Má dhéanann Trump beart de réir a bhriathar beidh muintir na hÉireann thíos leis

Ach má tá deireadh ag teacht le polasaí FDI – agus tá – níl aon phlean eile ar na bacáin ach guí chun Dé go dtiocfaidh míorúilt éigin nach bhfeiceann muid anois i gcabhair orainn

Má dhéanann Trump beart de réir a bhriathar beidh muintir na hÉireann thíos leis

Tá spiorad ag bagairt ar Éirinn, spiorad uachtarán nua-thofa Mheiriceá, Donald Trump. Ina chuideachta tá an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a phlean caomhnaitheachta ar eacnamaíocht na tíre seo.

Cinnte is leithlisí agus cosantaí é Trump a mhaíonn go mbeidh sé ag iarraidh airgead infheistíochta Mheiriceá a mhealladh abhaile trí chánacha breise a chur ar bhrabúis a dhéantar thar lear is trí tháillí arda a ghearradh ar earraí ón gcoigríoch a d’fhéadfaí a dhéanamh, dar leis, sa mbaile.

Is mar gheall ar an ngeallúint sin a fuair Trump an-chuid dá chuid vótaí, go háirithe i gcrios na meirge.

Níos tábhachtaí, ámh, baineann Trump leis an gcuid sin de rachmas Mheiriceáa bhíonn ag brath ar thomhaltas intíre. Baineann sé leis an tionscal fáilteachais, óstáin is ionaid fóillíochta. Mura bhfuil airgead le caitheamh i bpócaí na Meiriceánach ní féidir leis brabús a dhéanamh.

Fiú an infheistíocht a dhéanann sé thar lear – ar nós sa Dún Beag i gcontae an Chláir – bíonn sé ag brath ar Mheiriceánaigh a théann ar saoire thar lear chun a chuid airgid a dhéanamh.

Abhus, ámh, tá eacnamaíocht na tíre seo ag brath go mór ar infheistíocht ó thar lear, infheistíocht dhíreach choigríche [FDI]. Tá os cionn 300,000 duine fostaithe ag comhlachtaí eachtrannacha, an chuid is mó díobh, comhlachtaí Meiriceánacha. Sin deich faoin gcéad den daonra oibre fostaithe go díreach de bharr FDI, mar aon le dúbailt an líon sin go hindíreach ag comhlachtaí a fhreastalaíonn ar riachtanais na gcomhlachtaí móra.

Má dhéanann Trump beart de réir a bhriathar caillfidh muid, in achar beag blianta an chuid is mó den fhostaíocht sin.

Ní bheidh sé éasca an bhearna sin a líonadh, mar beidh múnla úrnua eacnamaíochta ag teastáil. Agus ní féidir é sin a dhéanamh thar oíche.

Aithníonn na heacnamaithe go bhfuil an múnla sin faoi bhagairt cheana, ní hamháin ó Trump ach toisc go bhfuil an tAE ag iarraidh sciar den infheistíocht a fhaigheann muide a sheoladh i dtreo tíortha eile, ar nós na Gearmáine is na Fraince atá buailte go dona ag lagú a gcuid geilleagar féin. Is ar ardán na cánach atá an cath sin á réiteach.

Ach ní cosúil go bhfuil tuairim ar bith ag ár gcuid polaiteoirí nó státseirbhísigh conas déileáil leis an mbagairt atá ar an múnla.

I ndáiríre, ní fadhb nua í seo. Nuair a bhí Micheál Martin ina Aire Tionscail is Fiontair ag tús an chéid seo, thug seisean foláireamh nach bhféadfaí bheith ag brath ar FDI agus go mba chóir é a úsáid le spás anála a thabhairt dúinn ar mhaithe le múnla eile a chruthú. Ach níor dhein sé tada faoi is anois níl le rá aige ach raiméis faoina dhílseacht do gheilleagair na fiontraíochta.

Is dócha go ndéarfadh daoine nach dteastaíonn uathu glacadh leis an bhfírinne go bhfuil mé ag dul thar fóir leis an argóint. Ach má tá, tá móramh na n-eacnamaithe ag dul thar fóir chomh maith liomsa.

Ba é T.K. Whitaker a mhol polasaí an FDI thiar sna caogaidí. D’éirigh go maith le polasaí tionscail Fhianna Fáil go dtí sin ach bhí sé ag rith as brí faoin tráth sin. Ba é croí na faidhbe ná go raibh rachmas dúchasach na hÉireann róbheag is rólag chun an cruinniú caipitil a bhí riachtanach don gheilleagar nua-aimseartha a chruthú.

Bhí rogha ann idir ligean don stát, thar ceann an phobail, gach gné den eacnamaíocht a stiúradh (agus briseadh le greim Bhanc Shasana ar airgeadas na tíre) nó foinse nua caipiteal príobháideach a aimsiú le dlús a chur ar ais sa ngeilleagar.

Bhi faitíos an domhain ar rachmasóirí na hÉireann roimh an sóisialachas agus roimh aon phlean le cibé saibhreas a bhí sa tír a roinnt go cothrom. Roghnaigh siad FDI.

D’éirigh go maith leis sin, cé gur chothaigh sé an easpa cothromais atá ina cuid bhunúsach anois den stát. Ach níl aon amhras ach go bhfuil móramh mór an phobail ar son leanacht lenár gceangal leis an AE.

Ach má tá deireadh ag teacht le polasaí FDI – agus tá – níl aon phlean eile ar na bacáin ach guí chun Dé go dtiocfaidh míorúilt éigin nach bhfeiceann muid anois i gcabhair orainn.

Tá sé sách ainnis nach bhfuil Fine Gael nó Fianna Fáil in ann smaoineamh ar aon rud eile seachas an múnla reatha, ach ní húdar misnigh dúinn ach an oiread go ndeachaigh Pearse Doherty de chuid Sinn Féin go dtí Davy Stockbrokers le hiad a chur ar a suaimhneas nach n-athródh Sinn Féin an múnla reatha in ainneoin na bagartha.

Fág freagra ar 'Má dhéanann Trump beart de réir a bhriathar beidh muintir na hÉireann thíos leis'