Ní spórt aonair an dornálaíocht ná an scríbhneoireacht

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: cén fáth a gcuirfeá an dua ort féin gach rud a oibriú amach duit féin más féidir foghlaim ó na máistrí?

Ní spórt aonair an dornálaíocht ná an scríbhneoireacht

Tá rud i gcoitinne ag mo chéile speárála agus agam féin: ní bhreathnaímid ar chluichí dornála ar an teilifís, ná ar líne.

Imreoir sacair é mo chéile speárála freisin, ach ní bhreathnaíonn sé ar chluichí sacair ach oiread; nuair a bhí Comórtas Chorn na hEorpa ar siúl le deireanas théadh sé go dtí an t-ionad aclaíochta díreach ag an am a mbíodh na cluichí á n-imirt. ‘Bíonn sé deas ciúin ag na hamanta sin agus is féidir liom breathnú ar na buaicphointí nuair a thagaim abhaile.’

An drogall sin a bhíonn ar an mbeirt againn roimh chluichí taifeadta spóirt a bhí faoi chaibidil an lá cheana agus babhla cuairc iarspeárála á ithe againn.

‘Is fearr liom rud éigin a dhéanamh mé féin ná breathnú ar dhaoine eile á dhéanamh,’ a dúirt mo pháirtí speárála, agus ní fhéadfainn féin é a chur ar bhealach níos simplí.

Cén fáth a gcuirfeá am amú ag breathnú ar scáileán nuair a d’fhéadfá a bheith ag cur barr feabhais ar do chuid jabanna [smitíní], trasdorn agus húc os comhair an scatháin, nó, níos fearr fós, le duine de do chuid méiteanna?

Ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas i ndiaidh an chomhrá sin le mo chéile speárála. Bhí lúb éigin ar lár i meon na beirte againn agus inár gcuid anailíse ar an gceist.

Thóg sé cúpla lá orm a oibriú amach céard a bhí cearr, rud atá aisteach ann féin, mar níl a fhios cá mhéad uair a dúirt mé sa tsraith colún seo gurb í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta.

Ní scríobhann scríbhneoir i bhfolús; toisc gur talamh coiteann a bhíonn i dteanga níl rogha agat ach a bheith ag treabhadh leat i gcomhthéacs gach ar scríobhadh sular chuir tusa peann le pár, agus i gcomhthéacs gach a bhfuil á scríobh i do thimpeall faoi láthair.

Ní hamháin sin: cén fáth a gcuirfeá an dua ort féin gach rud a oibriú amach duit féin nuair a d’fhéadfá ealaín na ceirde a fhoghlaim ó na máistrí? Níl a fhios cá mhéad cleas a d’fhoghlaim mise ó Tove Jansson, ó Junot Díaz, ó Mháirtín Ó Cadhain agus ó na scórtha scríbhneoirí nach iad.

Is féidir leat go leor a fhoghlaim, fiú amháin, ó scríbhneoirí nach bhfuil thar mholadh beirte: más léir duit na botúin a dhéanann siadsan, drochsheans go ndéanfá féin iad.

Agus aisteach go leor, ar an gcaoi sin, is mó a d’fhoghlaim mé an oíche cheana ón té a chaill an troid ná ón mbuaiteoir nuair a chuir mé brú orm féin faoi dheireadh suí síos agus breathnú ar chluiche dornála ar YouTube.

Rinne Jermall Charlo slad ar Juan Montiel, agus an chaoi ar thriail Montiel a bheith ag troid mar chiotóg le linn an chluiche ar fad, cé nach raibh sé sin ag oibriú amach dó a bheag nó a mhór, ba chúis leis sin cuid mhór.

Ná téigh i muinín stíle nach n-oireann duit an ceacht scríbhneoireachta a d’fhoghlaim mé ón gcluiche sin, nó beidh tú i do mhála dornála ag do shaothar féin, nó níos measa fós, ag an lucht léirmheastóireachta.

Fág freagra ar 'Ní spórt aonair an dornálaíocht ná an scríbhneoireacht'