Tá Ard-Rúnaí nua le ceapadh ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an folúntas don phost fógartha.
Tá post an Ard-Rúnaí ar an gceann is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís agus an té a cheapfar freagrach as bainistiú na Roinne agus a polasaithe a chur i bhfeidhm.
Tá deireadh le teacht ag deireadh na bliana le téarma Katherine Licken mar Ard-Rúnaí ar an Roinn. Ceapadh í sa phost ag tús 2017.
Tuarastal breis is €230,000 atá luaite leis an bpost, atá fógartha ar publicjobs.ie.
Cé go bhfuil an tArd-Rúnaí freagrach as polasaithe a chaomhnaíonn agus a chuireann an teanga chun cinn, dar leis an leabhrán eolais a foilsíodh in éineacht leis an bhfolúntas, ní gá go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí.
Sa chás nach mbeadh Gaeilge ag an Ard-Rúnaí nua, deirtear go gcaithfeadh sé nó sí líofacht a bhaint amach sa teanga “laistigh de thréimhse ama réasúnach”.
Tá Údarás na Gaeltachta, oifig an Choimisinéara Teanga agus TG4 i measc na n-eagraíochtaí a thagann faoi scáth na Roinne, chomh maith leis an bhForas Teanga.
Chomh maith leis na cúraimí a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tagann maoiniú TG4 agus RTÉ faoi chúram na Roinne, chomh maith le cúrsaí turasóireachta, spóirt, cultúir agus ealaíon.
Bheadh ar an Ard-Rúnaí comhairle a chur ar an Aire Catherine Martin agus ar na hAirí Stáit sa Roinn maidir le polasaithe.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig na Roinne i mBaile Átha Cliath. Breis is 400 duine atá fostaithe sa Roinn agus oifigí eile acu sna Forbacha, i nGaoth Dobhair agus i gCill Airne.
Tá go dtí Déardaoin, an 16 Samhain, ag iarrthóirí le cur isteach ar an bpost.
Siob
Féach ar an gcairt eagraíochta mar chuid den fhoirm iarratais a iarrtar ar iarrthóirí a líonadh amach. Beidh orthu an chéim/post atá acu ina gcuideachta reatha a chur isteach ar an leibhéal cuí den chairt eagraíochta. Ba cheart duit a bheith Elon Musk más duine san earnáil phríobháideach thú chun dul san iomaíocht le duine atá sinsearach san earnáil phoiblí ina bhfuil na mílte fo-cheannairí/bhainisteoirí ann!