Os cionn 40,000 duine maraithe in ionsaithe Iosrael ar Gaza

De réir na bhfigiúirí, páistí, mná agus seandaoine is mó a maraíodh sa chogadh in Gaza

Os cionn 40,000 duine maraithe in ionsaithe Iosrael ar Gaza

Tá os cionn 40,000 duine maraithe in Gaza ó cuireadh tús leis an gcogadh ansin 10 mí ó shin.

Is ionann líon na marbh agus thart ar 1.7% de 2.3 milliún duine in Gaza, nó duine as gach 50 duine.

Léiríonn íomhánna satailíte go bhfuil os cionn 60% d’fhoirgnimh Gaza scriosta ó thús an chogaidh.

De réir na bhfigiúirí, páistí, mná agus seandaoine is mó a maraíodh in ionsaithe Iosrael ar an stráice.

Níl cead isteach in Gaza ag iriseoirí agus ní féidir na figiúirí a chuireann roinn sláinte Gaza ar fáil a dhearbhú go neamhspleách.

Ach bhí na figiúirí a chuir rialtas Gaza ar fáil le linn coimhlintí eile cruinn agus glacadh ag na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile leo.

D’fhéadfadh fiú go mbeadh líon na marbh níos airde ná 40,000.

“Níl san uimhir sin 40,000 ach na coirp ar thángthas orthu agus ar cuireadh iad,” a dúirt  Marwan al-Hams, stiúrthóir na n-ospidéal machaire ag aireacht sláinte na Palaistíne.

“Tá gnásanna nua á dtástáil le go gcuirfí san áireamh ar liosta na marbh na daoine sin atá ar iarraidh nó gur eol dúinn gur faoin smionagar, ach níl na gnásanna sin faofa go fóill.”

Deir Hamas go bhfuil 10,000 duine faoi smionagar na bhfoirgneamh a scriosadh in ionsaithe Iosrael.

Deir údaráis Iosrael nach féidir brath ar na figiúirí faoi líon na marbh ó tharla gur Hamas a rialaíonn aireacht sláinte Gaza, ach glactar go forleathan leis go bhfuil na figiúirí cruinn.

I gcás coimhlintí eile sa cheantar idir 2009-2021, bhí figiúirí na haireachta sláinte mórán mar a chéile le figiúirí na Náisiún Aontaithe.

Faoi lár mhí Lúnasa bhí a n-ainm tugtha i gcás 32,280 duine de na daoine a maraíodh go dtí sin.

Áirítear mar shibhialtaigh formhór na marbh toisc gur mná, daoine óga nó seandaoine iad. 10,627 páiste a bhí i gceist, 5,956 bean a maraíodh agus seandaoine a bhí i 2,770 duine. 168 iriseoir, 855 oibrí sláinte agus 79 paraimhíochaineoir a maraíodh.

Fág freagra ar 'Os cionn 40,000 duine maraithe in ionsaithe Iosrael ar Gaza'