Tá geallta ag an gComhairle Ealaíon go dtabharfaidh siad faoi níos mó poiblíochta agus aitheantais a fháil d’earnáil litríochta na Gaeilge.
Den chéad uair riamh, tá polasaí don litríocht Ghaeilge foilsithe ag an gComhairle agus é á mhaíomh gur cheart go mbeadh litríocht chomhaimseartha na Gaeilge “i bhfad níos feiceálaí, agus i bhfad níos lárnaí inár saol liteartha agus cultúrtha.”
Tá bearta éagsúla leagtha amach sa pholasaí nua – deiseanna a chruthú do scríbhneoirí cónaithe Gaeilge, tacú le bunú MA sa scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge ag an tríú leibhéal agus clár tacaíochta a fhorbairt dóibh siúd ar mian leo tabhairt faoi ghairm mar eagarthóirí agus foilsitheoirí liteartha Gaeilge.
Baineann cuid mhaith de na bearta atá sa pholasaí seo, a chuirfear i bhfeidhm as seo go 2025, le hardán níos fearr a thabhairt d’údair a gcuid saothar a chur chun cinn i measc an phobail.
Deir an Chomhairle go bhfuil “caighdeáin bharr feabhais agus nuálaíochta ealaíonta” ina saintréithe i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge ach go mbíonn iliomad dúshlán agus bac roimh scríbhneoirí na Gaeilge. Deirtear go bhfuil easpa suime na meán agus easpa feiceálachta i siopaí leabhar, i leabharlanna agus ag féilte litríochta ar chuid de na dúshláin sin.
“Tá ganntanas scríbhneoireacht chriticiúil faoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, a chuireann leis an mbraistint dofheictheachta i measc scríbhneoirí, agus ní chuireann sé barr feabhais liteartha chun cinn,” a deirtear sa pholasaí.
Chun dul i ngleic leis an bhfadhb, tá beartaithe ag an gComhairle Ealaíon Ciste Léirmheastóireachta a chruthú i gcomhpháirtíocht le dreamanna eile “chun cabhrú le coimisiúnú léirmheasanna agus alt ar shaothair Ghaeilge”. Deirtear gur sa gcéad ráithe de 2024 a chuirfear tús leis an mbeart áirithe seo.
Táthar ag iarraidh freisin clár maoinithe a bhunú chun tacú le cláir theilifíse, raidió agus podchraoltaí a leagann béim ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge.
Is in 2024 freisin atá sé i gceist feachtas thosú le haghaidh foilsitheoirí litríochta Gaeilge i leabharlanna agus i siopaí leabhar, feachtas a mbeidh mar sprioc aige níos mó airde a tharraingt ar a saothar.
Maidir le féilte litríochta, ghéill an Chomhairle gur minic go mbíonn “ról imeallach” ag scríbhneoireacht agus scríbhneoirí na Gaeilge i bhféilte, imeachtaí agus cláir liteartha.
“Is minic go dtarlaíonn sé seo de thoradh ar easpa acmhainní a bheith curtha ar fáil agus ar easpa eolais agus saineolais sa réimse, ach bíonn tionchar diúltach aige seo ar an bhfoirm ealaíne agus ar an tslí a dtéann lucht léitheoireachta/ éisteachta i ngleic léi,” a deirtear.
Mar réiteach ar an bhfadhb, tá an Chomhairle ag moladh clár a fhorbairt faoina mbeadh coimeádaí cónaitheach le Gaeilge ann le haghaidh féilte liteartha agus ionaid ionas go spreagfaí “clár samhlaíoch imeachtaí Gaeilge laistigh d’fhéilte agus d’ionaid ealaíon”.
Táthar freisin ag iarraidh acmhainn a fhorbairt le cur leis an tuiscint atá ag coimeádaithe, stiúrthóirí féilte agus bainisteoirí ionad ealaíon ar litríocht na Gaeilge.
Agus í ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais faoin straitéis níos luaithe i mbliana, dúirt Sarah Bannan, Ceann na Litríochta sa Chomhairle, go gcuirfí in iúl d’eagraíochtaí nach “rud roghnach” a bheadh i gcur chun cinn na Gaeilge agus gur chóir go bhféachfaí uirthi mar “dhlúthchuid” dá gcuid oibre.
Tá an Chomhairle ag moladh freisin taighde a choimisiúnú le hanailís a dhéanamh ar dhearcadh agus spéiseanna léitheoirí.
Deir an Chomhairle freisin go gcaithfidh siad féin obair a dhéanamh chun a gcaidreamh féin le scríbhneoirí Gaeilge a fheabhsú.
“De ghnáth is íseal é líon na n-iarratas ó scríbhneoirí Gaeilge ar dheiseanna ón gComhairle Ealaíon, agus meastar nach bhfuil sé ionadaíoch ar an líon scríbhneoirí litríochta a shaothraíonn i nGaeilge sa lá atá inniu ann,” a deirtear.
“Mar a luadh, tá an fhéidearthacht ann a bheith níos follasaí agus níos oiriúnaithe i gcur chuige na Comhairle maidir le tacú leis an réimse seo.”
Gabriel Rosenstock
Más mall is mithid.
Fear Feasa
I gcead don iriseoir a scríobh an t-alt seo, ní hé seo an chéad pholasaí den chineál seo ag an gComhairle Ealaíon. D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon Polasaí do Litríocht na Gaeilge thart ar lár na bliana 2006. Nach raibh an scéal ar an gcéad leathanach ag Foinse. Tharraing an polasaí sin achrann idir na heagraíochtaí éagsúla a dhéanann maoiniú ar litríocht na Gaeilge de bhrí go raibh cáineadh déanta ann ar a easnamhaí a bhí córas dáileacháin na leabhar, ÁIS srl., plus ça change…