laureate agus tháinig Sebastian Barry ina diaidh.

Airíonn Ní Dhuibhne éadroime a bheith lena cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus tá tuairim aici go mbaineann sé sin lena caidreamh féin leis na nGaeilge agus am saor a bhí aici sa nGaeltacht i gcaitheamh a saoil.

“Braithim féin de ghnáth nuair a scríobhaim i nGaeilge go bhfuil sé níos éadroime agus go mbíonn níos mó den súgradh i gceist, sílim go mbraitheann sé sin ar an gcomhthéacs agus an taithí atá agat. Domsa ó bhí mé i mo pháiste baineann an Ghaeltacht leis an samhradh agus a bheith ar laethanta saoire agus téann an t-atmaisféar sin i bhfeidhm ort ar bhealach i do chuid scríbhneoireachta.”

Bhí ríméad agus áthas uirthi nuair a fuair sí an scéala, a deir an scríbhneoir, ar ball d’Aosdána agus Uachtarán ar Chumann Béaloideas na hÉireann í.

“Chuir sé ionadh orm gur roghnaíodh mé. Táim an-bhuíoch. Tá a lán scríbhneoirí ann a bheadh i dteideal an róil seo agus ceapaim go bhfuil an t-ádh orm gur tugadh an deis dom. Tá súil agam go mbeidh mé i mo Laureate maith ar son na hÉireann agus ficsean na hÉireann.”

Baineann dhá ghné leis an Laureate don Fhicsean Éireannach, a deir sí, ceann acu ná caidreamh a chothú le léitheoirí agus pobal na léitheoireachta agus ceann eile ná pobal na scríbhneoireachta a chothú agus a spreagadh. Tá súil aici ardán a thabhairt d’fhicsean na Gaeilge mar chuid de na himeachtaí pobail seo.

“Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí Gaeilge a bheith páirteach in agallaimh phoiblí agus imeachtaí den chineál sin ar mhaithe le haird a tharraingt ar fhicsean na Gaeilge. Bhí cuid den obair sin ar bun agam cheana féin, agus beidh mé ag tógáil air sin.”

Bíonn scríbhneoireacht na Gaeilge i bhfolach nó ní fhaigheann sí an aird chéanna sna meáin is a fhaigheann scríbhneoireacht Éireannach an Bhéarla, dar le hÉilís.

“Ceapaim go mbíonn scríbhneoirí na Gaeilge, mar a déarfá, bíonn siad dofheicthe, bíonn ‘cloak of invisibility’ orthu, ní bhíonn a fhios ag daoine taobh amuigh de phobal na Gaeilge go bhfuil said ann. Bíonn léirmheasanna ar Tuairisc, san iris Comhar, ar Raidió na Gaeltachta agus mar sin de ach go minic ní thugann na meáin Bhéarla aird air.

“Is cabhair mhór é leis an scéal a scaipeadh má bhíonn rudaí fúthu sna meáin Bhéarla freisin le go gcloiseann pobal éagsúil fúthu.”

‘Oileán na Samhlaíochta’ an téama bheidh ag Éilís agus tá súil aici cuairt a thabhairt ar gach contae in Éirinn i rith a tréimhse mar Laureate.

“Ba mhaith liom bualadh le scríbhneoirí agus léitheoirí ar fud an oileáin agus an litríocht a phlé leo. Nuair a thosaigh mé ag smaoineamh faoin ról seo, bhí mé ag cuimhneamh gur as na bailte móra a thagann go leor de na scríbhneoirí Gaeilge agus Béarla a gcloiseann muid fúthu. Ba mhaith liom iniúchadh a dhéanamh mé féin ar na scríbhneoirí atá agus a bhí ann ó na contaetha ar fad, bualadh le cuid acu agus bualadh le pobal na léitheoireachta ar fud na tíre.”

Rugadh i mBaile Átha Cliath í agus is ann atá cónaí uirthi go fóill. Scríobh sí faoina hóige ag fás aníos mar Ghaeilgeoir i Raghnallach sna 1950idí agus 1960idí sa leabhar Fáinne Geal an Lae a foilsíodh sa mbliain 2023.

I measc na saothar léi tá na húrscéalta Hurlamaboc, Dordán, agus Cailíní Beaga Ghleann na Bláth. Ar cheann de na saothair is deireanaí léi tá Twelve Thousand Days: A Memoir a bhí ar an ngearrliosta do Ghradam Michel Déon sa mbliain 2020.

Scríobhann sí drámaí freisin agus tá Gradam Stuart Parker bronnta uirthi as a cuid scríbhneoireachta don stáitse. Bhí a dráma The Dancers Dancing ar an ngearrliosta don Orange Prize sa mbliain 2000.

Beidh sí ag cuimhneamh ar phobail nua Éireannacha freisin. Tá suim aici a fháil amach an bhfuil ficsean Éireannach ag teacht chun cinn i dteangacha eile seachas Gaeilge nó Béarla.

“Ba mhaith liom bualadh le scríbhneoirí agus léitheoirí a labhraíonn teangacha eile seachas Gaeilge nó Béarla, gur Éireannaigh den chéad ghlúin iad, gur rugadh a dtuismitheoirí san Eoraip nó i dtíortha eile i gcéin. Bheadh suim agam iniúchadh a dhéanamh air sin. Tá siad ann cheana féin ag scríobh ach beidh tuilleadh glórtha le cloisteáil. Beimid ag súil le litríocht ó na pobail seo amach anseo,” a deir sí.

Fág freagra ar 'Laureate nua ag súil le haird a tharraingt ar scríbhneoirí ‘dofheicthe’ na Gaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Go n-éirí le hÉilís ina ról. Beidh sé go deas aitheantas de chineál eicint i dteanga na tíre seo a thabhairt dóibh siúd a scríobhann i nGaeilge. Nár lagaí Dia í.

  • Mairead

    COMHGHARDAS, LEAN LEIS AN PLEAN.