Léiríodh i staidéar nua go gcuireann an dátheangachas le héifeachtúlacht na cumarsáide idir réigiúin nó fearainn na hinchinne. Dhírigh staidéir eile dá leithéid a rinneadh roimhe seo ar fhearainn áirithe san inchinn ach don staidéar nua seo, rinneadh scan den inchinn ar fad agus den chumarsáid a bhí ar siúl idir na fearainn inchinne.
Ghlac 151 duine, idir chainteoirí Béarla, chainteoirí Fraincise, agus chainteoirí a raibh an dá theanga ar a dtoil acu, páirt sa staidéar a rinneadh i dtrí institiúid – Ollscoil McGill in Montréal, Ollscoil Ottawa, agus Ollscoil Zaragoza na Spáinne. Bhí idir dhaoine a raibh an dá theanga acu ó dhúchas (dátheangaigh dhúchais) agus daoine a d’fhoghlaim an Béarla nó an Fhraincis ag amanna difriúla ina saol páirteach sa staidéar.
Léirigh an scanadh fMRI a rinneadh ar inchinn na rannpháirtithe go raibh níos mó cumarsáide ann idir na fearainn inchinne in inchinn na ndaoine sin a bhí dátheangach ná mar a bhí in inchinn na n-aonteangach, agus gur láidre an chumarsáid fós sna daoine a raibh an dara teanga acu óna n-óige.
Idir an ceirbrín (an fearann a rialaíonn na matáin, an chothromaíocht, agus an ghluaiseacht) agus an choirtéis tosaigh chlé (fearann a luaitear leis an gcuimhne, an breithiúnas, an chruthaitheacht, agus an smaointeoireacht theibí) a bhí an chumarsáid is láidre, de réir an staidéir nua seo.
Deir an lucht taighde go dtagann torthaí an staidéir seo le staidéir eile a rinneadh cheana ina léiríodh go n-oibríonn fearainn na hinchinne as lámha a chéile le teangacha a úsáid.
“Is féidir a thuiscint ónár gcuid oibre go dtógtar inchinn níos éifeachtaí nuair a fhoghlaimítear an dara teanga le linn na hóige, ó thaobh nascacht na bhfearann inchinne de. Dá luaithe a fhoghlaimítear an dara teanga is ea is mó fearann inchinne a bhíonn á gceangal, de réir na dtorthaí. Sin an fáth a bhfeiceann muid nascacht níos láidre idir an ceirbrín agus an choirtéis i ndaoine a d’fhoghlaim an dara teanga ina n-óige,” a dúirt Zeus Gracia Tabuenca, údar an pháipéir taighde.
Siún
Sin go brea más dátheangachas a bhaineann le dhá theanga láidir atá i gceist.
I gcás na teangacha neamhfhorleathna nó mionlaithe de, más teanga a labhairtear go h-idirnáisiúnta an dara teanga bíonn deiseanna níos fearr í a fhoghlaim i gceart.
I gcás na Gaeilge seo a dúirt Seosamh Ó Cuaig
“Níl aon lá sa mbliain nach mbíonn plé agus sioscadh ar Tuairisc.ie faoin nGaeilge. Be that as it may, ní chloisim focal ar bith faoin gcineál teanga is coitianta sa nGaeltacht inniu taobh amuigh den Bhéarla agus í sin an teanga a thagann as códmhalartú.
Meascán de Ghaeilge agus de Bhéarla atá inti.”
https://tuairisc.ie/just-because-gur-dhuirt-mairtin-o-cadhain-e-doesnt-mean-go-bhfuil-se-fior-gaeilge-na-linne-seo/