Ní leor ‘réiteach gearrthéarmach’ ar dheacrachtaí airgid Fhoras na Gaeilge – Aire na Gaeltachta

Dúirt an tAire Dara Calleary ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go dtuigeann sé ‘an frustrachas’ atá ann faoi dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge

Ní leor ‘réiteach gearrthéarmach’ ar dheacrachtaí airgid Fhoras na Gaeilge – Aire na Gaeltachta

Deir Aire na Gaeltachta Dara Calleary “nach leor réiteach gearrthéarmach” ar chruachás Fhoras na Gaeilge agus gur gá “ábhar” níos leithne a phlé seachas na deacrachtaí airgid is déanaí atá ag an eagraíocht. Dúirt Calleary ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go bhfuil gá le plé a dhéanamh freisin faoi “réiteach fadtéarmach” a fháil ar cheist mhaoinithe na heagraíochta trasteorann.

Bhí an t-aire ag caint cúpla lá sula rachaidh ceanneagraíochtaí na Gaeilge, an Conradh ina measc, ar stailc leath lae chun aird a tharraingt ar cheist mhaoinithe an Fhorais agus na hearnála.

Dúirt an tAire Calleary ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, ag ar toghadh an Feirsteach Ciarán Mac Giolla Bhéin ina uachtarán ar an eagraíocht,  go dtuigeann sé “an frustrachas” atá ar Fhoras na Gaeilge agus ar eagraíochtaí Gaeilge mar gheall ar dheacrachtaí maoinithe ach go raibh cruinniú “iontach” aige le feidhmeannaigh an Fhorais an mhí seo agus go bhfuil súil aige go dtiocfar ar réiteach.

“Tá dúshlán Fhoras na Gaeilge tagtha chun solais le déanaí, bhí cruinniú iontach agam le príomhfheidhmeannach an Fhorais, agus tuigim an frustrachas atá ann. Is dúshlán don Rialtas é agus is dúshlán dom féin é, agus tá gach iarracht á déanamh teacht ar réiteach.

“Tá gach rogha á scrúdú agus ta muinín agam go mbeidh muid in ann teacht ar réiteach. Táimid ag obair i dtreo comhaontú. Tuigim an mhífhoighne, agus táim ag déanamh gach rud chun réiteach a fháil. Ní leor réiteach gearrthéarmach, tá ábhair eile le plé le réiteach fadtéarmach a aimsiú,” a dúirt sé.

Baineadh siar as eagraíochtaí agus grúpaí pobail ag deireadh na míosa seo caite nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ciorruithe breis is €800,000 le déanamh ar an maoiniú a chuirfidh an eagraíocht ar fáil i mbliana. D’fhógair an Foras go raibh na ciorruithe le déanamh de thoradh “bearna mhór” i mbuiséad 2025 na heagraíochta.

Tá múnla maoinithe nua aontaithe ag na ranna airgeadais ó thuaidh agus ó dheas a cheadódh do rialtas amháin maoiniú breise a bhronnadh ar eagraíocht trasteorann gan dualgas a bheith ar an dream eile cloí leis an gcóimheas maoinithe 75:25 atá ann faoi láthair.

Faoi shocrú a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, cuireann Rialtas na hÉireann 75% de bhuiséad bliantúil Fhoras na Gaeilge ar fáil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil cúig iarracht déanta an socrú nua a fhaomhadh san Fheidhmeannas ó thuaidh le roinnt míonna anuas, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí an cheist  a chur ar an gclár i Stormont mar nach raibh aon ghlacadh an DUP leis an moladh.

Idir an dá linn, dúirt Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur “cúis ollmhór bhróid agus áthais” dó a bheith tofa agus thréaslaigh sé a tréimhse uachtaránachta lena réamhtheachtaí, Paula Melvin.

“Tá baint agam, ar bhealaí éagsúla, leis an Chonradh le beagnach 20 bliain anuas. Toghadh ar an Choiste Gnó mé don chéad uair in 2005 agus chaith mé cúig bliana mar bhainisteoir abhcóideachta ó thuaidh leis an eagraíocht nuair a osclaíodh an oifig úr i mBéal Feirste in 2014.

“Tá mé ag súil go mór leis an chéad chéim eile san aistear leis an ghluaiseacht speisialta seo agus creidim go bhfuil ról lárnach and guth tábhachtach ag Conradh na Gaeilge i dtaca leis na ceisteanna is mó atá os ár gcomhair mar shochaí, thuaidh agus theas, anois agus sna blianta beaga amach romhainn.”

Thug  Ciarán Mac Giolla chun cuimhne an Feirsteach deiridh a chaith seal ina Uachtarán, Gearóid Ó Cairealláin, a toghadh sa ról 30 bliain ó sin agus a bhásaigh ag deireadh na bliana seo caite, agus iaruachtarán eile, Pádraig Ó Snodaigh, a bhásaigh i dtús na bliana seo.

“Tá mé ag dúil go mór le tús a chur leis an chéad chaibidil eile anois san aistear sin, agus, tráth a bhfuil borradh ollmhór faoin teanga ar fud na cruinne agus dul chun cinn stairiúil déanta le cearta teanga úra thuaidh agus theas, le cinntiú go bhfuil gluaiseacht againn atá ábalta dúshlán láidir a thabhairt do na géarchéimeanna maoinithe agus tithíochta atá mar mhór-cheisteanna do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair na huaire.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go raibh clár oibre Chonradh na Gaeilge don bhliain romhainn “dearbhaithe trí phróiseas daonlathach na hArd-Fheise”.

“Bhí sé thar a bheith soiléir domsa inniu go bhfuil muid i dtréimhse chinniúnach anseo maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus tháinig an focal ‘géarchéim’ chun cinn arís agus arís eile le linn an phlé ar na rúin, idir cúrsaí maoinithe, tithíocht sa Ghaeltacht, cur i bhfeidhm reachtaíochta thuaidh agus theas, mar aon le polasaithe don Ghaeilge sa chóras oideachais agus Gaelscolaíochta ar fud na tíre.”

Le linn na hArd-Fheise, bronnadh Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív agus bronnadh ar an oifigeach pleanála teanga agus fear feachtais as Dún na nGall, Dónall Ó Cnáimhsí, gradam náisiúnta as feabhas a chuid oibre mar oibrí deonach.

Fág freagra ar 'Ní leor ‘réiteach gearrthéarmach’ ar dheacrachtaí airgid Fhoras na Gaeilge – Aire na Gaeltachta'