Bhí Hind Rajab, cúig bliana d’aois, ina leanbh geal cineálta lán de bheocht agus d’fhiosracht, a dúirt a muintir agus a comharsana.
Ar an 29 Eanáir, 2024, ba í Hind an t-aon duine a bhí fágtha beo i measc choirp a muintire i gcarr a bhí spréite le fuil.
Scaoil fórsaí Iosrael leo agus iad ag iarraidh teitheadh ó bhuamáil chomharsanacht Tal al-Hawa.
Fágadh Hind ina haonar ach d’éirigh léi glaoch a chur ar Chumann Chorrán Dearg na Palaistíne.
D’impigh sí orthu cabhair a chur chuici.
“Tá an oiread sin faitís orm, le do thoil. Seol duine éigin chun mé a tharrtháil,” a dúirt sí arís agus arís eile le linn comhrá corraitheach trí uair an chloig leis na seirbhísí éigeandála a raibh bac á chur ag Iosrael orthu dul a fhad léi.
Thángthas ar a corp 12 lá ina dhiaidh sin taobh le coirp a muintire agus na ndochtúirí a rinne iarracht í a shábháil.
Measann UNICEF gur mharaigh Iosrael 15,000 páiste in Gaza. Mharaigh Hamas 36 páiste in Iosrael ina ionsaí ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.
Nuair a thosaigh mórionradh na Rúise ar an Úcráin, bhí Alisa naoi mbliana d’aois agus í féin agus a teaghlach ina gcónaí in Irpin, baile in aice le Cív. Tar éis do shliogán Rúiseach a dteach a bhualadh, bhí orthu cónaí san íoslach. Níos déanaí, chinn an teaghlach an chathair a fhágáil. Bhí siad beagnach ag an láthair chruinnithe dóibh siúd a bhí ag aslonnú nuair a thosaigh fórsaí na Rúise ag scaoileadh sliogáin mhoirtéir leis na sibhialtaigh.
Maraíodh Alisa ar an bpointe. Maraíodh a máthair, a deartháir, agus an dá mhadra a bhí acu freisin.
“Ní bheidh mé in ann gúna a cheannach le haghaidh do prom go deo. Ní fhanfaidh mé i mo dhúiseacht san oíche agus tú ag dul go dtí na damhsaí le do bhuachaill. Ní bheidh físeán agam go deo díot féin i do bhrídeog agus tú ag damhsa le d’athair ag do bhainis. Ní bheidh garchlann agam choíche …” a scríobh athair Alisa, Serhii Perebyinis, a bhí ar shiúl ag tabhairt aire dá mháthair nuair a tharla an sléacht.
Deir UNICEF gur mharaigh an Rúis ar a laghad 2500 páiste ó thús an mhórionraidh ach gur dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde mar nach bhfuil aon teacht acu ar fhigiúirí don líon a maraíodh i léigear Mariupol agus in áiteanna eile atá anois faoi smacht na Rúise.
I Márta 2003 thacaigh Uachtarán Mheiriceá Joe Biden le cinneadh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta barántas gabhála a eisiúint i gcomhair Vladamir Putin i dtaca le fuadach páistí. Ach i Samhain 2024 nuair a d’eisigh an Chúirt chéanna barántas gabhála do Benjamin Netanyahu i dtaca le coireanna cogaidh in Gaza, dúirt Biden go raibh sé náireach. Mí Márta i mbliana cháin Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise ionsaithe Iosrael ar Gaza ar an mbonn go raibh sibhialtaigh á marú agus infreastruchtúr riachtanach á scrios, rudaí a bhí agus atá á ndéanamh acu féin san Úcráin, dar ndóigh.
Bíonn roinnt daoine ann a mbíonn níos mó spéise acu i gcoimhlint amháin seachas coimhlint eile, nó níos mó eolais acu faoi cheann seachas a chéile. Ní hionann i gcónaí duine a bheith ag caint amach faoi choimhlint amháin agus gan a bheith ag caint mórán faoi choimhlintí eile agus cruthúnas go bhfuil fimíneacht ag baint leo.
Ach tá daoine ar fud an domhain, agus in Éirinn freisin, ar phointí éagsúla den speictream idé-eolaíoch (polaiteoirí, gníomhaithe, tráchtairí agus daoine eile) a labhraíonn amach go paiseanta faoin sléacht a dhéanann dream amháin ach a dhéanann leithscéalta do dhream eile, nó a thacaíonn leo fiú, atá ag déanamh an cineál céanna ruda in áit éigin eile.
Ní fadhb mhór acu i ndáiríre marú páistí a fhad is nach iad na páistí ‘míchearta’ atá dá marú. Gan amhras is ar bhonn leas polaitiúil pearsanta nó náisiúnta a dhéanann daoine nó dreamanna áirithe é seo.
I gcomhthéacsanna áirithe is ag leanúint fimíneacht an tslua a bhíonn daoine mar gurb é sin an rud is éasca le déanamh. Ach i gcásanna eile is dlúthchuid d’fhéiniúlacht daoine áirithe é gur smaointeoirí neamhspleácha iad a shnámhann go cróga in aghaidh easa. Más gá a bheith dall ar fhírinní áirithe, nó fiú an fhírinne a lúbadh nó a chur as a riocht go hiomlán, chun an fhéiníomhá naircisíoch sin a chosaint is é sin a dhéanfaidh siad.
Ní haon rud nua é seo dar ndóigh. Thug an scríbhneoir cáiliúil Éireannach George Bearnard Shaw cuairteanna ar an Aontas Sóivéadach sna 1930idí agus mhol sé an deachtóir Stalin go hard na spéire tar éis dó bualadh leis. I 1932 labhair sé ar an BBC faoi ‘atmaisféar an dóchais agus na sábháilteachta’ san Aontas Sóivéadach agus dúirt nach raibh a leithéid riamh cheana ag na daoine is boichte ‘i dtír shibhialta ar bith ar dhromchla na cruinne’.
Le linn an ama seo bhí na milliúin de thuathánaigh an Aontais Shóivéadaigh, muintir na hÚcráine san áireamh, ag fáil bháis de bharr gorta a chruthaigh polasaithe an rialtais.
I Meán Fómhair 1938 tháinig an tAthair Cyril Ardagh, sagart paróiste Queenstown, an Nua-Shéalainn, chun camchuairt a dhéanamh in Éirinn tar éis dó a bheith ar cuairt go dtí na réigiúin a bhí faoi smacht ag fórsaí Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne.
Chuaigh sé chun na Spáinne, a dúirt sé leis an Irish Times chun fáil amach dó féin cad a bhí ag tarlú ann. Dúirt sé gur bhain spiorad na ‘carthanachta Críostaí’ a d’aimsigh sé i measc fhórsaí Franco siar as. ‘Theip orm fiú duine amháin a aimsiú a labhródh go maslach faoin namhaid,’ a dúirt sé agus mhaígh sé go bhfaca sé ‘saighdiúirí Franco ag diúltú scaoileadh leis an namhaid nuair nach raibh cath ar siúl, ar an mbonn a dúradar, gur Spáinnigh ab ea iad freisin.’
Ag an am seo bhí fórsaí Franco ag cur na mílte sibhialtach agus príosúnach cogaidh chun báis. Faoi dheireadh an chogaidh i 1939 bhí 100,000 duine curtha chun báis acu agus mharaigh siad 50,000 eile ina dhiaidh sin.
Bhí agus tá, áfach, daoine eile a thacaíonn leis an dlí idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh agus cearta an duine cuma arb í a dtír féin nó tír éigin eile atá ciontach, cuma an cara nó namhaid lena dtír féin atá ciontach, cuma an ar an eite dheis nó ar an eite chlé atá an dream atá ciontach, cuma an Meiriceá, an Rúis, Iosrael, an tSín nó ceachtar den dá thaobh i gcogadh cathartha na Súdáine atá ciontach.
Táim ag smaoineamh ar dhaoine ar nós Phríomhfheidhmeannach Trócaire, Caoimhe de Barra, nó an tOllamh Fionnuala Ní Aoláin, iar-rapportuer ar Chearta an Duine leis na Náisiúin Aontaithe nó Angus Lambkin, oibrí fóirithinte leis na Náisiúin Aontaithe, nó iliomad daoine eile atá ag oibriú leis na Náisiúin Aontaithe nó le heagraíochtaí fóirithinte nó cearta daonna idirnáisiúnta.
Seo iad na daoine a mbíonn údarás morálta acu nuair a labhraíonn siad amach faoi na sléachtanna agus na coireanna seo, seo iad na daoine a léiríonn lena ngníomhartha agus lena mbriathra go bhfuil an tábhacht agus an daonnacht chéanna ag baint le páiste a mharaítear le piléar nó diúracán san Úcráin, in Gaza, sa tSúdáin nó i láthair choimhlinte ar bith eile.
Peter Logan
Tá moladh ar leith tuillte ag an triúr a bhfuil luaite: Caoimhe de Barra, Fionnuala Ní Aoláin, Angus Lambkin. Tá an t-ádh dearg agam mar éisteoir rialta leis an clár Tús Áite go bhfuil an triúr úd le cloisteáil i gcomhrá leis an t-Údar cumasach féin, Fachtna Ó Drisceoil, a bhfuil buíochas mór tuillte uaim.
Seán Mac an Rí
Más fíor gur ‘mar a chéile páistí na hÚcráine, Gaza agus na Súdáine’, ní bheadh sin ar eolas ag duine a a bheadh ag brath ar na meáin Ghaeilge dá chuid nuachta, ‘Tús Áite’ san áireamh. Cé mhéad ama atá caite ag leithéidí Caoimhe de Barra nó Angus Lambkin ag labhairt faoi na huafáis atá ag tarlú sa tSúdáin le cúpla bliain anuas, i gcomparáid leis an méid ama atá caite acu ar Gaza?
Tá thart ar 150,000 duine tar éis bháis i gcogadh cathartha na Súdáine atá ar siúl le dhá bhliain anuas. Tá 11 milliún duine díbeartha as a dtithe cónaithe. Tá an calar, an t-éigniú, an glanadh eitneach agus an céasadh ina réaltacht laethúil anois. Tá thart ar 26 milliún i mbaol ocrais – páistí cuid mhaith acu – agus is cosúil go bhfuil gorta ag teacht chun cinn ar fud na tíre, i bhfianaise an damáiste atá déanta do chórais uiscithe agus don infreastruchtúr.
Ní fhaca an Afaic a leithéid ó tharla an cinedhíothú i Ruanda i 1994. I mí Mheán Fómhair seo caite tháinig cuid de na cumhachtaí is saibhre ar domhan le chéile ag na Náisiúin Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim scanrúil sa tSúdáin. Iarradh ar na rannpháirtithe $2.7 billiún a chur isteach i gciste le haghaidh cabhair dhaonnúil. Níor ardaíodh ach leath den mhéid sin i ndáiríre. Tá an cogadh, agus toilteanas an chomhphobail idirnáisiúnta lámh chúnta a thabhairt do mhuintir na Súdáine, faoi scáth na gcoinbhleachtaí san Úcráin agus in Gaza go háirithe – dhá chogadh a mbíonn aird na meán orthu gan stad gan staonadh.
Is cogadh dearmadta é cogadh na Súdáine, agus ní haon eisceacht é ‘Tús Áite’ sa mhéid sin, agus ní dhéanann Fachtna ach tagairt fhánach do chogadh na Súdáine thuas, amhail is go bhfuil sé ag iarraidh é a lua chun ‘cothromaíocht’ éigin a thabhairt dá alt (nó a thabhairt le fios nach bhfuil ‘dearmad’ á dhéanamh aige ar chogaí eile seachas Gaza/an Úcráin).
Bhí na scórtha mír raidió faoi Gaza le cúpla bliain anuas ar an Tús Áite, ach fíorbheagán faoin tSúdáin. Ní fheadar cén fáth? Nach bhfuil suim ag Tús Áite sa mhéid atá ag tarlú san Afraic? Nó róshuim agaibh sa mhéid atá ar bun ag na Giúdaigh?
sderóiste
Agus na páisti sa Donbas atá á marú ag diúracáin ó reimeas Kiedv. Ach ní luann Fachtna iad siúd.
an cantalóir is measa riamh
Caithfear éisteacht leis an Pápa agus deireadh a chuir le gach cogadh atá ann inniu. Níl aon sprioc níos fearr ná síocháin
Seán Eile
‘Nó róshuim agaibh sa mhéid atá ar bun ag na Giúdaigh?’. Cad tá i gceist ag Seán Mac an Rí leis an abairt sin?
Art
Cheapas go raibh pointe spéisiúl ar bun ag Seán Mac an Rí faoin Afraic go dtí gur thuigeas gurbh é an sean líomhaint céanna faoi frith-sheimíteachas i gcoinne éinne atá cáinteach faoi Iosrael a bhí mar críochphointe na hargóna.
Steve
An bhféadfadh Seán Mac an Rí (Rí na nGiúdach) a rá linn cad is ea ‘frith-sheimíteachas’ go beacht, dar leis?