Nuair a casadh beirt chomhaltaí de pháirtí polaitíochta ar scríbhneoir an cholúin seo le gairid níorbh fhada go rabhamar i mbun argóna.
Bhaineamar triúr sásamh as an gcomhrá, cé nach rabhamar ar aon tuairim. Nó, ba chirte a rá, bhaineamar sásamh as toisc nach rabhamar ar aon tuairim.
Faoi dheireadh, ba dhoimhne ár dtuiscint ar na fáthanna go raibh tuairimí éagsúla againn. B’fhearr ár dtuiscint freisin ar na hábhair faoinar aontaigh muid lena chéile. Thar aon rud eile, cé gur leasc liom a leithéid a rá rómhinic tar éis comhrá faoi chúrsaí polaitíochta, ba threise an cairdeas eadrainn.
Dhúisigh ár gcomhrá smaointe chomh maith ar na slite ina bhfuil saol na polaitíochta sa tír curtha as a ghnáthriocht le tamall. Feictear an t-athrú is soiléire ar an teilifís agus Teachtaí Dála scartha óna chéile le linn cruinnithe i dTeach Laighean nó sa Lárionad Náisiúnta Comhdhála, ach is doimhne ar go leor bealaí na hathruithe eile.
Tá cruinnithe náisiúnta agus áitiúla curtha ar ceal, níl aon trácht ar ardfheiseanna a reáchtáil, agus is ar Zoom a dhéantar cuid mhór d’obair na n-údarás áitiúil. Níl mórán clinicí á n-eagrú ag Teachtaí Dála toisc nach bhfuil a ngnáthionaid ar oscailt, nó toisc gur mian le mórán daoine caidreamh a sheachaint mura mbíonn géarghá leis.
Gan dabht is féidir sciar suntasach d’obair an pholaiteora a dhéanamh ar líne. Mar shampla, dúirt an bheirt sin a bhí ag caint liomsa gur ar ríomhphoist a chuireann go leor daoine gearáin nó fiosrúcháin chuig comhairleoirí áitiúla. Ach dúirt siad araon gur fearr labhairt go díreach le vótóirí.
Tá polaiteoirí ar fud an domhain ag teannadh le tréimhse ina gcuirfidh an víreas corónach brú nach bhfacthas riamh ar an bpobal a thogh iad, agus brú fosta ar an gcumarsáid idir ionadaithe tofa agus an toghlach a thogh iad. Is treise an brú atá ag bagairt ar airí agus ar lucht leanúna na bpáirtithe atá i mbun rialtais abhus mar gheall ar an éagsúlacht mhór idir meon mhuintir na tíre nuair a toghadh iad ar an 8 Feabhra agus meon na tíre anois.
B’fhéidir i bhfírinne gurb é an t-uaigneas chomh maith leis an easpa cumarsáide a dhéanfaidh an dochar is mó sna míonna atá romhainn. Léirigh suirbhé a rinne taighdeoirí ó Ollscoil Mhá Nuad agus ó Choláiste na Tríonóide i mí Aibreáin go raibh uaigneas ar 41% de na daoine a labhair leo.
Ní féidir tionchar an uaignis ar an tír faoi láthair a mheas go cruinn i bhfianaise an tsuirbhé sin, toisc go raibh an dianghlasáil i bhfeidhm ar fud an stáit i mí Aibreáin. Ach léirigh taighde a rinne grúpaí éagsúla ó shin go bhfuil an t-uaigneas, an scaradh sóisialta agus an ísle brí ag cur imní ar go leor daoine i gcónaí.
Ní le cúrsaí polaitíochta amháin a bhaineann na cúiseanna imní ar ndóigh, ach ní foláir cuimhneamh ar an bhféidearthacht go rachaidh an muintearas agus an chomhthuiscint i laghad, agus go mbainfear cuid den bheocht as an saol polaitiúil, beocht atá tábhachtach.
Is léir faoi láthair, i dTír Chonaill agus i mBaile Átha Cliath go háirithe, an baol a ghabhann leis an gceangal den uile chineál idir daoine a lagú.
De réir mar a théann bochtaineacht agus dífhostaíocht i dtreise agus i leithne, an mbeidh sé ar ár gcumas an chomhthuiscint a theastaíonn i ngach tír a chaomhnú?
Tagraíonn an tUachtarán Ó hUigínn go minic agus go stuama don seanfhocal “Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine” – seanfhocal a fhógraíonn bunriachtanas sóisialta agus polaitiúil.
Ní beag an dua a theastóidh le héirim an tseanfhocail sin a chur i bhfeidhm go dtiocfaidh deireadh le ré fhada an choróinvíris. Beidh gá le muintearas agus measarthacht as cuimse abhus chun cur cur i gcoinne aon iarrachtaí teacht i dtír ar an easaontas, fearacht Donald Trump sna Stáit.
Dá ghéire an brú a bhí ar pholaiteoirí na hÉireann go dtí seo, is géire a bheidh sé sula i bhfad.
Poraic o'hEipicín
Tá lucht an ghinmhillte ag obair gan stad gan staonadh.
Tá an diabhail gniomhach san Dáil agus teach na n-dúltaí.
Padireacha ata de dhit orainn.