Feisirí na hÉireann le troid ar son lánseirbhís Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa

Tá tacaíocht a comhfheisirí Eorpacha á lorg ag Cynthia Ní Mhurchú chun stádas na teanga san AE a chosaint agus lena chinntiú go mbeidh seirbhís iomlán ar fáil i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa

Tá cás na Gaeilge á phlé ag feisirí Eorpacha nuathofa na hÉireann agus iarracht le déanamh deireadh a chur le cinneadh á fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge i bParlaimint an AE.

Cynthia Ní Mhurchú, an feisire Eorpach nua de chuid Fhianna Fáil, a chuir tús leis an bplé faoi stádas na Gaeilge sa pharlaimint.

Cinneadh mí an Mhárta seo caite nach mbeadh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.

Vótáladh san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.

Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear 

“Tá mé tar éis a bheith i dteagmháil anois le beagnach gach feisire nua a thosaigh le fáil amach an mbeidh siad sásta, agus bí cinnte go mbeidh siad sásta, a bheith ag comhoibriú liom ó thaobh na Gaeilge de,” a deir Cynthia Ní Mhurchú.

Dar le Ní Mhurchú gur chóir deireadh a chur láithreach leis an socrú “a fhágann ár dteanga náisiúnta ar leataobh in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.

Ag labhairt di le Tuairisc dúirt an t-abhcóide agus iarchraoltóir gurb é cur chun cinn na Gaeilge an phríomhsprioc a bheidh aici san Eoraip.

An Ghaeilge “an chloch is mó ar mo phaidrín” a deir Cynthia Ní Mhurchú. Deir sí mura n-éireodh léi ach rud amháin a bhaint amach gur mhaith léi “marc buan” a fhágáil ó thaobh na teanga.

“Bheinn breá sásta dá mbeadh an stádas seasta [ag an nGaeilge san AE] agus tá mé chun an focal ‘seasta’ a rá agus tuigim nach bhfuil aon rud seasta sa pholaitíocht. Ach ba bhreá liom dá mbeadh an stádas seasta ag an Gaeilge.

“Mar is eol duit tá an maolú seo ann go dtí 2029 ar an ateangaireacht. Tuigim go bhfuil fadhbanna le hateangairí a fhostú, tuigim an cúlra. Cinnte, bhí mé amuigh ansin Dé Máirt [sa Bhruiséil] ag an Ionad Fáilte, labhair mé leis an gcoiste aistriúcháin agus ateangaireachta agus mhínigh siad dom na constaicí agus na deacrachtaí atá acu le hateangairí le Gaeilge a fhostú, agus tuigim na fadhbanna, ganntanas daoine, ganntanas céimeanna, ach caithfidh muid tabhairt faoin bhfadhb sin…”

Deir Ní Mhurchú go gcaithfear dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus daoine le Gaeilge cúrsaí a dhéanamh agus tabhairt faoi obair an aistriúcháin agus na hateangaireachta.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís ann trí Ghaeilge,” ar sí.

Deir ceathrar den 14 feisire Eorpach a toghadh an mhí seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san AE go labhróidh siad Gaeilge sa Pharlaimint “go rialta” agus mar “ghnáthchleachtas”.

I dtoghlach an Deiscirt a toghadh triúr den cheathrar cainteoirí Gaeilge a bheidh sa chéad Pharlaimint eile san Aontas Eorpach, Seán Kelly (FG), Billy Kelleher (FF) agus Cynthia Ní Mhurchú (FF) agus i mBaile Átha Cliath a toghadh Aodhán Ó Ríordáin (LO).

Dúirt urlabhraí ón AE le Tuairisc an mhí seo caite go raibh 19 aistritheoir agus seisear cúntóirí fostaithe faoi láthair in Aonad Aistriúcháin na Gaeilge ach go raibh “roinnt” ball foirne breise ag teastáil chun an líon foirne atá sna haonaid aistriúcháin eile a bhaint amach.

Dúradh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus ateangairí ach gur margadh “an-teoranta” a bhí ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.

Tugann Parlaimint na hEorpa tacaíocht d’Ollscoil na Gaillimhe chun cúrsa ateangaireachta a chur ar bun, an t-aon ollscoil sa stát a chuireann a leithéid de chúrsa ar fáil. Tugadh le fios nach bhfuil aon duine le Gaeilge ag freastal ar an gcúrsa sin i mbliana agus dúradh gurb í an easpa iarrthóirí le Gaeilge ba chúis leis an nganntanas ateangairí.

Fág freagra ar 'Feisirí na hÉireann le troid ar son lánseirbhís Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís ann trí Ghaeilge,” a deireann Cynthia faoi stádas na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa. Cén locht atá ar an seirbhís mar atá sé? Nach bhfuil cead ag daoine labhairt i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa, mar a sheasann rudaí? An bhfuil Cynthia ag iarraidh go mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge leis an bhFraincis, leis an Gearmáinis, leis an Spáinnis? Má tá is dearg seafóid é sin, im thuairimse.

  • Muise

    Suimiúil nár luaigh Donncha Ó hÉallaithe sampla na dtíortha beaga agus na ‘dteangacha beaga’ e.g. an Mháltais, an Eastóinis, an Chróitis. Is dócha go síleann sé gur “deargsheafóid” é a iarraidh go mbeimis ar comhchéim leo siúd?

    AE ina mbeadh apartheid teanga atá ó Dhonncha, an ea? Stádas teanga mionlaithe a bheith againn san Eoraip, mar atá againn in Éirinn, an ea?

    Sáraíonn orm a dhéanamh amach cad é go díreach atá ó Dhonncha. Is fada é ag caitheamh anuas ar stádas na Gaeilge san AE. Ar mhiste leis éacht inchomparáide a lua a rinneadh in Éirinn – rud éigin a thabharfadh tógáil croí dúinn?

  • Bríd

    “dúradh gurb í an easpa iarrthóirí le Gaeilge ba chúis leis an nganntanas ateangairí”

    Nó b’fhéidir gurb iad táillí na gcúrsaí ateangaireachta is cúis leis an nganntanas ateangairí