‘D’fhéadfadh sainmhíniú ar céard is naíonra ann a bheith mar chuid de phlean nua’ – an tAire Leanaí

Faoi láthair, níl aon chritéir leagtha síos ag an Roinn a chaithfear a chomhlíonadh chun aitheantas mar naíonra a bhaint amach agus níl a fhios ag an Roinn fiú cé mhéad naíonra lán-Ghaeilge atá sa stát

‘D’fhéadfadh sainmhíniú ar céard is naíonra ann a bheith mar chuid de phlean nua’ – an tAire Leanaí

Deir an tAire Leanaí go bhféadfadh sainmhíniú oifigiúil ar céard is naíonra Gaeilge ann a bheith mar chuid de phlean nua atá le foilsiú roimh dheireadh na bliana.

Faoi láthair, níl aon chritéir leagtha síos ag an Roinn a chaithfear a chomhlíonadh chun aitheantas mar naíonra a bhaint amach agus níl a fhios ag an Roinn fiú cé mhéad naíonra lán-Ghaeilge atá sa stát.

Deir an tAire Norma Foley go ndéanfar cíoradh ar na ceisteanna sin mar chuid den obair atá ar bun ag a roinn agus ag an Roinn Oideachais ar phlean náisiúnta maidir le soláthar na Gaeilge in earnáil an luathoideachais. Tá an plean á fhorbairt faoi láthair agus tá sé i gceist é a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Deir na tAire Foley go mbeidh sainmhíniú ar ‘naíonra’, meantóireacht ar sheirbhísí naíonraí agus foilsiú eolaire ar sheirbhísí um fhoghlaim agus cúram na luathóige agus seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile lán-Ghaeilge i measc na ngníomhartha a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den phlean nua.

I bhfreagra ar cheisteanna ón Teachta Dála Mark Wall ó Pháirtí an Lucht Oibre, luaigh an tAire go raibh tacaíocht do naíonraí agus do naíolanna luaite i gclár an rialtais, chomh maith le tacaíocht do thógáil naíonraí lán-Ghaeilge.

In ainneoin gur ndearnadh suirbhé ar naíonraí agus naíolanna lán-Ghaeilge in 2022-23 mar chuid d’fhorbairt an phlean nua, deir an Roinn Leanaí nach bhfuil aon bhunachar ag an Stát go fóill de na naíonraí atá ag feidhmiú i nGaeilge.

Faoi láthair, na hionaid chúraim leanaí féin a thugann le fios an gcuirtear seirbhís ar fáil i nGaeilge amháin, i mBéarla agus i nGaeilge, i mBéarla le beagán Gaeilge nó i mBéarla amháin.

Beagán os cionn leathchéad naíonra a bhí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, de réir an tsuirbhé, líon an-bheag, dar leis an eagraíocht Gaeloideachas.

Dúirt Gaeloideachas le Tuairisc go bhfuil cur chuige an Stáit mar a bhaineann le naíonraí “ag teip ar leanaí agus a dtuismitheoirí” agus nach bhfuil “aon spreagadh ná tacaíocht” ann do naíonraí ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge.

Deir Gaeloideachas go mbeadh bunús maith leis an bplean nua atá beartaithe ag an Roinn má thugtar aird ar na moltaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí a rinneadh anuraidh.

I measc na n-eagraíochtaí agus ranna a bhí páirteach sa phróiseas comhairliúcháin, bhí Comhar na Naíonraí Gaeltachta, An tAonad Gaeilge do Scoileanna Béarla (Roinn Oideachais), an tAonad Oideachais Gaeltachta (Roinn Oideachais), Rannán na Gaeltachta agus na Gaeilge (Roinn na Gaeltachta), Foras na Gaeilge, Gaeloideachas, Glór na nGael, Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus Údarás na Gaeltachta.

Tá clár taighde coimisiúnaithe ag an Roinn chomh maith mar chuid d’fhorbairt an phlean agus tá comhairliúchán ar bun i lathair na huaire le páistí.

 

Fág freagra ar '‘D’fhéadfadh sainmhíniú ar céard is naíonra ann a bheith mar chuid de phlean nua’ – an tAire Leanaí'